Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Treabh gan Talamh gan Tioghbhas

Title
Treabh gan Talamh gan Tioghbhas
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Treabh gan Talamh gan Tioghbhas.



Is iomdha rud i dtaoibh saoghail lucht oibre na
cathrach a bhéas ar eolas againn sul má cuirtar
críoch leis an achrann atá ann fá láthair. Nuair
a bhí Mac Uí Mhuchadha ag cainnt os comhair
Cheannaidhthe na Cathrach dubhairt sé gur féidir
leis an maighistir a thrí bhéile sa lá d'fhágháil i
n-aindeoin lucht oibre, acht nárbh fhéidir leis
an bhfear oibre é féin nó a chlann do chothughadh
dá gcuirtí as obair é. Is láidre na maighistrí
ná lucht oibre, ar seisean, agus dá bhrigh sin is
féidir linn cumann na bhfear do bhriseadh.
B'fhíor dó. Níl aon tslighe cothuighthe ag fear
oibre na cathrach acht a pháidhe lae. Níl bó i
mbuaile aige, ná caoirigh ar shliabh. Níl cruach
mhónadh sa bportach aige ná cruach fhéir ná coirce
san iothlainn. Níl fataí na meacna sa ngort
aige. Ní fhásann fás an bith ina gharrdha mar nach
bhfuil garrdha aige, ná fiú leitheid a dhá chos de
thalamh na hÉireann.



Moghsaine.



Fear ar bith de'n tsórt sin bheirtí mógh air
fadó i nÉirinn. Agus ní bréag mogh do thabhairt
air an lá indiu, cé nach bhfuil moghsaine ann de
réir an dlighe. Níl an chuid is measa de'n sgéal
ráighte fós: Níl aon teach dá chuid féin ag fear
oibre na cathrach. Is minic nach mbíonn seomra
dá chuid féin aige. Tá fiche míle duine i mBaile
Átha Cliath agus iad ina gcomhnaidhe i seomraibh
agus gan acht aon tseomra amháin ag gach
teaghlach aca. Gheobhfá fir agus mná agus páistí
a chodluigheas agus a chomhnuigheas ar aon urlár
ó cheann ceann na bliadhna. 'Déarfá gur beag
Críostaigheacht nó béasaidheacht a bheith le fagháil
imeasg daoine de'n tsórt soin. Bheadh dul
amudha mór ort. Dá chruadhacht a saoghal agus
dá chumainge a mbealach níl siad gan an mianach
cóir bheith ionnta.



An Brabach.



Treabh iad atá báinuighthe. Tá siad gan talamh
gan tioghbhas acht is mó chuile dhuine aca i láthair
Dé. B'fhéidir ná fear maoine agus airgid.
Cloisimid cainnt i dtaobh droch-bhéas lucht oibre
acht is beag seans a fhághans aon bhéas acht an
droch-bhéas ins áit chomhnuidhe ata ag lucht oibre
Bhaile Átha Cliath. Ní smaoinigheann na maighistrí
go minic ar aon rud acht ar an mbrabach a bhéas
aca i deire na bliadhna. Agus is iomdha chaoi
a bhfághann siad brabach. Fághann siad brabach
as oibreacha agus ar siopaí, mar is dleaghach,
agus tá cíos agus árdchíos ag teacht chuca as
na seomraibh is na sean-tighthibh ina gcomhnuigh-
eann lucht oibre. Ní fheilfeadh sé dóibh tighthe
beaga sláinteamhla do thógáil do lucht oibre
agus iad a thabhairt dóibh ar bheagán cíosa. Dá
ndéantaoi a leithéid sin mhillfeadh sé fá'n
bhfághaltas atá aca féin agus d'fhágfadh sé na
tighthe falamh aca.



An Ghrian agus an Deatach.



Tá grian agus gaoth ar an dream shaidhbhir
ina dtighthibh móra agus ina ngarrdhannta deasa
ag bun na sléibhte nó cois na fairrge acht an
dream a níons an obair dóibh agus a dhíolans
cíos leobhtha comhnuigheann siad i n-áit nach bhfuil
grian ná teas, acht salachar na sráideann agus
deatach na simléar. Tá croidhe an dream shaidhbhir
sáidhte san airgead agus 'na chaitheamh. Níl
aon am ag lucht oibre acht le greim d'fhagháil
dóibh féin. Má tá cuid aca tugtha do'n ól, cé 'n
t-iongnadh é? Má tá eitinn agus galraí eile ag
gabhail dóibh, cé'n neart atá aca air? Ma tá
siad ar fad faobhrach i n-aghaidh lucht maoine,
nach treabh gan talamh gan oidhreacht iad féin?



Droch-aimhreas.



Tá mórán comhairleoirí ag lucht oibre fá
láthair agus droch-aimhreas ag lucht oibre ortha.
B'fhearr do na fearaibh éisteacht le cuid de'n
chomhairle. B'fhearr doibh gan a muinghin do chur
ins na cumannaibh thar lear. Baineann an tír
seo le Sasanaibh de réir dlighe acht ní bhaineann
sí léi do réir dúthchais agus náisiúntachta.



Comhairle Phádraic Mhic Coluim.



Ní shásóchaidh aon rud na maighistrí acht cumann
na bhfear do bhriseadh. Bhí litir ó Phádraig Mac
Coluim sa bpáipéar Dia Sathairn a rádh gur
mío-thuigsionach an mian é sin do na maighistríbh.
Ní féidir an cumann do bhriseadh, adeir Pádraic,
gan misneach agus spiorad na bhfear do bhriseadh
san am chéadna. Níl aon mhaith a leithéid sin
dhéanamh acht dochar. Réidhteach atá ó'n dá thaoibh
agus is feidir réidhteach do dhéanamh gan troid
go bun.



An Imirce.



D'fhág suas le 30,000 duine an tír seo ó thosach na
bliadhna. Daoine óga láidre a b'eadh a
bhfurmhór. Thugadar aghaidh siar thar lear. Is
ar chathrachaibh an Oileáin Úir a bhí a dtriall. Ní
féidir cathrach nua Mheireacá do chur i
gcomóras le Baile Átha Cliath, acht níl gach rud
ar a dtoil fein ag lucht oibre thall. Is treabh
gan talamh iad-san chomh maith leis an treabh
seo 'gainne sa mbaile. Níl cineadh suas anois
a throid ar son a gcuid talmhan mar do throid
na Gaedhil. Agus níl aon chine is luath a thréigeans
an talamh ná iad. Tá suaimhneas agus sláinte le
fagháil ag an fheilméir beag agus bíonn faghaltas
maith dó má bhíonn sé baileach duthrachtach cliste.
An t-ógánach a théidheans thar lear gan ceird
ná mórán foghlumtha aige caithfidh sé beathughadh
a shaothrughadh le obair a lámh agus le allus a
chnámh. Ní bhíonn sos aige ó'n gcruaidh-obair.
Má bhíonn páidhe maith dó bíonn luach árd ar gach
aon rud. Tá muintir na tuaithe i lár a leasa
agus níl fhios aca é; tá muintir na cathrach i
lár a n-aimhleasa agus ní heol dóibh an bealach
amach as.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services