Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tá Cabhair Chugainn
Title
Tá Cabhair Chugainn
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Tá Cabhair Chugainn: “Ní déarc atá ó'n muintir a bhfuil an fiabhras ortha,” ar Padraic Ó Máille ag Bord Uachtar Áird, “acht caithfid cothrom agus a gceart féin d'fhagháil ó'n Riaghaltas.” Is binn linn é sin mar sgéal. Is binn le cách an sgéal céadna. Aonduine do cheap a mhalairt a bheidh amhlaidh bhí dul amudha air. Tá cuid mhaith do mhuintir Chonnamara dealbh go leor, acht dá bhoichte iad tá an neamhspeáchas ionnta agus b'fhearr leo cruadhtán agus anró d'fhulaingt ná bheith lá i dtuilleamaigh an phobuil. An bailiú do cuireadh ar bun ar son na muintire a bhfuil an fiabhras ortha ní mar dhéirc do chabhruigh aonduine leis, agus níor mhol sinn-ne é mar dhéirc. Do saoileadh cuid de'n éagcóir atá deanta ag gach aon bhord ar mhuintir na n-oileán do leigheas. Ba mhaith an síleachtál é, agus ní thógfar ar aonduine é má chabhruigheann sé leis. “Marach gur shatail gach bord aca ar gach aon rud do bhain leis na Ghaedilgeoiríbh ní bheadh a nganntar chomh cruadh faoi láthair,” arsa an Niallach Dia hAoine. Caithfear an galar bradach atá anois ortha do sgriosadh amach. Caithfear caoi do chur ar na tighthibh comhnaidhthe agus ar na tobrachaibh. Tá daoine ann leis an dá nídh sin do dhéanamh. Tá sé mar dhualgas ortha iad a dhéanamh. Is le n-a leithéid a dhéanamh atáid ann. Caithfear nídh eile do dhéanamh freisin: Caithfear múineadh do na Ghaedhilgeoiríbh gan leigint do bhord ar bith satailt ortha feasta, nó éagcóir a dhéanamh ortha, nó bheith neamhshuimeamhail ins na gnóthaibh ba chóir dóibh do chur chun cinn san nGaedhealtacht. Tá gach bord aca neamh- shuimeamhail i dtaobh na Gaedhealtachta. Tá ar gcomhairlí gconndae féin gan mórán suime sa nGaedhealtacht. Tá na sagairt agus na heaspuig gan mórán spéise i muintir na Gaedhealtachta. Caithfimid go léir athrú inntinne do dhéanamh i dtaoibh lucht na Gaedhilge. Tá an t-athrú soin ag teacht acht ní thiocfaidh sé cun cinn mara gcuireann na Gaedhilgeoirí faobhar ortha féin agus mara gcuireann siad d'fhiachaibh ar na comhairlíbh agus ar bhuird an Riaghaltais a ndualgas do dhéanamh. Tuigtear don choitchiantacht anois a fhiúntaighe is atá pobul na Gaedhilge. Tais- peánadh é sin san Irish Independeint gach lá le trí seachtmhainíbh. Frith litreacha ó gach áird sa tír ag déanamh truaighe do na daoinibh nach raibh ceart le fagháil aca. Ní bheadh a leath le fagháil marach gur Ghaedhilgeoirí muintir na n-oileán. Tá muintir na nÉireann cáirdeamhail thar barr le lucht na Gaedhilge anois, agus ní hé sin amháin. Táid fonnmhar chun bheith muinteardha le lucht na Ghaedhilge agus chun bheith ag cabhrú leo. Tuigtear do Ghaedhealaibh go bhfuil gádh leis an nGaedhilg. Chídhthear dóibh an t-easnamh atá ar Éireannaigh atá thaobh le Béarla. Mara dtig leo fein an Ghaedhilg do thógáil, is maith leo go dtógfadh a gclann í. Sin é an fath go bhfuilid cáirdeamhail muinteardha le lucht na Ghaedhilge. Is mór le rádh iad an carthanas agus an muintearas so. Neartóchaidh siad linn. Cuirfidh siad meisneach ionainn. Ní haon “dream bocht silte” nach gcuireann le chéile sinn feasta, acht dream láidir cumhachtach agus sinn guala ar ghualainn le chéile. Baintear feidhm as an muintearas agus as an aontacht. Is fuath le Gaill agus le lag-Éireannaigh lucht na Ghaedhilge. Táid le fada ag déanamh na héagcóra ar an nGaedhilg agus gan fear a mbarrtha i n-aon bhearnain rómpa. Ní maith le cuid aca ar rud cóir a dhéanamh. Cuirimís staon san gcloigeann uaibhreach feasta. Tá an chabhair againn chuige.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services