Faithche na hImeartha.
Dé Domhnaigh do chruinnigh tímcheall le 25,000
duine i mBóthar Mhic Eóin chun an chomheascair
Chorn an Chrócaidh idir imirtheóiridhe Chiarraighe
agus Lughmhuighe d'amharc. Bhí sé ar an
gcomórtas budh dhéine, budh mhire, agus b'anam-
amhla dár himreadh le cuimhne aon'ne atá suas.
D'imir an dá thaobh go cródha, calma, fearamhail,
díreach, — go maith ar son onóra an “Chonndae
Bhídigh” agus na “Ríoghachta.”
Cluiche leathach dob eadh é. Níor thuill aon
taobh aca cailleamhaint. Má bhí mío-ádh féin
ar thaobh Chiarraighe go minic caithfear admháil
gur chosain na Lughmhuighigh a mbáire go hiongantach.
B'aoibhin agus budh shásamhach an spirid a
fhoilsigh an lucht féachta: ní raibh le clos
ach: “Buaidheadh an taobh is fearr.” Agus má
bhí annso agus annsúd fein cor-dhuine a bhí
beagan teasaidhe trí ródhúthracht mhúch greann
agus bínncharghaill an tsluaigh é.
Comórtas euchtach dob eadh é. Ó gach ball in
Éirinn tháinig daoine ann. Budh radharc tar
radarcaibh an slaod mór cealltar d'fheicsint
mórthímcheall na faithche, agus cuirfeadh sé
misneach agus muinghin i nduine ná raibh
scrothaidheacht fear nÉireann dulta i ndísc
fós.
Imroghar an cluiche so airís ó rud é nár
cinneadh ar Dé Domhnaigh agus sé ár súil go
n-imtheóchaidh sé fén spirid chéadna a imthigh sé
an lá deidheanach — deighintinn, dúthrachta,
greann, agus scléip.
Caithfear a rádh, ámhthach, ná fuil an faithche
in aochor chómh cóir agus budh cheart í bheith. Bhí
na mílte láithreach nár bhféidir leó faic d'fheic-
sint toisc an chóirighthe atá ar an áit. Is mio-
ádhmharach so. Nách feidir le Cumann na gCleas
lúth rud ar bith do dhéanamh chun a leasaighthe?
Budh cheart cao do thabhairt do dhaoinibh a thagas
achar fad an cluiche d'fheicsint. Mar deirimíd
bhí na mílte ann nár bhfeas dóibh cad bhí ar siubhal
ach mar d'inniseadh a gcómharsain gualann dóibh
gur b'í a n-ádh bheith leathtroigh níos aoirde nó
bheith n-a seasamh ar chosaibh daoine eile.
Seán Óg.