Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaí an tSaoghail. Muintir na nOileán

Title
Cúrsaí an tSaoghail. Muintir na nOileán
Author(s)
Ó Máille, Pádraig,
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaí an tSaoghail



Muintir na nOileán.



Maidin Dia hAoine bhog mé liom siar agus
mo dhearbhráthair, Tomás Ó Máille, agus fear
nuaidheachta, i n-éinidh liom. Bhí eolas maith agam
féin ar an gceanntar, agus séard a chuir mé
romham labhairt le daoine ceannasach na háite
i gceann a dhul 'un cainnte le muinntir na
n-oileán iad féin.



Seo thíos ainmneacha cuid de na daoine ceanna-
sacha a raibh seanachus againn leo:—
An tAthair Ó hÉilidhe, S.P. na Ceathramhan
Ruaidhe, agus an Ghorumna, agus Leitir Mealláin,
Pádraig Ó Neachtain, Srútháin, an Cheathramh
Ruadh (a chaith tamall fad ar Chomhairle Cheann-
tair Uachtair Áird); Micheál Ó Catháin, Comhair-
leoir Ceantair, an Cheathrú Ruadh; Nioclás
Ó Conchubhair, Giúistís, agus Comhairleóir
Ceanntair, Leitir Mór,; Pádhraig Ó Conaire,
Giúistís, agus Comhairleóir Chonndaethae, an
Gaeirbheannach; Riocaird Ó Tuathail, ceannuidhe
siopa, Leitir Mór; agus Pádhraig Ó Tuathail,
Comhairleóir Ceanntair, an Gorumna.



Sé mo bharamhail féin ar an sgéal de bharr an
eolais a bhí agam cheana, agus thar éis an méid
feasa a fuair mé:—



(1) Nach mór toibreacha a dhéanamh i gceanntar
na Ceathramhan Ruaidhe; agus ar na hoileánaibh,
agus i gceanntar Rosmuc, agus na gCamusach.



(2) Nach mór tighthe níos fearr a dhéanamh do
na daoinibh a bhfuil droch-thighthe aca.



(3) Gur fearr gan an t-airgead a thabhairt
mar dhéirc do éan duine, acht do'n mhuinntir
atá i bhfíor-chall.



(4) Gur ceart fear-is-barr airgid a fhághail
ó'n C.D.B. le cur i gceann an méid atá cruinnighthe
ag an “Independent” agus roinnt eile a
fhághail ó'n gComhairle Ceanntair, leis na toib-
reachaibh a dhéanamh, agus feabhus a chur ar na
tighthibh, agus le déantúsaibh a chur ar bun
má's féidir é.



(5) Feicthear dhom gur bé an chaoi is fearr
déanamh na dtoibreacha a fhágáil faoi'n
gComhairle Cheanntair, agus feabhusughadh na
dtightheadh a fhágáil ag an C.D.B.



(6) Níor mhór an gléas cómhlucht paráistí
(Parish Committee Scheme) atá faoi'n mBord,
a leathanughadh sa gcaoi go bhféadfadh an té a
dhéanfadh teach nó sgioból maith, dhá thrian de
chostas a dhéanta, a fhághail.



(7) Nach mór tráchtáil nó saothrú a chur ar
bun do na daoinibh, a bheadh aca seasta ó
bhliadhain go bliadhain. 'Siad na hádhbhair
atá aca faoi láthair —



(A)an talamh
(B)an cheilp
(C)an iasgaireacht
(D)díol móna
(E)ruda beaga mar lásaí, etc.



(8) Maidir leis an talamh atá a bhunáite go
suarach. Níl mórán aca de acha paistí beaga
eidir na carraigeacha, agus nuair atá ortha
a bheadh dhá shíor-iompódh ní bhíonn éan tairbhe
aca air. Sé mo bharamhail fein dhá ndeantaí
na tighthe féin, nach bhfuil neart talmhan ann
leis an daoinibh a chothú mur n-athuighthí cuid
aca isteach ar thalamh achréidh. Do réir mar tá an
dligheadh faoi láthair, ní féidir éan ghabhaltas a
thabhairt do éan fhear acha do'n té a fhágfas
gabhalts 'na dhiaidh. D'fhágfadh sin fear-is-baarr
talmhan ag an mhuinntir a d'fhanfadh. Bhí sé
ráidhte nach bhfágfadh na daoine amach as na
bailtibh in ar rugadh agus tóigheadh iad, agus
chuir mé ceistniú ortha a mb'fhíor é sin.



Cheistnigh mé i dtosach, an sagart paráiste
(an tAthair Ó hÉilidhe), agus 'sé an freagradh a
thug sé orm: An bhfuair siad an deis? Agus
badh é a mhór-bharamhail go n-imtheóchaidís as go
fonnmhar dhá bhfáighdís gealladh go bhfuighdís áitiú
leath-shásta, nó go mbeadh brághaidhghill agus
bun-stoic aca san áit a ngabhfaidís. Níl tada
de'n fhiabhrus ar na hoileánaibh faoi láthair.
Bhí mé istigh in dhá theach i Leitir Mealláin a raibh
an tinneas sin ionnta le goirid. Bhí na daoine
chomh bocht sin nach raibh éan tslighe chodalta aca,
thar luigheadh ar shop agus sean-bhrait ós a
gcionn. Cheistnigh mé iad seo agus daoine eile
san áit, a dtiubhrfaidís toil ar athrughadh, agus
leig cuid aca liom go ndéanfaidís an imirce
go fonnmhar, dá bhfáighdís gealladh ar thighthe
maithe, agus talamh agus slighe bheatha san áít
a ngabhfaidís. Bhí an t-aos óg go háithrid
rí-phráineamhail ann, agus bheadh mórán gach
uile chuid aca sásta dá n-éirigheadh le uimhir
aca dul i gcuideacht le go mbeidís i gcomhar-
sanacht agá na chéile i gcomhnuidhe.



(9) Maidir leis an nGaedhilge san áit agus
go dé an bhaint a bheith ag an imirce sin léithe
chuir mé crothuighe mhór annsin. Ní bréag a rádh
nach bhfuil sí ag sean agus óg san gceanntar
sin i gcómh-iomlán. Sé mo mhór bharamhail gur bí
an ceanntar is Gaedhealaighe i nÉirinn é. 'Sé
mo bharamhail freisin, dhá dtugtaí uimhir mhór
aca i gcuideacht agus dhá n-ionnsaighdís an tír
amach go diubhrfaidís an Ghaedhilge leo, agus
go ndéanfaidís an tír a rachaidís ann
Gaedhealach. Nuair a dhéanfaidhe an t-athrughadh
badh cheart bailtí beaga deasa (Garden Villages)
a dhéanamh do na daoinibh .i. na tighthe bheith i n-aice
a chéile, páirc bheag dheas a bheith eatorra, agus
garrdha ar chúl gach tighe. Bheadh na gásúir ag
déanamh siampsa ar an bpáirc, agus ag labhairt
Gaedhilge le chéile. Maidir leis an gcabhair
eile, b'fhéidir formhór na ndaoine a choinneál
sa áit dá n-oibriththí suas i gceart an cheilp
agus an iasgaireacht.



(10) I dtaobh na ceilpe atá an luach a' dul
ar gcúl mar bhí sé i gceist go rabhthas ag cur
ádhbhair eile thríte, agus d'imthigh an trácht
uaithi. Ina cheann sin, tá ádhbhar eile fáighte
amach ag lucht ealadhna a dhéanfadh gnó i n-áit
na ceilpe. Feicthear dhom dhá gcuirtí cumann
lucht dóighte ceilpe ar bun a chosnóchadh an
déanamh agus nach leigfeadh do éanduine
drochádhbhar a chur thrítí, thiocfadh an trácht ar
fad ar ais aríst.



(11) Maidir leis an iasgaireacht, níl na
báid mhóra ag na daoinibh, agus ní thig leo dul
amach ar an tréan-fhairrge, nó na héisg a
leanamhan, agus níl a ndóthain eangacha aca le
dolaidheacht a dhéanamh le cladach féin. Ina
cheann sin, tá an áit i bhfad ó Ghaillimh agus ó
phort na traenach, agus muna mbeadh an uair
fábhrach, badh deacair bád a thabhairt isteach go
Gaillimh. Acht dhá mbeadh ghléas luath iomchair
seasta go dtí na Cros-bhóithribh, nó díreach go
Gaillimh, chuideóchadh sin go mór leis na daoinibh.



(12) Chuala mé luaidhte ag daoinibh a bhíodh a


L. 02


caint ar Chonamara go mbeadh faitchíos ar
mhuinntir na háite an tréan-fharraige a
ionnsuighe amach dá mbeadh báid féin aca mar
nach bhfuil a ndíol ionnuis ionnta le slighe
saothruighthe oibriú suas. Tá mé lán cinnte nach
fíor é sin. Is beag fear ar bith ar na hoileáin
ná ar na cuantaibh nach bhfuil eolas ar
bhádóireacht aige agus tá na sguraigh óga go
háirthrid ionnasach soirbh misneamhail, agus
dúil aca dul ar agaidh sa saoghal, agus iad
lúth láidir ina cheann sin. Bhí mo dhearbhráthair
Tomás ag innsean go raibh sé trí ná ceathair
de laetheantaibh ó shoin a' siubhal ag na
dugannaibh i nGaillimh agus gur casadh leis
triúr fear agus sgurach as Cárna a bhí a' díol
báid fheamuinne ann. D'fhágadar baile le
héirighe lae an mhaidin sin, chuadar soir go
Tamhain dhá fhichid míle uatha gur bhaineadar
bád feamuinne ann ar dhíth-thráighe, agus
tháiniceadar treasna go Gaillimh, gur dhíoladar
ar an gcéibh ann ar phunt í, le tuitim na hoidhche.
Fir a dhéanfadh an gníomh sin, níl aimhreas ar
bith nach n-eireochadh leo sa saoghal, agus nach
ndéanfaidís slighe bheatha dhá bhfáighdís an deis.
Agus atá go leor de mhuinntir Chonamara a
dhéanfadh gníomh mar é.



Pádraig Ó Máille.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services