Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Éadaighe Ban

Title
Éadaighe Ban
Author(s)
Ní Dhonnchadha, Cáit,
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Éadaighe Ban.



Tá an geimhreadh ag druideamhaint linn
agus aimsir na scoruigheachta chugainn.
Beidh ana-lurg ar ghúnaí Gaedhealacha ar
ndóigh. Molaim déanamh an dá chulaith
éadaigh thuas do lucht leanmhna an rinnce.
Níl de dheifridheacht eatortha acht amháin an
cuma na gcaithtear an brat. Ar an gcéad
phictiúir is amhlaidh cuirtear ceangal ar
an mbrat ar an ngualainn chlé agus annsoin
leogtar dó tuitim le fánaidh ar bhfuinnibh.
Tá cor ní ba dheise ar an tarna gúna agus
is dóigh liom go bhfuil sé ar an gculaith is
breaghtha do b'fheidir d'fhagháil. Do dhéanfadh
ocht slata éadaigh an gúna go léir — cúig
slata go leith le haghaidh an ghúna agus dhá
shlait go leith le haghaidh an bhrait. Níor
mhiste do mhnaoi mhóir cur leis an áireamh
soin mar tugann fé ndeara ná ghabhann aon
bhreis fairsinge le na lá de'n chadach atá
ar an mhargadh an aimsir seo. Tá glaodhach
fé leith ar éadach caille chun aithris a
dhéanamh ar an bhfaision soin thuas. Oireann
sé go háluinn do.



B'fhuirist dár mbantracht na gúnaí úd
a dhéanamh dóibh féin acht an gnó do mheabh-
rughadh le tuiscint. Tá gannsnáith do gach
uile dhath ar fagháil chun cír le hoireamhaint
do thabhairt do'n ealeadhain is gnáthaighe a
fheicsint fighte ann. Níor mhór claoidhe go
haireach leis an gcórughadh fein ar eagla aon
chruth aindeis dá bhreith mar ní deallrathaighe
riamh rud d'imtheóchadh air ná a lot dá
ngeobhadh gach éinne a cor féin do thabhairt
do.



Cáit Ní Dhonnchadha.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services