Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Na Coláisdí Gaedhealacha, an Connradh agus an Bórd
Title
Na Coláisdí Gaedhealacha, an Connradh agus an Bórd
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Na Coláisdí Gaedhealacha, an Connradh agus an Bórd. Tá a lán daoine fá láthair ag meas go bhfuil na Coláisdí Gaedhealacha ag deanamh cuid mhóir d'obair an Chonnartha agus gurb iad is fearr chuige. Tá fá thuairim a ceathair déag aca súd ann agus iad fá lán-réim, meisneach aca agus airgead aca (rud nach bhfuil ag an Chonnradh), iad neamhspleadhach (dar leobhtha) do'n Bhórd Náisiúnta agus do'n Chonnradh, fonn oibre ortha agus tuairim mhaith aca asta féin. Níl aon cheangal aca leis an Chonnradh ach níl aon cheist achrannach eadar an Chonnradh agus iad. Maith an sgéal é má mhaireann, acht tá mé deanamh nach mairfidh. Scaoil an Connradh cead a gcinn leis na Coláisdíbh ó'n tús agus b'fhéidir nach raibh neart air. Níl aon smacht ag an Chonnradh ortha ach sé is eaglach liom-sa go mbéidh smacht aca-san ar an Chonnradh roimh a bhfad. Tá tuairim is leath de'n Choisde Gnótha a bhfuil baint aca le Coláisdíbh Gaedhealacha agus má eirigheann aon cheist eadar an Chonnradh agus na Coláisdíbh is lag a bheas an Connradh. Tá eirghe i n-áirde ins na Coláisdíbh céadna, i gcuid aca, agus is beag leobhtha an Connradh. Tá fonn ar chuid aca a mhéar do sháthadh isteach i n-obair an Chonnartha. Nuair cuireadh comhdháil ar bun ag Árd-Mhaor Bhaile Átha Cliath bhí an oiread teachtairí ag na Coláisdí Gaedhealacha ar an chomhdháil sin is bhí ag an Chonnradh ann. Agus tá coláisdí ann atá ag cabhrughadh le Coisdí Ceanntair agus Coláisdí eile atá ag cur i n-aghaidh Choisdí Ceanntair agus mar sin. Do réir mo thuairim-se, tá contabhairt éigin do'n Chonnradh agus do chúis na Gaedhilge má leigtear do na Coláisdí Gaedhealacha obair an Chonnartha do dhéanamh. Tá a gcuid oibre féin ag na Colaisdí le déanamh agus is leor dóbhtha í, 'sé sin Gaedhilg do mhúnadh do na macaibh léighinn agus leigint do chúrsaíbh na Gaedhilge thairis sin. Chá'n fhuil ionnta ach sgolta Gaedhilge agus bhéadh sé comh réasúnta ag na Sgoltaibh Náisiúnta dhá theangthacha chur isteach ar obair an Chonnartha. Maidir leis an Bhórd Náisiúnta measann siad go bhfuil siad neamh-spleadhach do'n Bhord ach níl. Tá smacht iomlán ag an Bhórd ortha uair ar bith is mian leis a chur i bh'fheidhm. Is é an Bórd a dhíolas an t-airgead leobhtha agus tig leis stad do'n díolaidheacht aon uair is mian leis. Tig leis gan glacadh leis na testimíní uair ar bith is mian leis. Tig leis glacadh le sgoltaibh nuadha uair ar bith is mian leis nó gan a nglacadh. Thiocfadh leis an Bhórd deireadh do chur le leath na gColáisdí Gaedhealacha i mbárach dá má mhian leobhtha é. Tuigeann na Colásidí é seo agus tuigeann an Bórd é. An neamh-spleadhacht ar a gcluinnimid trácht níl ann ach cur i gcéill. Tuigeann an Bórd agus na Coláisdí a chéile go maith. 'Tchímíd iad agus an muinteardhas atá eatortha agus iad ag obair as lámhaibh a chéile. Agus má tá na Coláisdí go macanta séimh leis an Bhórd tig leis an Bhórd pribhléidí luachmhara do bhronnadh ortha gur daoine neamh-mhacánta do chongbháil ó gabhail isteach ins an ghnó. Tá seo go maith agus nílim dhá mhaidheamh ar na Coláisdí a gheibh siad as an Bhóird mhalluighthe ach na leigtear crúb an Bhúird isteach i gConnradh na Gaedhilge mór nó beag. Ní deirim gur leigeadh go fóill amh agus ní deirim go bhfuil dochar ar bith deanta go nuige anois féin. Ach bímís aireach. Is sleamhain an dream an Bórd agus cuid mhór airgid aca. Tá an Connradh ann le hiad do bhriseadh agus do mheilt agus do streachailt as ar mbealach, agus féach ní hiad muinntear na gColáisdí Gaedhealach a dheanfas an obair. Bíodh na Connradhtheoirí i gcoitchionn ar a bhfaicheall. Déanam arís ar n-obair féin gan seasamh ar na Coláisdí Gaedhealacha ach oiread le dream sgol eile. 'Nois an t-am tráth nach bhfuil anachain deanta comhairle do ghlacadh gan faill do thabhairt do'n anachain. Cú Uladh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services