Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúis na bhfear oibre
Title
Cúis na bhfear oibre
Author(s)
L. P. Ó R.,
Pen Name
L. P. Ó R.
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúis na bhFear Oibre. Tá “éirithe amach” imeasg na bhfear oibe i mBaile Átha Cliath agus i n-áiteacha eile i nÉirinn, agus tá sé ag déanamh buaidheartha do Ghaedhilgeoirí áirithe. Samhluightear dóibh-san nach bhfuil na fir oibre dílis do “spiorad na nÉireann” agus spiorad náisiúntachta: gur chóir dóibh bheith ciúin, foighdeach nó go mbéidh ár riaghaltas féin againn; go bhfuilid meallta le “cumannuidhthe Shasana” agus smaointe Shasana. Saoilim féin go bhfuil na Gaedhil- geoirí úd ag dul amugha go mór. Tá an sgéal céadna — nó sgéal i bhfad níos láidre — le hinnsint fá n-a lán tíortha seachas Éire agus Sasana. Chídhim go leor páipéir ón mhór-thír gach lá — “L'Humanite,” “La Bataille Syndicaliste,” &rl., &rl., — agus baineann siad le troid na n-oibrightheoir ó thús deire nach mór. Is beag tír san Euróip nach bhfuil troid de'n tsaghas sin ar siubhal inte. Tá sí ar siubhal go dian i nAimeiriocá mar an gcéadna, agus san Aifiric Theas, agus annso agus annsúd i nÁsia féin. Do reir deallraimh is ag dul i dtreise a bhéas sí ins na laetheannta atá rómhainn. Tuigeann na fir oibre nach bhfuilid ag fágháil a gcirt; tá eolas ar a gcúmhacht ag a lán aca i mórán tíortha anois, agus cuirid rómpa aondacht agus cumann il-tíoramhail (une confederation internationale) a bheith eatortha. Tá na mílte díobh agus nílid sásta leis an rud ar a dtugtar náisiúntacht. Deireann siad go mbíonn a lán ráiméise dá rádh agus a lán tíoránachta dá déanamh i n-ainm náisiúntachta; go mbíonn saoghal cruaidh aca féin i ngach uile thír agus sógh agus saidhbhreas ag na “maighistrí.” Táid cinnte gur mithid dóibh athrú do dhéanamh. Ní dóigh liom go mbeidís i n-aghaidh fíor- náisiúntachta dhá mbéadh a leithéid le fágháil. Acht cá bhfuil sí? Ar shlighidh tá fíor-náisiúntacht cosmhail le fíor-chríostaigheacht. Budh mhór í dá mbéadh sí dá cleachtadh. Is cuid de'n domhan oidheamach í agus do theip orainn fós a thabhairt chun cinn. Bhéadh fíor-náisiún socmhail le teaglach mór bhreagh daonna. Bhéadh cóimh-oibriú, cáirdeachas, carthannacht, síbhialtacht ann ar fad. Ní bheadh mór-shaidhbhreas annso agus mór-dhaibhreas ann- súd, daoine fóghlumtha i n-áiteacha agus sglábhuidhthe aineolacha i n-áiteacha eile; comhlucht oibre agus cómhpháirtidhe a bheádh i ngach uile áit. Déarfaidh tú nach féidir linn náisiún de'n tsaghas sin do chur ar bun go dtí go mbeidh ár riaghaltas féin againn. Deirim-se go mbfhéidir é acht an spiorad ceart a bheith ionainn. Deirim fós go raibh a lán de'n spiorad sin ag na Gaedheala fad ó agus go rabhadar dá chur chun críche ar feadh aoiseann. Anois, fairíor, ceapann na Gaedhil féin nó a bhfurmhór, go bhfuil gábhadh le sglábhuidhthe agus lucht daibhris ó aois go haois. Tuigeann na fir oibre go gceapann na Gaedhil amhlaidh agus de bhrigh sin níl mórán aca go láidir ar thaobh na nGaedheal agus cúise na Gaedhilge. Is ar na Gaedheala atá an locht. 'Sé an donas nach bhfuil na Gaedhil Gadhealach go leor — 'na bhfeall- samhnacht agus 'na ngíomhartha. Ní fiú trácht ar an “náisiúntacht” nach mbíonn i n-aghaidh an bhochtainis, an daibhris, agus an aineolais. Tá siad-san cómh holc i gcás náisiúin agus tá peacamhlacht agus breoiteacht i gcás daoine. Cia an fáth go bhfuilid ann? De bhrígh go bhfuil daoine airithe go sanntach, neamh-chóir; do bhrígh nach bhfuil go leor leor de thalamh na hÉireann faoi shaothar; de bhrígh nach mbíonn oideachas ceart — oideachas céirde cómh maith le oideachas liteardha — le fághail go fairsing; &rl., &rl. An mbéidh leigheas ar an droch-stáid nuair a bhéas ár riaghaltas féin againn? Is dócha go mbéidh, ar dhlighthe; acht béidh daoine áirithe cómh sanntach annsin agus atáid anois, agus daoine eile chómh mío-thuigeanach. Tá athrú spioraid ag teasdáil uainn chómh maith le athrú riaghaltais. Ní foláir dúinn tuigsin nach féidir fíor-náisiún a bheith againn nó go mbéidh daibhreas agus aineolas díbirte. Caithfidh maoin go leor (idir soghalta agus intleachtach) a bheith ag an uile dhuine. Nuair a bhéas an dúthchas riartha i gceart béidh a lán saor agus ceárdaidheacht cliste againn arís, iad faoi mheas agus onóir, agus cómh cúmhachtach le lucht na talmhan. Beidh deire le sglábhuidhthe ó cheann ceann na tíre. Is millteach an rud daibhreas, is damanta an rud sglábhuidheacht. Teasbánann siad go bhfuil an náisiún breoite, mí-chialldha, sanntach, neamh-chráibhtheach. Mar a dubhairt Lamennais i leabhar clúmhar: “Ce n'est pas que la pauvreteé vienne de Dieu, mais elle est une suite de la corruption et des mauvaise convoitises des hommes.” Nuair a bhéas na hoibhightheoirí de gach uile chinéal (intleachtach agus ceárdamhail) aon- tuigthe go dlúith i mbuidhne móra — múinteoirí go léir, na hiasgairí, na treabhadóirí, na saoir cloiche, &rl., &rl. — béidh ceart le fághail aca gan duadh, gan trioblóid. Ní féidir dul ar aghaidh gan iad. Ní fhaghann siad a gceart anois do bhrigh nach bhfuilid aontuighthe (i mbaile ná i gcéin) agus go mbíonn comórtas eatortha. Tá siad ag fághail amach cá bhfuil an locht agus an lag-bhrígh. Béidh cómh aontuighthe agus cómh láidir leis na sagartaibh, na dochtúiridhe, agus na dligheadóiridhe i n-am 's i dtráth. Annsin béidh deire le daibhreas. Ní bhéidh imnidhe ar oibrightheoirí mar gheall ar bhiadh agus deoch. Béidh saoghal sona aca, agus beidh i n-ann a meanma agus a n-intleacht do shaothrú. Béidh uain aca i gcóir ealadhan agus smaointe agus litridheachta. Béidh fíor-shibhialtacht le fághail. Teasbánfar na cúmhachta is doimhne de'n chine daonna. Budh cheart do Ghaedheala smaoineadh go dian, doimhin ar na ceisteanna so go léir. Tuigfidh siad sa deire go seasann cúis na Gaedhilge agus cúis na síbhialtachta ar chúis na n-oibrigh- theoir — ha hoibritheoirí intleachta agus na hoibrightheoirí céirde. L.P.Ó R.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services