Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Nós Éadaighe na Linne Seo
Title
Nós Éadaighe na Linne Seo
Author(s)
Ní Dhonnchadha, Cáit,
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Nós Éadaighe na Linne Seo. “Dá bhféadfadh Niamh nó Gormfhlaith teacht ar an saoghal arís agus féachain ar na mnáibh atá anois againn agus ar na siathógaibh móra leathana a bhíonn ar mhullach a gcinn aca agus ar na cleitibh a bhíonn sáithte ins na siathógaibh sin agus ar na ribíníbh a bhíonn asta. Agus dá bhfeic- feadh dubhlainn óg na fir atá againn na plaoiscíní beárrtha atá ortha agus ar an rud a i bhfuirm cana stáin, ácht é bheith dubh, atá thuas ar an gcloigeann aca agus ar an mbaic muinéil gan díon ó'n bhfuacht cad é an seibhthean a chuirfidís air.” Caint í sin adubhairt an tAthair Peadar agus é ag meabhrughadh roimis ag cur an scéil bhreagh úd lil Niamh, le chéile. Bhí sé ag tagairt do'n tsaoimh nós éadaigh atá fé réim ag muintir na hÉireann agus á chur i gcomh- meas leis an éadach a bhíodh dá chaitheamh ag ár sinsear. Bhí adhbhar cainte aige agus an- chuid de'n fhírinne san méid adubhairt. Is ait go léir an cor a ghabhann le nós éadaigh ban na haimsire mar le cuimne an duine is sine orainn ní dócha go bhfeacthas aon chulaith éadaigh ní na chrapaithe ná an hobble skirt agus mara mbíonn an déanamh ar fheabhas ar an gculaith nua áirithe úd ní móide go bhfaighfí culaith éadaigh ní ba dhéise- tinighe chun féachaint air. Tá sé aindeis le féachain agus aindeis le hiomchur. An cailín bocht a bhíonn istigh ann is geall le gabhar fé laindeis í. Ní gearánta do'n ghabhar mar ní dhá dheóin a cuirtear an ceangal air acht d'fhonn é chosc ar an mhioscais; ní hionann é agus an duine le hobble mar gur le corp galántachta, mar dh'eadh, a chuireann sí an cuibhreach so ar a cosaibh. Acht níl innsin sgéil ar a liacht cor a bheireann aindeiseóir a ghabhann le cleachtadh ha hiasachta. Leanann gach díth céille ar thóir a chéile go dtí go mbíonn deallramh an Ghaill ar fad ar gach donán againn a thagann fé smacht na hiasachta. Ceann des na rudaibh do b'fhiú do mhnáibh na hÉireann do ghabhail ar láimh: conus a thiocfadh leo crot Gaedhealach do thabhairt dár gcuid éadaigh. Ealadha go mbeadh slacht le dúthchas innti do chur i n-áirithe seacha na hórdáidí ilbhreacnaithe atá dá gcaitheamh fé láthair. Níl fonn ar éinne dul siar chun aithris a dhéanamh ar an nós Gaedhealach do chaith ár sean. Gabhann tréithe fé leith leis an nós úd agus d'oir sé go breagh do bhéasannaibh na linne úd. Acht sa tsaoghal nua atá anois ann agus an breis fuastar atá ar gach cineadh ann beidh sé ar againn an intleacht agus an tuiscint do thug Dia dhúinn do chur ag ceapadóireacht má's áil linn bheith suas is anuas le rioghachtaibh na cruinne. Is aithnid dom a lán ban Gaedhealach a gheabhadh réidhteach an nóis éadaigh seo ortha féin, agus do bheidís oilte a ndóthain ins na healadhantaibh chun a riaradh le stuaim. Ní bheidís chun deiridh sa gleo dá mbeadh nó Gaedhealach aca féin ar a gcuid éadaigh. “Ní healadha do'n duine dul ag smachtughadh a chomharsan an fhaid do bhíonn na fiadhaile ag fás ar tháirsigh a tighe féin,” deir siad. Nuair do tháinig an chaint seo na Gaedhilge chun baile dúinn do deineadh ana-ghrithealán ar násannaibh éadaigh acht ní fheicim go bhfuil an pobal ag dul i crúrmaighe puinn n-a dtaobh fós. Feiceam a mbéarfaidh an iarracht so dhúinn. Cáit Ní Dhonnchadha.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services