Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Éadaighe Ban
Title
Éadaighe Ban
Author(s)
Ní Dhonnchadha, Cáit,
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Éadaighe Ban. Tá an geimhreadh ag druideamhaint linn agus aimsir na scoruigheachta chugainn. Beidh ana-lurg ar ghúnaí Gaedhealacha ar ndóigh. Molaim déanamh an dá chulaith éadaigh thuas do lucht leanmhna an rinnce. Níl de dheifridheacht eatortha acht amháin an cuma na gcaithtear an brat. Ar an gcéad phictiúir is amhlaidh cuirtear ceangal ar an mbrat ar an ngualainn chlé agus annsoin leogtar dó tuitim le fánaidh ar bhfuinnibh. Tá cor ní ba dheise ar an tarna gúna agus is dóigh liom go bhfuil sé ar an gculaith is breaghtha do b'fheidir d'fhagháil. Do dhéanfadh ocht slata éadaigh an gúna go léir — cúig slata go leith le haghaidh an ghúna agus dhá shlait go leith le haghaidh an bhrait. Níor mhiste do mhnaoi mhóir cur leis an áireamh soin mar tugann fé ndeara ná ghabhann aon bhreis fairsinge le na lá de'n chadach atá ar an mhargadh an aimsir seo. Tá glaodhach fé leith ar éadach caille chun aithris a dhéanamh ar an bhfaision soin thuas. Oireann sé go háluinn do. B'fhuirist dár mbantracht na gúnaí úd a dhéanamh dóibh féin acht an gnó do mheabh- rughadh le tuiscint. Tá gannsnáith do gach uile dhath ar fagháil chun cír le hoireamhaint do thabhairt do'n ealeadhain is gnáthaighe a fheicsint fighte ann. Níor mhór claoidhe go haireach leis an gcórughadh fein ar eagla aon chruth aindeis dá bhreith mar ní deallrathaighe riamh rud d'imtheóchadh air ná a lot dá ngeobhadh gach éinne a cor féin do thabhairt do. Cáit Ní Dhonnchadha.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services