Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Treabh gan Talamh gan Tioghbhas
Title
Treabh gan Talamh gan Tioghbhas
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Treabh gan Talamh gan Tioghbhas. Is iomdha rud i dtaoibh saoghail lucht oibre na cathrach a bhéas ar eolas againn sul má cuirtar críoch leis an achrann atá ann fá láthair. Nuair a bhí Mac Uí Mhuchadha ag cainnt os comhair Cheannaidhthe na Cathrach dubhairt sé gur féidir leis an maighistir a thrí bhéile sa lá d'fhágháil i n-aindeoin lucht oibre, acht nárbh fhéidir leis an bhfear oibre é féin nó a chlann do chothughadh dá gcuirtí as obair é. Is láidre na maighistrí ná lucht oibre, ar seisean, agus dá bhrigh sin is féidir linn cumann na bhfear do bhriseadh. B'fhíor dó. Níl aon tslighe cothuighthe ag fear oibre na cathrach acht a pháidhe lae. Níl bó i mbuaile aige, ná caoirigh ar shliabh. Níl cruach mhónadh sa bportach aige ná cruach fhéir ná coirce san iothlainn. Níl fataí na meacna sa ngort aige. Ní fhásann fás an bith ina gharrdha mar nach bhfuil garrdha aige, ná fiú leitheid a dhá chos de thalamh na hÉireann. Moghsaine. Fear ar bith de'n tsórt sin bheirtí mógh air fadó i nÉirinn. Agus ní bréag mogh do thabhairt air an lá indiu, cé nach bhfuil moghsaine ann de réir an dlighe. Níl an chuid is measa de'n sgéal ráighte fós: Níl aon teach dá chuid féin ag fear oibre na cathrach. Is minic nach mbíonn seomra dá chuid féin aige. Tá fiche míle duine i mBaile Átha Cliath agus iad ina gcomhnaidhe i seomraibh agus gan acht aon tseomra amháin ag gach teaghlach aca. Gheobhfá fir agus mná agus páistí a chodluigheas agus a chomhnuigheas ar aon urlár ó cheann ceann na bliadhna. 'Déarfá gur beag Críostaigheacht nó béasaidheacht a bheith le fagháil imeasg daoine de'n tsórt soin. Bheadh dul amudha mór ort. Dá chruadhacht a saoghal agus dá chumainge a mbealach níl siad gan an mianach cóir bheith ionnta. An Brabach. Treabh iad atá báinuighthe. Tá siad gan talamh gan tioghbhas acht is mó chuile dhuine aca i láthair Dé. B'fhéidir ná fear maoine agus airgid. Cloisimid cainnt i dtaobh droch-bhéas lucht oibre acht is beag seans a fhághans aon bhéas acht an droch-bhéas ins áit chomhnuidhe ata ag lucht oibre Bhaile Átha Cliath. Ní smaoinigheann na maighistrí go minic ar aon rud acht ar an mbrabach a bhéas aca i deire na bliadhna. Agus is iomdha chaoi a bhfághann siad brabach. Fághann siad brabach as oibreacha agus ar siopaí, mar is dleaghach, agus tá cíos agus árdchíos ag teacht chuca as na seomraibh is na sean-tighthibh ina gcomhnuigh- eann lucht oibre. Ní fheilfeadh sé dóibh tighthe beaga sláinteamhla do thógáil do lucht oibre agus iad a thabhairt dóibh ar bheagán cíosa. Dá ndéantaoi a leithéid sin mhillfeadh sé fá'n bhfághaltas atá aca féin agus d'fhágfadh sé na tighthe falamh aca. An Ghrian agus an Deatach. Tá grian agus gaoth ar an dream shaidhbhir ina dtighthibh móra agus ina ngarrdhannta deasa ag bun na sléibhte nó cois na fairrge acht an dream a níons an obair dóibh agus a dhíolans cíos leobhtha comhnuigheann siad i n-áit nach bhfuil grian ná teas, acht salachar na sráideann agus deatach na simléar. Tá croidhe an dream shaidhbhir sáidhte san airgead agus 'na chaitheamh. Níl aon am ag lucht oibre acht le greim d'fhagháil dóibh féin. Má tá cuid aca tugtha do'n ól, cé 'n t-iongnadh é? Má tá eitinn agus galraí eile ag gabhail dóibh, cé'n neart atá aca air? Ma tá siad ar fad faobhrach i n-aghaidh lucht maoine, nach treabh gan talamh gan oidhreacht iad féin? Droch-aimhreas. Tá mórán comhairleoirí ag lucht oibre fá láthair agus droch-aimhreas ag lucht oibre ortha. B'fhearr do na fearaibh éisteacht le cuid de'n chomhairle. B'fhearr doibh gan a muinghin do chur ins na cumannaibh thar lear. Baineann an tír seo le Sasanaibh de réir dlighe acht ní bhaineann sí léi do réir dúthchais agus náisiúntachta. Comhairle Phádraic Mhic Coluim. Ní shásóchaidh aon rud na maighistrí acht cumann na bhfear do bhriseadh. Bhí litir ó Phádraig Mac Coluim sa bpáipéar Dia Sathairn a rádh gur mío-thuigsionach an mian é sin do na maighistríbh. Ní féidir an cumann do bhriseadh, adeir Pádraic, gan misneach agus spiorad na bhfear do bhriseadh san am chéadna. Níl aon mhaith a leithéid sin dhéanamh acht dochar. Réidhteach atá ó'n dá thaoibh agus is feidir réidhteach do dhéanamh gan troid go bun. An Imirce. D'fhág suas le 30,000 duine an tír seo ó thosach na bliadhna. Daoine óga láidre a b'eadh a bhfurmhór. Thugadar aghaidh siar thar lear. Is ar chathrachaibh an Oileáin Úir a bhí a dtriall. Ní féidir cathrach nua Mheireacá do chur i gcomóras le Baile Átha Cliath, acht níl gach rud ar a dtoil fein ag lucht oibre thall. Is treabh gan talamh iad-san chomh maith leis an treabh seo 'gainne sa mbaile. Níl cineadh suas anois a throid ar son a gcuid talmhan mar do throid na Gaedhil. Agus níl aon chine is luath a thréigeans an talamh ná iad. Tá suaimhneas agus sláinte le fagháil ag an fheilméir beag agus bíonn faghaltas maith dó má bhíonn sé baileach duthrachtach cliste. An t-ógánach a théidheans thar lear gan ceird ná mórán foghlumtha aige caithfidh sé beathughadh a shaothrughadh le obair a lámh agus le allus a chnámh. Ní bhíonn sos aige ó'n gcruaidh-obair. Má bhíonn páidhe maith dó bíonn luach árd ar gach aon rud. Tá muintir na tuaithe i lár a leasa agus níl fhios aca é; tá muintir na cathrach i lár a n-aimhleasa agus ní heol dóibh an bealach amach as.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services