Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Nós Éadaighe na Linne Seo

Title
Nós Éadaighe na Linne Seo
Author(s)
Ní Dhonnchadha, Cáit,
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Nós Éadaighe na Linne Seo.



“Dá bhféadfadh Niamh nó Gormfhlaith teacht
ar an saoghal arís agus féachain ar na
mnáibh atá anois againn agus ar na
siathógaibh móra leathana a bhíonn ar mhullach
a gcinn aca agus ar na cleitibh a bhíonn
sáithte ins na siathógaibh sin agus ar na
ribíníbh a bhíonn asta. Agus dá bhfeic-
feadh dubhlainn óg na fir atá againn na
plaoiscíní beárrtha atá ortha agus ar an
rud a i bhfuirm cana stáin, ácht é bheith dubh,
atá thuas ar an gcloigeann aca agus ar an
mbaic muinéil gan díon ó'n bhfuacht cad é
an seibhthean a chuirfidís air.”



Caint í sin adubhairt an tAthair Peadar
agus é ag meabhrughadh roimis ag cur an
scéil bhreagh úd lil Niamh, le chéile. Bhí sé ag
tagairt do'n tsaoimh nós éadaigh atá fé réim
ag muintir na hÉireann agus á chur i gcomh-
meas leis an éadach a bhíodh dá chaitheamh ag
ár sinsear. Bhí adhbhar cainte aige agus an-
chuid de'n fhírinne san méid adubhairt.



Is ait go léir an cor a ghabhann le nós
éadaigh ban na haimsire mar le cuimne
an duine is sine orainn ní dócha go bhfeacthas
aon chulaith éadaigh ní na chrapaithe ná an
hobble skirt agus mara mbíonn an déanamh
ar fheabhas ar an gculaith nua áirithe úd ní
móide go bhfaighfí culaith éadaigh ní ba dhéise-
tinighe chun féachaint air. Tá sé aindeis le
féachain agus aindeis le hiomchur. An
cailín bocht a bhíonn istigh ann is geall le
gabhar fé laindeis í. Ní gearánta do'n
ghabhar mar ní dhá dheóin a cuirtear an
ceangal air acht d'fhonn é chosc ar an mhioscais;
ní hionann é agus an duine le hobble mar
gur le corp galántachta, mar dh'eadh, a
chuireann sí an cuibhreach so ar a cosaibh.
Acht níl innsin sgéil ar a liacht cor a
bheireann aindeiseóir a ghabhann le cleachtadh
ha hiasachta. Leanann gach díth céille ar
thóir a chéile go dtí go mbíonn deallramh
an Ghaill ar fad ar gach donán againn a
thagann fé smacht na hiasachta.



Ceann des na rudaibh do b'fhiú do mhnáibh
na hÉireann do ghabhail ar láimh: conus a
thiocfadh leo crot Gaedhealach do thabhairt
dár gcuid éadaigh. Ealadha go mbeadh
slacht le dúthchas innti do chur i n-áirithe
seacha na hórdáidí ilbhreacnaithe atá dá
gcaitheamh fé láthair. Níl fonn ar éinne dul
siar chun aithris a dhéanamh ar an nós
Gaedhealach do chaith ár sean. Gabhann
tréithe fé leith leis an nós úd agus d'oir sé
go breagh do bhéasannaibh na linne úd. Acht
sa tsaoghal nua atá anois ann agus an
breis fuastar atá ar gach cineadh ann beidh
sé ar againn an intleacht agus an tuiscint
do thug Dia dhúinn do chur ag ceapadóireacht
má's áil linn bheith suas is anuas le
rioghachtaibh na cruinne. Is aithnid dom a
lán ban Gaedhealach a gheabhadh réidhteach an nóis
éadaigh seo ortha féin, agus do bheidís oilte
a ndóthain ins na healadhantaibh chun a
riaradh le stuaim. Ní bheidís chun deiridh sa
gleo dá mbeadh nó Gaedhealach aca féin ar
a gcuid éadaigh. “Ní healadha do'n duine
dul ag smachtughadh a chomharsan an fhaid do
bhíonn na fiadhaile ag fás ar tháirsigh a tighe
féin,” deir siad. Nuair do tháinig an chaint
seo na Gaedhilge chun baile dúinn do
deineadh ana-ghrithealán ar násannaibh éadaigh
acht ní fheicim go bhfuil an pobal ag dul i
crúrmaighe puinn n-a dtaobh fós. Feiceam
a mbéarfaidh an iarracht so dhúinn.



Cáit Ní Dhonnchadha.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services