Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Faithche na hImeartha
Title
Faithche na hImeartha
Author(s)
Seán Óg,
Pen Name
Seán óg
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Faithche na hImeartha. Dé Domhnaigh do chruinnigh tímcheall le 25,000 duine i mBóthar Mhic Eóin chun an chomheascair Chorn an Chrócaidh idir imirtheóiridhe Chiarraighe agus Lughmhuighe d'amharc. Bhí sé ar an gcomórtas budh dhéine, budh mhire, agus b'anam- amhla dár himreadh le cuimhne aon'ne atá suas. D'imir an dá thaobh go cródha, calma, fearamhail, díreach, — go maith ar son onóra an “Chonndae Bhídigh” agus na “Ríoghachta.” Cluiche leathach dob eadh é. Níor thuill aon taobh aca cailleamhaint. Má bhí mío-ádh féin ar thaobh Chiarraighe go minic caithfear admháil gur chosain na Lughmhuighigh a mbáire go hiongantach. B'aoibhin agus budh shásamhach an spirid a fhoilsigh an lucht féachta: ní raibh le clos ach: “Buaidheadh an taobh is fearr.” Agus má bhí annso agus annsúd fein cor-dhuine a bhí beagan teasaidhe trí ródhúthracht mhúch greann agus bínncharghaill an tsluaigh é. Comórtas euchtach dob eadh é. Ó gach ball in Éirinn tháinig daoine ann. Budh radharc tar radarcaibh an slaod mór cealltar d'fheicsint mórthímcheall na faithche, agus cuirfeadh sé misneach agus muinghin i nduine ná raibh scrothaidheacht fear nÉireann dulta i ndísc fós. Imroghar an cluiche so airís ó rud é nár cinneadh ar Dé Domhnaigh agus sé ár súil go n-imtheóchaidh sé fén spirid chéadna a imthigh sé an lá deidheanach — deighintinn, dúthrachta, greann, agus scléip. Caithfear a rádh, ámhthach, ná fuil an faithche in aochor chómh cóir agus budh cheart í bheith. Bhí na mílte láithreach nár bhféidir leó faic d'fheic- sint toisc an chóirighthe atá ar an áit. Is mio- ádhmharach so. Nách feidir le Cumann na gCleas
lúth rud ar bith do dhéanamh chun a leasaighthe? Budh cheart cao do thabhairt do dhaoinibh a thagas achar fad an cluiche d'fheicsint. Mar deirimíd bhí na mílte ann nár bhfeas dóibh cad bhí ar siubhal ach mar d'inniseadh a gcómharsain gualann dóibh gur b'í a n-ádh bheith leathtroigh níos aoirde nó bheith n-a seasamh ar chosaibh daoine eile. Seán Óg.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services