Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaí an tSaoghail. Muintir na nOileán
Title
Cúrsaí an tSaoghail. Muintir na nOileán
Author(s)
Ó Máille, Pádraig,
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaí an tSaoghail Muintir na nOileán. Maidin Dia hAoine bhog mé liom siar agus mo dhearbhráthair, Tomás Ó Máille, agus fear nuaidheachta, i n-éinidh liom. Bhí eolas maith agam féin ar an gceanntar, agus séard a chuir mé romham labhairt le daoine ceannasach na háite i gceann a dhul 'un cainnte le muinntir na n-oileán iad féin. Seo thíos ainmneacha cuid de na daoine ceanna- sacha a raibh seanachus againn leo:— An tAthair Ó hÉilidhe, S.P. na Ceathramhan Ruaidhe, agus an Ghorumna, agus Leitir Mealláin, Pádraig Ó Neachtain, Srútháin, an Cheathramh Ruadh (a chaith tamall fad ar Chomhairle Cheann- tair Uachtair Áird); Micheál Ó Catháin, Comhair- leoir Ceantair, an Cheathrú Ruadh; Nioclás Ó Conchubhair, Giúistís, agus Comhairleóir Ceanntair, Leitir Mór,; Pádhraig Ó Conaire, Giúistís, agus Comhairleóir Chonndaethae, an Gaeirbheannach; Riocaird Ó Tuathail, ceannuidhe siopa, Leitir Mór; agus Pádhraig Ó Tuathail, Comhairleóir Ceanntair, an Gorumna. Sé mo bharamhail féin ar an sgéal de bharr an eolais a bhí agam cheana, agus thar éis an méid feasa a fuair mé:— (1) Nach mór toibreacha a dhéanamh i gceanntar na Ceathramhan Ruaidhe; agus ar na hoileánaibh, agus i gceanntar Rosmuc, agus na gCamusach. (2) Nach mór tighthe níos fearr a dhéanamh do na daoinibh a bhfuil droch-thighthe aca. (3) Gur fearr gan an t-airgead a thabhairt mar dhéirc do éan duine, acht do'n mhuinntir atá i bhfíor-chall. (4) Gur ceart fear-is-barr airgid a fhághail ó'n C.D.B. le cur i gceann an méid atá cruinnighthe ag an “Independent” agus roinnt eile a fhághail ó'n gComhairle Ceanntair, leis na toib- reachaibh a dhéanamh, agus feabhus a chur ar na tighthibh, agus le déantúsaibh a chur ar bun má's féidir é. (5) Feicthear dhom gur bé an chaoi is fearr déanamh na dtoibreacha a fhágáil faoi'n gComhairle Cheanntair, agus feabhusughadh na dtightheadh a fhágáil ag an C.D.B. (6) Níor mhór an gléas cómhlucht paráistí (Parish Committee Scheme) atá faoi'n mBord, a leathanughadh sa gcaoi go bhféadfadh an té a dhéanfadh teach nó sgioból maith, dhá thrian de chostas a dhéanta, a fhághail. (7) Nach mór tráchtáil nó saothrú a chur ar bun do na daoinibh, a bheadh aca seasta ó bhliadhain go bliadhain. 'Siad na hádhbhair atá aca faoi láthair — (A)an talamh (B)an cheilp (C)an iasgaireacht (D)díol móna (E)ruda beaga mar lásaí, etc. (8) Maidir leis an talamh atá a bhunáite go suarach. Níl mórán aca de acha paistí beaga eidir na carraigeacha, agus nuair atá ortha a bheadh dhá shíor-iompódh ní bhíonn éan tairbhe aca air. Sé mo bharamhail fein dhá ndeantaí na tighthe féin, nach bhfuil neart talmhan ann leis an daoinibh a chothú mur n-athuighthí cuid aca isteach ar thalamh achréidh. Do réir mar tá an dligheadh faoi láthair, ní féidir éan ghabhaltas a thabhairt do éan fhear acha do'n té a fhágfas gabhalts 'na dhiaidh. D'fhágfadh sin fear-is-baarr talmhan ag an mhuinntir a d'fhanfadh. Bhí sé ráidhte nach bhfágfadh na daoine amach as na bailtibh in ar rugadh agus tóigheadh iad, agus chuir mé ceistniú ortha a mb'fhíor é sin. Cheistnigh mé i dtosach, an sagart paráiste (an tAthair Ó hÉilidhe), agus 'sé an freagradh a thug sé orm: An bhfuair siad an deis? Agus badh é a mhór-bharamhail go n-imtheóchaidís as go fonnmhar dhá bhfáighdís gealladh go bhfuighdís áitiú leath-shásta, nó go mbeadh brághaidhghill agus bun-stoic aca san áit a ngabhfaidís. Níl tada de'n fhiabhrus ar na hoileánaibh faoi láthair. Bhí mé istigh in dhá theach i Leitir Mealláin a raibh an tinneas sin ionnta le goirid. Bhí na daoine chomh bocht sin nach raibh éan tslighe chodalta aca, thar luigheadh ar shop agus sean-bhrait ós a gcionn. Cheistnigh mé iad seo agus daoine eile san áit, a dtiubhrfaidís toil ar athrughadh, agus leig cuid aca liom go ndéanfaidís an imirce go fonnmhar, dá bhfáighdís gealladh ar thighthe maithe, agus talamh agus slighe bheatha san áít a ngabhfaidís. Bhí an t-aos óg go háithrid rí-phráineamhail ann, agus bheadh mórán gach uile chuid aca sásta dá n-éirigheadh le uimhir aca dul i gcuideacht le go mbeidís i gcomhar- sanacht agá na chéile i gcomhnuidhe. (9) Maidir leis an nGaedhilge san áit agus go dé an bhaint a bheith ag an imirce sin léithe chuir mé crothuighe mhór annsin. Ní bréag a rádh nach bhfuil sí ag sean agus óg san gceanntar sin i gcómh-iomlán. Sé mo mhór bharamhail gur bí an ceanntar is Gaedhealaighe i nÉirinn é. 'Sé mo bharamhail freisin, dhá dtugtaí uimhir mhór aca i gcuideacht agus dhá n-ionnsaighdís an tír amach go diubhrfaidís an Ghaedhilge leo, agus go ndéanfaidís an tír a rachaidís ann Gaedhealach. Nuair a dhéanfaidhe an t-athrughadh badh cheart bailtí beaga deasa (Garden Villages) a dhéanamh do na daoinibh .i. na tighthe bheith i n-aice a chéile, páirc bheag dheas a bheith eatorra, agus garrdha ar chúl gach tighe. Bheadh na gásúir ag déanamh siampsa ar an bpáirc, agus ag labhairt Gaedhilge le chéile. Maidir leis an gcabhair eile, b'fhéidir formhór na ndaoine a choinneál sa áit dá n-oibriththí suas i gceart an cheilp agus an iasgaireacht. (10) I dtaobh na ceilpe atá an luach a' dul ar gcúl mar bhí sé i gceist go rabhthas ag cur ádhbhair eile thríte, agus d'imthigh an trácht uaithi. Ina cheann sin, tá ádhbhar eile fáighte amach ag lucht ealadhna a dhéanfadh gnó i n-áit na ceilpe. Feicthear dhom dhá gcuirtí cumann lucht dóighte ceilpe ar bun a chosnóchadh an déanamh agus nach leigfeadh do éanduine drochádhbhar a chur thrítí, thiocfadh an trácht ar fad ar ais aríst. (11) Maidir leis an iasgaireacht, níl na báid mhóra ag na daoinibh, agus ní thig leo dul amach ar an tréan-fhairrge, nó na héisg a leanamhan, agus níl a ndóthain eangacha aca le dolaidheacht a dhéanamh le cladach féin. Ina cheann sin, tá an áit i bhfad ó Ghaillimh agus ó phort na traenach, agus muna mbeadh an uair fábhrach, badh deacair bád a thabhairt isteach go Gaillimh. Acht dhá mbeadh ghléas luath iomchair seasta go dtí na Cros-bhóithribh, nó díreach go Gaillimh, chuideóchadh sin go mór leis na daoinibh. (12) Chuala mé luaidhte ag daoinibh a bhíodh a
caint ar Chonamara go mbeadh faitchíos ar mhuinntir na háite an tréan-fharraige a ionnsuighe amach dá mbeadh báid féin aca mar nach bhfuil a ndíol ionnuis ionnta le slighe saothruighthe oibriú suas. Tá mé lán cinnte nach fíor é sin. Is beag fear ar bith ar na hoileáin ná ar na cuantaibh nach bhfuil eolas ar bhádóireacht aige agus tá na sguraigh óga go háirthrid ionnasach soirbh misneamhail, agus dúil aca dul ar agaidh sa saoghal, agus iad lúth láidir ina cheann sin. Bhí mo dhearbhráthair Tomás ag innsean go raibh sé trí ná ceathair de laetheantaibh ó shoin a' siubhal ag na dugannaibh i nGaillimh agus gur casadh leis triúr fear agus sgurach as Cárna a bhí a' díol báid fheamuinne ann. D'fhágadar baile le héirighe lae an mhaidin sin, chuadar soir go Tamhain dhá fhichid míle uatha gur bhaineadar bád feamuinne ann ar dhíth-thráighe, agus tháiniceadar treasna go Gaillimh, gur dhíoladar ar an gcéibh ann ar phunt í, le tuitim na hoidhche. Fir a dhéanfadh an gníomh sin, níl aimhreas ar bith nach n-eireochadh leo sa saoghal, agus nach ndéanfaidís slighe bheatha dhá bhfáighdís an deis. Agus atá go leor de mhuinntir Chonamara a dhéanfadh gníomh mar é. Pádraig Ó Máille.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services