Cúis na bhFear Oibre.
Tá “éirithe amach” imeasg na bhfear oibe
i mBaile Átha Cliath agus i n-áiteacha eile i
nÉirinn, agus tá sé ag déanamh buaidheartha do
Ghaedhilgeoirí áirithe. Samhluightear dóibh-san
nach bhfuil na fir oibre dílis do “spiorad na
nÉireann” agus spiorad náisiúntachta: gur
chóir dóibh bheith ciúin, foighdeach nó go mbéidh
ár riaghaltas féin againn; go bhfuilid meallta
le “cumannuidhthe Shasana” agus smaointe
Shasana. Saoilim féin go bhfuil na Gaedhil-
geoirí úd ag dul amugha go mór.
Tá an sgéal céadna — nó sgéal i bhfad níos
láidre — le hinnsint fá n-a lán tíortha seachas
Éire agus Sasana. Chídhim go leor páipéir ón
mhór-thír gach lá — “L'Humanite,” “La Bataille
Syndicaliste,” &rl., &rl., — agus baineann siad
le troid na n-oibrightheoir ó thús deire nach
mór. Is beag tír san Euróip nach bhfuil troid
de'n tsaghas sin ar siubhal inte. Tá sí ar siubhal
go dian i nAimeiriocá mar an gcéadna, agus
san Aifiric Theas, agus annso agus annsúd i
nÁsia féin.
Do reir deallraimh is ag dul i dtreise a
bhéas sí ins na laetheannta atá rómhainn. Tuigeann
na fir oibre nach bhfuilid ag fágháil a gcirt; tá
eolas ar a gcúmhacht ag a lán aca i mórán tíortha
anois, agus cuirid rómpa aondacht agus cumann
il-tíoramhail (une confederation internationale)
a bheith eatortha. Tá na mílte díobh agus nílid
sásta leis an rud ar a dtugtar náisiúntacht.
Deireann siad go mbíonn a lán ráiméise dá
rádh agus a lán tíoránachta dá déanamh i n-ainm
náisiúntachta; go mbíonn saoghal cruaidh aca
féin i ngach uile thír agus sógh agus saidhbhreas
ag na “maighistrí.” Táid cinnte gur mithid
dóibh athrú do dhéanamh.
Ní dóigh liom go mbeidís i n-aghaidh fíor-
náisiúntachta dhá mbéadh a leithéid le fágháil.
Acht cá bhfuil sí? Ar shlighidh tá fíor-náisiúntacht
cosmhail le fíor-chríostaigheacht. Budh mhór
í dá mbéadh sí dá cleachtadh. Is cuid de'n
domhan oidheamach í agus do theip orainn fós
a thabhairt chun cinn.
Bhéadh fíor-náisiún socmhail le teaglach mór
bhreagh daonna. Bhéadh cóimh-oibriú, cáirdeachas,
carthannacht, síbhialtacht ann ar fad. Ní bheadh
mór-shaidhbhreas annso agus mór-dhaibhreas ann-
súd, daoine fóghlumtha i n-áiteacha agus
sglábhuidhthe aineolacha i n-áiteacha eile; comhlucht
oibre agus cómhpháirtidhe a bheádh i ngach uile
áit. Déarfaidh tú nach féidir linn náisiún
de'n tsaghas sin do chur ar bun go dtí go mbeidh
ár riaghaltas féin againn. Deirim-se go
mbfhéidir é acht an spiorad ceart a bheith ionainn.
Deirim fós go raibh a lán de'n spiorad sin
ag na Gaedheala fad ó agus go rabhadar dá chur
chun críche ar feadh aoiseann. Anois, fairíor,
ceapann na Gaedhil féin nó a bhfurmhór, go
bhfuil gábhadh le sglábhuidhthe agus lucht daibhris
ó aois go haois. Tuigeann na fir oibre go
gceapann na Gaedhil amhlaidh agus de bhrigh sin
níl mórán aca go láidir ar thaobh na nGaedheal
agus cúise na Gaedhilge. Is ar na Gaedheala
atá an locht. 'Sé an donas nach bhfuil na
Gaedhil Gadhealach go leor — 'na bhfeall-
samhnacht agus 'na ngíomhartha.
Ní fiú trácht ar an “náisiúntacht” nach
mbíonn i n-aghaidh an bhochtainis, an daibhris, agus
an aineolais. Tá siad-san cómh holc i gcás
náisiúin agus tá peacamhlacht agus breoiteacht
i gcás daoine. Cia an fáth go bhfuilid ann?
De bhrígh go bhfuil daoine airithe go sanntach,
neamh-chóir; do bhrígh nach bhfuil go leor leor de
thalamh na hÉireann faoi shaothar; de bhrígh nach
mbíonn oideachas ceart — oideachas céirde cómh
maith le oideachas liteardha — le fághail go
fairsing; &rl., &rl. An mbéidh leigheas ar an
droch-stáid nuair a bhéas ár riaghaltas féin
againn? Is dócha go mbéidh, ar dhlighthe; acht béidh
daoine áirithe cómh sanntach annsin agus atáid
anois, agus daoine eile chómh mío-thuigeanach.
Tá athrú spioraid ag teasdáil uainn chómh maith
le athrú riaghaltais. Ní foláir dúinn tuigsin nach
féidir fíor-náisiún a bheith againn nó go mbéidh
daibhreas agus aineolas díbirte. Caithfidh
maoin go leor (idir soghalta agus intleachtach)
a bheith ag an uile dhuine. Nuair a bhéas an
dúthchas riartha i gceart béidh a lán saor agus
ceárdaidheacht cliste againn arís, iad faoi mheas agus
onóir, agus cómh cúmhachtach le lucht na talmhan.
Beidh deire le sglábhuidhthe ó cheann ceann na
tíre. Is millteach an rud daibhreas, is damanta
an rud sglábhuidheacht. Teasbánann siad go
bhfuil an náisiún breoite, mí-chialldha, sanntach,
neamh-chráibhtheach. Mar a dubhairt Lamennais i
leabhar clúmhar: “Ce n'est pas que la pauvreteé
vienne de Dieu, mais elle est une suite de la
corruption et des mauvaise convoitises des
hommes.”
Nuair a bhéas na hoibhightheoirí de gach uile
chinéal (intleachtach agus ceárdamhail) aon-
tuigthe go dlúith i mbuidhne móra — múinteoirí
go léir, na hiasgairí, na treabhadóirí, na
saoir cloiche, &rl., &rl. — béidh ceart le fághail
aca gan duadh, gan trioblóid. Ní féidir
dul ar aghaidh gan iad. Ní fhaghann siad a gceart
anois do bhrigh nach bhfuilid aontuighthe (i mbaile
ná i gcéin) agus go mbíonn comórtas eatortha.
Tá siad ag fághail amach cá bhfuil an locht agus
an lag-bhrígh. Béidh cómh aontuighthe agus cómh
láidir leis na sagartaibh, na dochtúiridhe, agus
na dligheadóiridhe i n-am 's i dtráth. Annsin
béidh deire le daibhreas. Ní bhéidh imnidhe ar
oibrightheoirí mar gheall ar bhiadh agus deoch.
Béidh saoghal sona aca, agus beidh i n-ann a
meanma agus a n-intleacht do shaothrú. Béidh
uain aca i gcóir ealadhan agus smaointe agus
litridheachta. Béidh fíor-shibhialtacht le fághail.
Teasbánfar na cúmhachta is doimhne de'n chine
daonna.
Budh cheart do Ghaedheala smaoineadh go dian,
doimhin ar na ceisteanna so go léir. Tuigfidh
siad sa deire go seasann cúis na Gaedhilge
agus cúis na síbhialtachta ar chúis na n-oibrigh-
theoir — ha hoibritheoirí intleachta agus na
hoibrightheoirí céirde.
L.P.Ó R.