Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Americá agus Béarla
Title
Americá agus Béarla
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Americá agus Béarla. Chonnac gur fhág seacht bhfichid ógánach agus óigbhean Daingean Uí Chúis an tseachtmhain seo ghabh tharrainn. Má mhairid i gceann dosaon bliaidhan i nionad a liusneamhla indiu beidh leathar a leacan chómh súghte le meall geire. Ba dhóich leat ar chainnt daoine gur thug an Béarla an oiread soin rathamhnais isteach sa tír leis nár ghábhadh dár ndaoinibh bheith ag imtheacht le fán an tsaoghail uainn. Chaitheamair uainn an Ghaedhilg ghránda a bhí dhár gcreachadh agus cheapamair ná feicfimís aon lá bocht choidhche. Tabharthas ó Dhia is eadh an teanga Ghallda so againn. Deir fear na céille linn é, agus deir an páipéar soin “The Times” an rud céadna. Ní foláir 'ná go bhfuil an ceart ag fear na céille. Machtnuigheann a leithéid sin de dhuine go doimhin ar chúrsaibh an tsaoghail. Dearfaidh sé leat go mbeidh an Béarla dhá labhairt go coitcheann fós ar fuid an domhain agus dá nabróchtha leis go bhfuil sé chéad milliún Síneach ann agus teanga úsáideach aca, is amhlaidh a chuirfeadh fear na céille drainn ar féin, acht dar leis féin ní drainn í acht miongháire magaidh. Is iongantach an fear é fear na céille. “An amhlaidh is dóich leatsa?” adearfadh sé agus feac air, “'ná go mairfidh an Béarla i nAmericá go Lá an Luain.” Is mór an focal é. Ní gan fáth a cúmadh an sean- fhocal úd — “níor tógadh an Róimh i n-aon lá amháin.” Cá bhfuil Impireacht na Rómha indiu? Cá labharthar an teanga Laidneach? Bhí fear ann sa dara aois d'ár dTighearna dár bh'ainm Tertullian. Ní raibh cluasa fada ar sin 'ná cloigeann folamh air. Ní raibh le na linn fear ba mhó eolas is léigheann 'ná é. Níor mhisde d'fhear na céille seo againne aire thabhairt dá chainnt siúd. Bhí an Róimh 'na lán réim an uair sin. Cheap seisean go mairfeadh sí go deo. B'fhéidir go mbeadh caoi agam uair éigin ar a chuid cainnte a chur i nGaedhilg mar ceapaim nách bhfuil acht corr-dhuine 'nár measg a thuigeann cad do bhain le méid is treiseacht is saidhbhreas is léigheann is acfuinn na Róimhe. Ní raibh riamh ar dhruim domhain aon chúmhacht eile le cur i gcomórtas léi, a feara cogaidh níor sáruigheadh, 'á a dlighthe, a riaghail 'ná a heolas. Gach áiseamhlacht dá bhfuil ins na críochaibh indiu is uaithe siúd a fuaireadar é. Níor cheap sí féin cuid dá heolas. Bhí saoir roimpe ag riarúghadh an tsaoghail mar atá na Babilóinigh, na hAisirigh, na hÉigiptigh, na Persigh, agus go mór mhór na Gréagaigh, mar bhí buidheanta an domhain ó thúis agus saothar ortha ag iarraidh feabhais a chur ortha féin. Bhailigh is chruinnigh na Romhánaigh an teolas úd agus chuireadar i n-eagair é, agus ba dhóich leat go seasóchadh an chúmhacht úd go deire an domhain le na préamhacha sa talamh ar nós an chnuic. Acht, ailliliú! leathistigh do dhá chéad bliadhan d'éis aimsire Thertullian féach ar an ár is an téirleach. Fuil ar árdánaibh go rúitíníbh capall cogaidh, fuil i nioslánaibh go colpaidhe ar fhearaibh claidheamh, catharacha áilne saidhbhre geala 'na dteinnteacha dearga, mná is leinbh is seandaoine, mairtínigh is daill dhá ndóigheadh 'sa chnámhlaigh. Agus nár bh'uathbhásach iad na buillidhe a sheasaimh sí mar bhí a neart mar neart an chnuic. Ba dhóich leat gur iontuigh Dia A shúil le fearg uirthe. Ní cóir dúinn sin a rádh mar ná tuigimíd gnotha Dé, míle buidheachas leis. Caoineann Gréagóir Pápa í. Dá olcas é an claidheamh is an doighteán, adeir sé, is measa dúinn an phláigh is an ghorta. Sgiobadh uainn leis an eagcruas chúig mhíle duine sa ló ar feadh ráithe agus is measa féin é i gCathair Chuinn nó Constantinole. Cá bhfuil Seanaid na Rómha? Ca bhfuil a daoine? adubhairt sé go dúbhach. Gad é an neart a bhris a leagúin chródha do chaitheadh an namhaid díobh mar chaithfeadh an león an drucht dá muing? Acht ní chroithfeadh an león de an tuile, agus tuile do b'eadh é súd, tuile fear. Siúd is go dtiocfadh tuile dhá shagas ar Americá agus a cuid Béarla cá mbeadh an tír bhocht? Chomhraiceochadh Seon Fada go tréan is go calma, mar ní haon dóichín Seón. Féach ámh go cruinn air. Tá a lán fear sa tír úd. Tagaid chun Seóin fasda suas agus gan duadh a n-oileamhaint air. Tá an méid sin do bhúntáste aige chum oibre lámh is cinn a dhéanamh. Mar isn féin an dóich leat a bhfuil grádh na tíre de dhúthchas aca sud? An ionmhuin leo a hainm, a teanga, a nósa, a stáir, a sinnsear? A gcuirfeadh cómhrac Sheoin Fada le Seán Buidhe céad bliadhain ó shoin an fhuil ag rásdáil le mórdháil is aiteas thre fhéitheannaibh ab Phólaigh, an Ruisínigh, an Iodáiligh agus uile atá 'na gcomhnuidhe annsud ar feadh seal? Ní chuirfeadh. Cad na thaobh go gcuirfeadh? Fillid a lán aca chómh luath is bhíonn beagan dá dtuilleamh curtha i leathtaoibh aca agus cuirid fútha ag baile. Cad é sin dóibhsean Seon. Ní fhuil aon bheann aca air iná aigeasean ortha. Gach púnt dá dtuillid cuirid sgilling de 'na bpóca féin agus an noidhéag i bpóca an mháighistir thall. An dóich leat ar dhéanadh náisiún dlúthcheangailte tír-ghrádhthach, úmhal, chine-mhórdhálach riamh ar an gcuma soin? Níor déineadh. Cuir as do cheann é. Beidh bualadh agus pléasga annsud ar ball. Brisfidh ar an bhfoidhne ag fear na sglillinge agus cuirfidh cúca i bhfear an phúint. Ní cheapaim go mbeidh an milliúnidhe i gcomhnaidhe ag meilt na gcnámh agus na sláinte as an bhfear oibre. Bró mhuilinn is eadh Americá. Meilfidh sí na haedha is na sgarthacha as na seacht bhfichid úd a d'fhág Daingean Uí Chúis seachtmhain ó shoin. Ar a shon soin is uile is ar na hÉireannaigh agus ar chuid des na Gearmánaigh a bheidh seasamh Sheoin má bhíonn gábhadh leo. Is lúghadh dhiobh d'fhilleann ar n-ais iná do bhunaidhe aon tíre eile. Agus is furasda Ameircánaigh a dhéanamh des na hÉireannaigh. Thosg ná fuireadar oideachas Gaedhealach i dtosach a saoghail ní bhíonn aon deifir eatortha féin agus an Púncán i gcionn tamaill, agus aon rian Gaedhealach a bhíonn ortha imthigheann sé ar fad sa tarna glún. Má bheas cogadh idir Americá agus an Seapáin beidh Éireannaigh i dtosach, agus siúd is go mbeidh an bháire leis an Seapánach nách dóich leat go mbeadh an Béarla breágh so i gcontabhairt? “Fastaoim a dhuine,” adearfaidh fear na céille seo againne, “stracfadh an Puncánach an Seapánach odhar smeartha soin as a chéile.” Bog breágh, a fhir na céille. Biodh do thuairm féin agat. Dá mba amhlaidh go mbeadh sé de mhisneach ar an Seapánach leath- mhilliún dá cathaibh fiadhaigh a stealladh isteach ar an dtaobh thiar d'Americá maidean áluinn shamhraidh, ní bheadh ag Seon Fada acht liúgh a chur as agus croma ar easgainídhe agus ar thabhairt mionn. Thiocfadh sgéan ar na fearaibh fíochmhara, fuinnte, gearra, cruadha úd, thabharfaidís cúpla léim táilliúra, rinncfeadh na súile cúmhanga fiadhaine 'na gceann agus le trusloig do bheidís istigh sa tsáile ag bailighadh leo ar nais. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services