Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tá Cabhair Chugainn

Title
Tá Cabhair Chugainn
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Tá Cabhair Chugainn:



“Ní déarc atá ó'n muintir a bhfuil an
fiabhras ortha,” ar Padraic Ó Máille ag Bord
Uachtar Áird, “acht caithfid cothrom agus a
gceart féin d'fhagháil ó'n Riaghaltas.” Is
binn linn é sin mar sgéal. Is binn le cách
an sgéal céadna. Aonduine do cheap a mhalairt
a bheidh amhlaidh bhí dul amudha air. Tá cuid
mhaith do mhuintir Chonnamara dealbh go leor,
acht dá bhoichte iad tá an neamhspeáchas ionnta
agus b'fhearr leo cruadhtán agus anró
d'fhulaingt ná bheith lá i dtuilleamaigh an
phobuil. An bailiú do cuireadh ar bun ar son
na muintire a bhfuil an fiabhras ortha ní mar
dhéirc do chabhruigh aonduine leis, agus níor
mhol sinn-ne é mar dhéirc. Do saoileadh cuid
de'n éagcóir atá deanta ag gach aon bhord ar
mhuintir na n-oileán do leigheas. Ba mhaith
an síleachtál é, agus ní thógfar ar aonduine
é má chabhruigheann sé leis. “Marach gur
shatail gach bord aca ar gach aon rud do bhain
leis na Ghaedilgeoiríbh ní bheadh a nganntar chomh
cruadh faoi láthair,” arsa an Niallach Dia hAoine.
Caithfear an galar bradach atá anois ortha
do sgriosadh amach. Caithfear caoi do chur ar
na tighthibh comhnaidhthe agus ar na tobrachaibh.
Tá daoine ann leis an dá nídh sin do dhéanamh.
Tá sé mar dhualgas ortha iad a dhéanamh. Is le
n-a leithéid a dhéanamh atáid ann. Caithfear nídh
eile do dhéanamh freisin: Caithfear múineadh
do na Ghaedhilgeoiríbh gan leigint do bhord ar
bith satailt ortha feasta, nó éagcóir a
dhéanamh ortha, nó bheith neamhshuimeamhail ins na
gnóthaibh ba chóir dóibh do chur chun cinn san
nGaedhealtacht. Tá gach bord aca neamh-
shuimeamhail i dtaobh na Gaedhealtachta. Tá
ar gcomhairlí gconndae féin gan mórán
suime sa nGaedhealtacht. Tá na sagairt agus na
heaspuig gan mórán spéise i muintir na
Gaedhealtachta. Caithfimid go léir athrú inntinne
do dhéanamh i dtaoibh lucht na Gaedhilge. Tá
an t-athrú soin ag teacht acht ní thiocfaidh sé
cun cinn mara gcuireann na Gaedhilgeoirí
faobhar ortha féin agus mara gcuireann siad
d'fhiachaibh ar na comhairlíbh agus ar bhuird an
Riaghaltais a ndualgas do dhéanamh.



Tuigtear don choitchiantacht anois a
fhiúntaighe is atá pobul na Gaedhilge. Tais-
peánadh é sin san Irish Independeint gach
lá le trí seachtmhainíbh. Frith litreacha ó gach
áird sa tír ag déanamh truaighe do na daoinibh
nach raibh ceart le fagháil aca. Ní bheadh a leath
le fagháil marach gur Ghaedhilgeoirí muintir na
n-oileán. Tá muintir na nÉireann cáirdeamhail
thar barr le lucht na Gaedhilge anois, agus
ní hé sin amháin. Táid fonnmhar chun bheith
muinteardha le lucht na Ghaedhilge agus chun
bheith ag cabhrú leo. Tuigtear do Ghaedhealaibh
go bhfuil gádh leis an nGaedhilg. Chídhthear dóibh
an t-easnamh atá ar Éireannaigh atá thaobh le
Béarla. Mara dtig leo fein an Ghaedhilg do
thógáil, is maith leo go dtógfadh a gclann í.
Sin é an fath go bhfuilid cáirdeamhail muinteardha
le lucht na Ghaedhilge. Is mór le rádh iad an
carthanas agus an muintearas so. Neartóchaidh
siad linn. Cuirfidh siad meisneach ionainn.
Ní haon “dream bocht silte” nach gcuireann
le chéile sinn feasta, acht dream láidir cumhachtach
agus sinn guala ar ghualainn le chéile.



Baintear feidhm as an muintearas agus as an
aontacht. Is fuath le Gaill agus le lag-Éireannaigh
lucht na Ghaedhilge. Táid le fada ag déanamh
na héagcóra ar an nGaedhilg agus gan fear
a mbarrtha i n-aon bhearnain rómpa. Ní maith
le cuid aca ar rud cóir a dhéanamh. Cuirimís staon
san gcloigeann uaibhreach feasta. Tá an
chabhair againn chuige.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services