Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Féachaint Amach Romhainn

Title
Féachaint Amach Romhainn
Author(s)
An Seabhac,
Pen Name
An Seabhac
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Féachaint Amach Romhainn.



Tá Seán Réamonn tar éis a rádh ná fuil ann ach áireamh míos agus seacht-
mhainí go mbeidh Riaghaltas Éireannach i nÉirinn. Tá Ascuit tar éis a rádh ná
léigfidh a Riaghaltas féin d'aoinne cosg a chur leo fá'n Riaghaltas Éireannach
san a chur ar bun. Ní mór gurbh fhéidir aon sgéal a bheith níos deimhnighe,
agus ní miste, is dócha, súil a bheith leis an rud a gheallaid an bheirt aca.
Fágaimís an sgéal mar sin.



An lá cuirfear an Riaghaltas Nua ar bun i nÉirinn beidh furmhór dár
gcúraimí féin ar ar ngualainn féin againn. Ní bheidh Seán Buidhe a thuille
mar Fhear Bodhar againn chun milleán gach aon ruda a chur air. Orainn féin a
bheidh an moladh nó an milleán.



Tá a lán againn á cheapadh go mbeidh gnó Chonnartha na Gaedhilge déanta
nuair a bheidh Riaghaltas Éireannach i nÉirinn mar go ndéanfaidh an Riaghaltas
san, adeirtear, cúram Stáit de'n Ghaedhilg. Ba thaithneamhach an sgéal é
sin dá mb'fhíor. Ar machtnamh dúinn go mion ar an sgéal, ámhthach, agus ar
gach rud ba riachtanach chun an chríoch thaithneamhach san a bheith ar ár gcuid oibre,
ní féidir linn a rádh, ós árd ná ós íseal, go bhfuil an ionntaoibh sin go láidir
againn.



Na daoine atá i mbun polaitidheachta Éireann anois is iad na daoine
céadna a bheidh i mbun riaghluighthe Éireann ar theacht Hóm Rúil. Táid siad-
san ag déanamh an díchill a tuigtear dóibh chun, mar adeirid, “Náisiún do
dhéanamh d'Éirinn arís,” Cuir i gcás go bhfaghaid siad an Hóm Rúil atáid
(agus sinn-ne chomh maith leo) a lorg, agus go mbeidh déanamh an Náisiúin ar
a lámhaibh agus ar a dtoil féin aca, an bhfuil aoinne dhíobh a thuigeann a bhfuil
d'adhbhar Náisiúin ar a dheis cheana aige i nÉirinn? Aoinne aca a thuigeann é,
an gcuireann an tuisgint sin aon dúthracht na chroidhe chun an t-adhbhar san a
bhailiú agus a mhéadú agus a chur mar bhonn fé'n Náisiún. Cá bhfuil an duine
aca ná beadh sásta le Náisiún a dhéanfaí as achtanna agus as dlighthe. An
bhfuil aoinne aca a raghadh chomh fada linn-ne agus adéarfadh nach Náisiún
Éire go bhfillidh sí ar a dúthchas Gaedhealach? Sé faid agus leithead na ceiste
— an bhfuil aoinne de'n lucht pholaitidheacht atá againn dáiríribh i dtaobh an
teagaisg seo atáimíd-ne a chraobhsgaoileadh, ná a dhéanfaidh aon dícheall uaidh
féin ar bhrighe an teagaisg sin a chur i bhfeidhm ar ball nuair a bheidh an
chomhacht ar a lámhaibh.



Níl aon fhear mór polaitidheachta i nÉirinn anois go mbeadh aon bhrón mór
air dá mbeadh an Ghaedhilg chomh marbh le hArt; agus is deimhin ná fuil aoinne
aca ann atá ceapaithe ar sgéal na Gaedhilge a ghlacadh chuige agus ceist
poiblighe a dhéanamh di agus troid pholaiticeach a dhéánamh ar a son. Tá dhá
chúis leis sin (1) Níor dhein cúis na Gaedhilge a lucht polaitidheachta féin fós;
agus (2) an lucht polaitidheachta atá cheana i nÉirinn, níl ionnta ach lucht
polaitidheachta i gcroidhe agus i dteagasg. Níl sprid na sean-Ghaedheal i
n-ao' chor ionnta. Bheadh Seán Réamonn nó Éamonn Cearson nó Seán Dilliún
nó Liam Ó Briain chomh coigcríochach indiu i nUibh Ráthach nó i Ros Muc le
hAscuit nó le Balfúr. Comhaireadh eolais atá aca ar a bhfuil d'adhbhar
Ghaedhealach Náisiúin fós i nÉirinn. An oiread céadna áthais agus díograis
a mhúsgluigheann sé i gcroidhe gach duine aca mar a gcéadna. Sin é ár
laige.



Ar an taoibh eile tugaid lucht polaitidheachta furmhór Éireann a ndeagh-
ghuidhe do'n teangain fé mar thugann furmhór muinntire Éireann. Ba mhaith
leo go raghadh sí ar aghaidh. Má iarrtar síntiús i gcóir Ciste an Teangan
ortha, tugaid uatha é do réir a bhféile nó a neimh-fhéile agus deirid “go
n-éirighidh libh” díreach mar a deir muinntir na tíre go léir. Sé an “go
n-éirighidh libh” sin an taca is treise atá ag an nGaedhilg anois chun tabhairt
fé'n saoghal nua so atá ag teacht. Is ana-láidir nó is ana-lag an chabhair í
sin, do réir mar bainfear feidhm aisti. Sé an t-imshníomh atá orainnn-ne ná
an ndéanfaidh an deagh-ghuidhe sin agus an aigne fé ndéara an deagh-ghuidhe -
an ndéanfaidh sé spreagadh go leór ar na daoine a bheidh i gceannas ar ball
chun gníomh a dhéanamh a chuirfidh an Ghaedhilg ó bhaoghal? An ndéanfaidh siad
uatha féin an gníomh san nó an gcaithfear troid leo chun a chur d'fhiachaibh ortha
é dhéanamh? An ndéanfaidh an Riaghaltas Nua cúram Stáit de'n Ghaedhilg nó
an dá n-aindheoin a chuirfidh siad comaoin uirthi?



Ní dhéanfaidh aon duine de'n lucht polaitidheachta atá anois ann cúram
Stáit ná aon chúram eile ar fóghnamh de'n Ghaedhilg — muna gcaithidh sé é
dhéanamh. Neamh-shuim fé ndéara dho san. Táid siad go léir beagnach deach-
ghuidhtheach go leór, ach níl feidhm fútha agus seachnóchaidh an sgéal muna
mbrúightear an sgéal ortha i dtreo ná féadfaidh dul tháirstí ná i leath-taoibh
uaithe.



Caithfear an sgéal a bhrúghadh ortha mar sin agus annsan déanfar sgéal
polaitidheachta de'n Ghaedhilg. Níl aon dul eile as an sgéal ach ceist phoiblighe
pholaitidheachta a dhéanamh de chúis na teangan sula fada. Caithfidh an Ghaedhilg
dul ar aghaidh ná bás d'fhagháil agus ní raghaidh sí ar aghaidh i gceart muna
gcuiridh Riaghaltas Éireannach mar chuspóir rómpa í d'aith-bheodhadh agus do
shaothrú. Ní fhéadfar san a dhéanamh gan troid pholaitidheachta, óir ní bheidh
an tír go léir ar a son. Beidh Cearson éigin i n-áit éigin, agus lucht
Cobhaininte n-a theannta, ag troid go madramhail righin ar son Sheáin Bhuidhe
i nÉirinn, agus b'fhéidir nach i gCúige Uladh amháin a bheidís sin. Níl aithne
ár gcarad ná ár námhad fós againn ná ní bheidh go dtiocaidh lá na troda.



Cad é an córú atá orainn-ne i gcóir an lae sin? Ba dhóigh le duine
orainn go bhfuilimíd chun fanacht ciúin agus ár n-ionntaoibh a chur as an lucht
polaitidheachta a bhéas ann fé Hóm Rúil, go ndéanfaidh siad-san, gan aon
“cur isteach” uainn-ne, an gnó atá le déanamh. Ba mhaith linn a chur na
luighe orainn féin go ndéanfaidís, nó fiú amháin, go dtuigid siad cad ba
cheart a dhéanamh, nó cad chuige gur cheart aon ní a dhéanamh. Ní ionntaoibh
gan amhras againn é — Sin é ár súil i láthair na huaire seo.



Agus má theipeann an lucht polaitidheachta orainn cionnus a bheidh an sgéal
annsan? An bhfuilimíd i seilbh chomh daingean san i dtoil agus i gcaradas
muinntire na hÉireann go bhféadfaimíd a chur d'fhiachaibh ar lucht polaitidheachta
ar dteagasg a ghlacadh chúca agus a chur i gcrích. Nílimid fós, b'fhéidir.



“An Seabhac.”

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services