Na Coláisdí Gaedhealacha, an
Connradh agus an Bórd.
Tá a lán daoine fá láthair ag meas go
bhfuil na Coláisdí Gaedhealacha ag deanamh
cuid mhóir d'obair an Chonnartha agus gurb
iad is fearr chuige. Tá fá thuairim a ceathair
déag aca súd ann agus iad fá lán-réim,
meisneach aca agus airgead aca (rud nach
bhfuil ag an Chonnradh), iad neamhspleadhach
(dar leobhtha) do'n Bhórd Náisiúnta agus do'n
Chonnradh, fonn oibre ortha agus tuairim mhaith
aca asta féin. Níl aon cheangal aca leis
an Chonnradh ach níl aon cheist achrannach eadar
an Chonnradh agus iad. Maith an sgéal é má
mhaireann, acht tá mé deanamh nach mairfidh.
Scaoil an Connradh cead a gcinn leis na
Coláisdíbh ó'n tús agus b'fhéidir nach raibh neart
air. Níl aon smacht ag an Chonnradh ortha ach
sé is eaglach liom-sa go mbéidh smacht aca-san
ar an Chonnradh roimh a bhfad. Tá tuairim is
leath de'n Choisde Gnótha a bhfuil baint aca le
Coláisdíbh Gaedhealacha agus má eirigheann
aon cheist eadar an Chonnradh agus na
Coláisdíbh is lag a bheas an Connradh. Tá
eirghe i n-áirde ins na Coláisdíbh céadna, i
gcuid aca, agus is beag leobhtha an Connradh.
Tá fonn ar chuid aca a mhéar do sháthadh isteach
i n-obair an Chonnartha. Nuair cuireadh
comhdháil ar bun ag Árd-Mhaor Bhaile Átha
Cliath bhí an oiread teachtairí ag na Coláisdí
Gaedhealacha ar an chomhdháil sin is bhí ag an
Chonnradh ann. Agus tá coláisdí ann atá ag
cabhrughadh le Coisdí Ceanntair agus Coláisdí
eile atá ag cur i n-aghaidh Choisdí Ceanntair
agus mar sin.
Do réir mo thuairim-se, tá contabhairt
éigin do'n Chonnradh agus do chúis na Gaedhilge
má leigtear do na Coláisdí Gaedhealacha obair
an Chonnartha do dhéanamh. Tá a gcuid oibre
féin ag na Colaisdí le déanamh agus is leor
dóbhtha í, 'sé sin Gaedhilg do mhúnadh do na
macaibh léighinn agus leigint do chúrsaíbh na
Gaedhilge thairis sin. Chá'n fhuil ionnta ach
sgolta Gaedhilge agus bhéadh sé comh réasúnta
ag na Sgoltaibh Náisiúnta dhá theangthacha chur
isteach ar obair an Chonnartha. Maidir leis an
Bhórd Náisiúnta measann siad go bhfuil siad
neamh-spleadhach do'n Bhord ach níl. Tá smacht
iomlán ag an Bhórd ortha uair ar bith is mian
leis a chur i bh'fheidhm. Is é an Bórd a dhíolas
an t-airgead leobhtha agus tig leis stad do'n
díolaidheacht aon uair is mian leis. Tig
leis gan glacadh leis na testimíní uair ar
bith is mian leis. Tig leis glacadh le sgoltaibh
nuadha uair ar bith is mian leis nó gan a
nglacadh. Thiocfadh leis an Bhórd deireadh do
chur le leath na gColáisdí Gaedhealacha i
mbárach dá má mhian leobhtha é. Tuigeann na
Colásidí é seo agus tuigeann an Bórd é. An
neamh-spleadhacht ar a gcluinnimid trácht níl
ann ach cur i gcéill. Tuigeann an Bórd agus
na Coláisdí a chéile go maith. 'Tchímíd iad
agus an muinteardhas atá eatortha agus iad
ag obair as lámhaibh a chéile. Agus má tá na
Coláisdí go macanta séimh leis an Bhórd tig
leis an Bhórd pribhléidí luachmhara do
bhronnadh ortha gur daoine neamh-mhacánta do
chongbháil ó gabhail isteach ins an ghnó.
Tá seo go maith agus nílim dhá mhaidheamh
ar na Coláisdí a gheibh siad as an Bhóird
mhalluighthe ach na leigtear crúb an Bhúird
isteach i gConnradh na Gaedhilge mór nó beag.
Ní deirim gur leigeadh go fóill amh agus ní
deirim go bhfuil dochar ar bith deanta go
nuige anois féin. Ach bímís aireach. Is
sleamhain an dream an Bórd agus cuid mhór
airgid aca. Tá an Connradh ann le hiad do
bhriseadh agus do mheilt agus do streachailt
as ar mbealach, agus féach ní hiad muinntear
na gColáisdí Gaedhealach a dheanfas an obair.
Bíodh na Connradhtheoirí i gcoitchionn ar a
bhfaicheall. Déanam arís ar n-obair féin gan
seasamh ar na Coláisdí Gaedhealacha ach oiread
le dream sgol eile. 'Nois an t-am tráth nach
bhfuil anachain deanta comhairle do ghlacadh
gan faill do thabhairt do'n anachain.
Cú Uladh.