Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Chamóg. Cualacht Lúth Chleas na mBan
Title
An Chamóg. Cualacht Lúth Chleas na mBan
Author(s)
Ní Dhonnchadha, Cáit,
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Chamóg Cualacht Lúth Chleas na mBan. Ist oidhche Dia Máirt, an naomhadh lá fichead, bhí cruinniughadh cinn na bliadhna de'n chamóig. Do ghaibh Máire de Buitléir ceannas an chruin- nighthe. Fuaireamair sgéala ón a lán daoinibh dá rádh go raibh an donas ar an aimsir le fliuchar agus nár bhféidir leo teacht, fébh mar ba ró mhian leo. Ní miste dhúinn tagairt do'n deaghscéal do chuir Seasamh Ó Dobhaileán, feisire, chugainn, agus tá súil againn gur bhfearrde an chamóg é. Colásití na gCailíní. Bliadhain ó shoin 'sé chéad ghnó do chuireamair romhain ná an chamóg do chur ar bun agus d'fhor-leathanú fan na tuaithe. Má's eadh, tá eirghthe go maith againn ar an gcomhairle do cheapamair an uair úd, mar le dream daoine do bhí ar bheagán cabhartha. Do chuireamair ar sgéal i n-iumhail do lucht na mban-choláiste, agus maille leis an sgéal soin, do chuireamair macsamhail de Riaghlachaibh na camóige ag triall ar na daoinibh céadna. Mar bhárr ar an bhfógra soin d'eirigh ceadreamh eadrainn annso agus lucht na tuaithe i ngach áird. Thuas i Loch Carmain do chuireamair aithne ar scata ban Ghaedheal do tháinig i gcabhair linn go croidheamhail. Do chuireamair comhairle condae ar bun sa cheanntar soin de bhárr a' chomhfhreagra soin. Airgead. Tá aon nidh amháin, nó dhá nidh b'fhéidir, dár gcimeád chun deirigh. Ar éigin tá tarrac ár ndóthain ar airgead againn chun an gnó do chur chun cinn i gceart. Tá cáirde gann orainn i n-áiteannaibh, cáirde d'fhóirfeadh orainn dá dtoil féin. Na daoine atá ag saothar linn is beag uain a bhíonn aca chun dul mórthimcheall d'fhonn an chamóg do chraobhsgaoileadh. Daoine le síor-ghnó a bhfurmhór, agus is beag suim is féidir leo do chur i súgradh an tsaoghail. Dá mbeadh aon raidhse airgid i dtaisce againn, d'fhéadfaimís seasamh ní b'fhearr do chur sa chamóig agus dá n-éagmuis soin ní'l againn acht an scéal do ghlacadh fébh mar atá sé. Craobhsgaoileadh. Tá an duthaigh go léir thíos thuas breacaithe go maith againn um an dtaca so acht 'sé is mian linn anois báirí foghanta na camóige do léiriughadh i lár na gcúige, 'se sin, i gCathair na Gaillimhe, shíos i mBéal Feirste, agus thuas sa Chathair ar Bhruach na Laoi. Do bheimís ag súil le mór- thairbhthe do theacht as an léiriughadh soin. Do chuirfidhe i n-iumhail do phobal a fheabhas agus a oireamhnaighe tá an chamóg dár mbantracht. Timthireacht. Do thugas-sa cuaird uaim féin ar cheanntraibh áirithe agus mé ag aeridheacht fé'n dtuaith, agus ar mo thaisteal domh, níor dheineas dearmhad ar an gcamóig i ngach ball dár ghabhas. Ní hamhlaidh go rabhas ag brath ar aon ana-thoradh do theacht go luath dom shaothar acht do chuireas a síol agus táim ag tnúth leis an mbarra i n-ám tráth. Níor tógadh an Róimh i n-aon lá amháin, ní mó gur saruigheadh aon ghnó foghanta acht le foidhne agus le haimsir fhada do chaitheamh thar a chionn. An gnó so atá ar láimh againne, gnó uasal 'seadh é, agus gnó a bhéarfaidh sláinte cuirp agus anma dár mban Gaedheal má leon- uigheann Dia dho dhul ar aghaidh leis an ngluaiseacht atá fé go dtí so. Saothar. Tá sé buailte isteach i n-aigne againn nach fuláir dúinn a bheith ag faire chugainn go haireach do réir mar atá fás ag for-leathanughadh ag dul dá ngnó. Chíthear go bhfuil teideal nua agam dá chur ar an saothar atá ar láimh againn. Tá ceapaithe againn an saothar soin do leathanughadh ar theacht na haithbhliadhna mar ní mór dúinn sraith súgraidh a leagadh amach a bheidh oireamhnach agus taitneain do gach ban-dream nár measc. Ní mór duinn glacadh leis an suidheamh gnótha so thuas má tá sé i ndán dúinn buadh d'fhaghail ar an iasacht. Dá bhfanfaimis níosa sia ag gabháil sa mhúnlaigh ní bheadh acht báire baoise dá imirt againn. Cáit Ní Dhonnchadha.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services