Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Americá agus Béarla

Title
Americá agus Béarla
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Americá agus Béarla.



Chonnac gur fhág seacht bhfichid ógánach agus
óigbhean Daingean Uí Chúis an tseachtmhain seo
ghabh tharrainn. Má mhairid i gceann dosaon
bliaidhan i nionad a liusneamhla indiu beidh
leathar a leacan chómh súghte le meall geire.



Ba dhóich leat ar chainnt daoine gur thug an
Béarla an oiread soin rathamhnais isteach sa
tír leis nár ghábhadh dár ndaoinibh bheith ag
imtheacht le fán an tsaoghail uainn. Chaitheamair
uainn an Ghaedhilg ghránda a bhí dhár gcreachadh agus
cheapamair ná feicfimís aon lá bocht choidhche.
Tabharthas ó Dhia is eadh an teanga Ghallda so
againn. Deir fear na céille linn é, agus deir
an páipéar soin “The Times” an rud céadna. Ní
foláir 'ná go bhfuil an ceart ag fear na céille.
Machtnuigheann a leithéid sin de dhuine go
doimhin ar chúrsaibh an tsaoghail. Dearfaidh
sé leat go mbeidh an Béarla dhá labhairt go
coitcheann fós ar fuid an domhain agus dá
nabróchtha leis go bhfuil sé chéad milliún
Síneach ann agus teanga úsáideach aca, is
amhlaidh a chuirfeadh fear na céille drainn ar
féin, acht dar leis féin ní drainn í acht miongháire
magaidh. Is iongantach an fear é fear na
céille. “An amhlaidh is dóich leatsa?”
adearfadh sé agus feac air, “'ná go mairfidh
an Béarla i nAmericá go Lá an Luain.” Is
mór an focal é. Ní gan fáth a cúmadh an sean-
fhocal úd — “níor tógadh an Róimh i n-aon lá
amháin.” Cá bhfuil Impireacht na Rómha indiu?
Cá labharthar an teanga Laidneach? Bhí fear
ann sa dara aois d'ár dTighearna dár bh'ainm
Tertullian. Ní raibh cluasa fada ar sin 'ná
cloigeann folamh air. Ní raibh le na linn fear
ba mhó eolas is léigheann 'ná é. Níor mhisde
d'fhear na céille seo againne aire thabhairt dá
chainnt siúd. Bhí an Róimh 'na lán réim an uair
sin. Cheap seisean go mairfeadh sí go deo.



B'fhéidir go mbeadh caoi agam uair éigin ar a
chuid cainnte a chur i nGaedhilg mar ceapaim
nách bhfuil acht corr-dhuine 'nár measg a
thuigeann cad do bhain le méid is treiseacht is
saidhbhreas is léigheann is acfuinn na Róimhe.
Ní raibh riamh ar dhruim domhain aon chúmhacht
eile le cur i gcomórtas léi, a feara cogaidh níor
sáruigheadh, 'á a dlighthe, a riaghail 'ná a heolas.
Gach áiseamhlacht dá bhfuil ins na críochaibh
indiu is uaithe siúd a fuaireadar é. Níor cheap
sí féin cuid dá heolas. Bhí saoir roimpe ag
riarúghadh an tsaoghail mar atá na Babilóinigh,
na hAisirigh, na hÉigiptigh, na Persigh, agus go
mór mhór na Gréagaigh, mar bhí buidheanta an
domhain ó thúis agus saothar ortha ag iarraidh
feabhais a chur ortha féin. Bhailigh is chruinnigh na
Romhánaigh an teolas úd agus chuireadar i
n-eagair é, agus ba dhóich leat go seasóchadh an
chúmhacht úd go deire an domhain le na préamhacha
sa talamh ar nós an chnuic. Acht, ailliliú!
leathistigh do dhá chéad bliadhan d'éis aimsire
Thertullian féach ar an ár is an téirleach.
Fuil ar árdánaibh go rúitíníbh capall cogaidh,
fuil i nioslánaibh go colpaidhe ar fhearaibh
claidheamh, catharacha áilne saidhbhre geala
'na dteinnteacha dearga, mná is leinbh is
seandaoine, mairtínigh is daill dhá ndóigheadh
'sa chnámhlaigh. Agus nár bh'uathbhásach iad na
buillidhe a sheasaimh sí mar bhí a neart mar
neart an chnuic. Ba dhóich leat gur iontuigh
Dia A shúil le fearg uirthe. Ní cóir dúinn sin
a rádh mar ná tuigimíd gnotha Dé, míle
buidheachas leis.



Caoineann Gréagóir Pápa í. Dá olcas é
an claidheamh is an doighteán, adeir sé, is measa
dúinn an phláigh is an ghorta. Sgiobadh uainn
leis an eagcruas chúig mhíle duine sa ló ar
feadh ráithe agus is measa féin é i gCathair Chuinn
nó Constantinole. Cá bhfuil Seanaid na
Rómha? Ca bhfuil a daoine? adubhairt sé go
dúbhach. Gad é an neart a bhris a leagúin chródha
do chaitheadh an namhaid díobh mar chaithfeadh an
león an drucht dá muing? Acht ní chroithfeadh
an león de an tuile, agus tuile do b'eadh é
súd, tuile fear.



Siúd is go dtiocfadh tuile dhá shagas ar
Americá agus a cuid Béarla cá mbeadh an tír
bhocht? Chomhraiceochadh Seon Fada go tréan
is go calma, mar ní haon dóichín Seón. Féach
ámh go cruinn air. Tá a lán fear sa tír úd.
Tagaid chun Seóin fasda suas agus gan duadh
a n-oileamhaint air. Tá an méid sin do
bhúntáste aige chum oibre lámh is cinn a
dhéanamh. Mar isn féin an dóich leat a bhfuil
grádh na tíre de dhúthchas aca sud? An ionmhuin
leo a hainm, a teanga, a nósa, a stáir, a
sinnsear? A gcuirfeadh cómhrac Sheoin Fada
le Seán Buidhe céad bliadhain ó shoin an fhuil ag
rásdáil le mórdháil is aiteas thre fhéitheannaibh
ab Phólaigh, an Ruisínigh, an Iodáiligh agus uile
atá 'na gcomhnuidhe annsud ar feadh seal?
Ní chuirfeadh. Cad na thaobh go gcuirfeadh?
Fillid a lán aca chómh luath is bhíonn beagan
dá dtuilleamh curtha i leathtaoibh aca agus
cuirid fútha ag baile. Cad é sin dóibhsean Seon.
Ní fhuil aon bheann aca air iná aigeasean ortha.
Gach púnt dá dtuillid cuirid sgilling de 'na
bpóca féin agus an noidhéag i bpóca an
mháighistir thall. An dóich leat ar dhéanadh
náisiún dlúthcheangailte tír-ghrádhthach, úmhal,
chine-mhórdhálach riamh ar an gcuma soin? Níor
déineadh. Cuir as do cheann é. Beidh bualadh
agus pléasga annsud ar ball. Brisfidh ar an
bhfoidhne ag fear na sglillinge agus cuirfidh
cúca i bhfear an phúint. Ní cheapaim go mbeidh
an milliúnidhe i gcomhnaidhe ag meilt na gcnámh
agus na sláinte as an bhfear oibre. Bró
mhuilinn is eadh Americá. Meilfidh sí na
haedha is na sgarthacha as na seacht bhfichid úd
a d'fhág Daingean Uí Chúis seachtmhain ó shoin.



Ar a shon soin is uile is ar na hÉireannaigh
agus ar chuid des na Gearmánaigh a bheidh seasamh
Sheoin má bhíonn gábhadh leo. Is lúghadh dhiobh
d'fhilleann ar n-ais iná do bhunaidhe aon tíre
eile. Agus is furasda Ameircánaigh a
dhéanamh des na hÉireannaigh. Thosg ná
fuireadar oideachas Gaedhealach i dtosach a
saoghail ní bhíonn aon deifir eatortha féin agus
an Púncán i gcionn tamaill, agus aon rian
Gaedhealach a bhíonn ortha imthigheann sé ar fad
sa tarna glún.



Má bheas cogadh idir Americá agus an
Seapáin beidh Éireannaigh i dtosach, agus siúd
is go mbeidh an bháire leis an Seapánach nách
dóich leat go mbeadh an Béarla breágh so i
gcontabhairt? “Fastaoim a dhuine,” adearfaidh
fear na céille seo againne, “stracfadh an
Puncánach an Seapánach odhar smeartha soin as
a chéile.” Bog breágh, a fhir na céille. Biodh
do thuairm féin agat. Dá mba amhlaidh go
mbeadh sé de mhisneach ar an Seapánach leath-
mhilliún dá cathaibh fiadhaigh a stealladh isteach
ar an dtaobh thiar d'Americá maidean áluinn
shamhraidh, ní bheadh ag Seon Fada acht liúgh a chur
as agus croma ar easgainídhe agus ar thabhairt
mionn. Thiocfadh sgéan ar na fearaibh fíochmhara,
fuinnte, gearra, cruadha úd, thabharfaidís cúpla
léim táilliúra, rinncfeadh na súile cúmhanga
fiadhaine 'na gceann agus le trusloig do
bheidís istigh sa tsáile ag bailighadh leo ar nais.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services