Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Fáith an Sgéil
Title
Fáith an Sgéil
Author(s)
Ní Dhonnchadha, Cáit,
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Fáith an Sgéil Ní dheachaidh acht céad míle de laighead ar Ghaedhilgeóiribh le fiche bliadhain. Sé sin chúig mhíle duine gach bliadhain. Ní fiú trácht thairis. Tá ag éirighe linn go háluinn. Beidh Árd-Fheis againn i gcionn an tsamhraidh i nGaillimh agus cainnt is fothram. Béidh an Cóisde Gnótha ann go buacach, is Árdthimthirí is Árdrunairí agus a lán daoine ciallmhara. Tá gach nídh a bhaineann linn "árd" agus táthar ag dul chun cinn go rí-mhaith. Ní ghearánann éinne. Leanfar ar an gcuma gcéadna ó bhliadhain go bliadhain. Beidh an ghairm sgoile céadna dhá chur amach ag bailiughadh airgid agus nach cuma go bhfuilimíd ag dul i laighead má bhéas an sparán teann. An Coiste Bíonn ionad coinne ag an gCoisde Gnótha uair sa mhí i mBleácliath. Dá mbeadh obair chun a dhéanta ag éinne bheadh sé chomh maith aige a shuaimhneas a ghlaca mar tá breis daoine ar an gcoisde sin, agus dá réir sin ní bhíonn ann acht cainnt go huair mhairbh na hoidhche. Ba dhóich leat-sa agus liom-sa nach bhfuil ann acht magadh, agus ba dhóich linn go ndéanfadh triúr fear an gnó go gasda. Cosaineann obair na coisde úd míle punt sa mbliadhain do réir mar a thuigim. Sé an chuma cheart é chun na teangan a chur chun cinn. Dá mbeadh sé de mhisneach ort a mhalairt a rádh thabharfaidhe alp ort nó dearfaidhe ná fuil ionnat acht cnámhdanaidhe. Ní réidhtigheann soin le fear réidh. Ní maith linn achrann. Tá an teist amuich ar Éireannaigh go bhfuil siad tugtha chun achrainn, agus dá dheasgaibh sinn dúnann fear machtnamh a bhéal. Ní dhéanfaidh béal iadhta toirmeasg. Acht tá an Ghaedhilg ag fágháil bháis ar a shon soin agus an Coisde Gnótha go saoráideacht ag bualadh le chéile i mBleacliath gach mí. Cad do b'áil leo annso? Nár chóra dhóibh bheith imeasg na nGaedheal agus an cosdas bóthair is puist is clódh is soluis is eile a chaitheamh ar mhuinnteóirí taistil sa Ghaedhealtacht. Ní chuirtear aon tsuim ionnta sa chathair seo. Ní fhuil aon Ghaedhilg dá labhairt annso; ní chloisfá focal di ar shráid ó cheann ceann de'n bhliadhain. Tá oifig fairsaing dhaor againn ann agus cosdas mór dá leanamhaint, agus ar ndóich ba chóir go mbeimís sásta. Bíodh foigne againn agus tuitfidh míorbhúilt amach lá éigin, agus láithreach bonn tosnófar ar Ghaedhilg do spreaga ar gach carbad coitcheann is bealach bóthair is cúinne sráide agus beidh ár dteanga i n-uachtair arís. Cuir fead asat ar phort na habhann agus gheóbhair breac. Fonn Troda Bhí fonn troda ar mhuinntir na Gaedhilge tá tamall maith ó shoin agus bhí súil agá lán againn go mbeadh bruighean is basga ann agus go ndéanfaidhe smiodrach de Bhórd an Oideachais. Acht mo thruagh mhór thú! Ní raibh ann acht gaoth is bladhgar. Sgaoil mé chun an bhodaigh acht ná leig an bodach chúgam. Daoine deasa séimhe macánta is eadh iad so ar an gCoisde Gnótha. Ní fhuil aon fonn troda ortha. Bíonn riaghlacha dá ndéanamh aca agus punta dá gcur i bhfeidhm, agus cuireann cleas- aidheacht de'n shaghas soin ag leamhgháiridhe an tsean bhórd Gall-Náisiúnta. Mo chreach chráidhte, a Ghaedheala na gcuisleann gan sibh-se nbúr ndúiseacht agus súistídhe agaibh mar shúiste Oscair. An Smacht Dála an CHLAIDHIMH SOLUIS, claidheamh 'na thruaill is eadh é. Ní leigfidhe do'n fhear eagair buille a bhualadh leis, ná fiú a nochtadh. Siúd is go ndearfadh an CLAIDHEAMH nó timthire focáilín i n-am tráth i gcoinnibh buanna sagairt éigin, nó maighistir sgoile, nó i n-aghaidh aon bhuicín eile sa tuaith go mbeadh saghas éigin cáile air, agus go ndéanfaidhe gearán, bheithfidhe sa mullach ar an gCLAIDHEAMH agus bhéarfaidhe ar chéascinn ar an dtimthire bocht. Mo thruagh an Ghaedhilg i dtíurtaoibh le coga de'n tsaghas. Nach beag an iongnadh, go bhfuil céad míle saighdiúir i neasba orainn i bhfiche bliadhain. Mar sin féin is mó é dóchas an Ghaedhil mar ba dhual dó. Chloiseadh a athaireacha guth an lámh-chabhartha sa n-oidhche. Má tá easnamh céad míle ar ár nArm ó thosnuighmair beidh sé riachtanach an oiread céadna a ghléasa chun catha agu cóir eile a chur ar an Arm. Cad déar- faidh an Taoiseach leis an Árd-Fheis acht a leithéid seo. "Cuiridh faobhar ar bhur bhfiaclaibh a bhuidhean gaisge. Táthar dh'ár dtiomáint ar gcúl. Caithfimíd ar mbrat a chunnlacht. Dúntar an oifig chosdasamhail sin i mBleacliath; sgaoil- tear an Coisde Gnótha, ghnidheadar a ndícheall ach mheathadar. Roinntear na baill seo áirithe d'Éirinn ina bhfiche rann, cuirtear ar bun comhairle de bhunaidhe na háite i ngach rann aca - déanfaidh triúr fear ciallmhara an gnó - agus tugtar muinnteoir maith fá na gcuram ar thuarasdal dhá chéad sa mbliadhain. Beidh trí fichid fear comhairle againn i n-ionad na Coisde Gnótha, ina na ballaibh ina mbeidh úsaideach, agus a bhfiche muinnteoir fá na gcuram agus fear sparáin suidhte i mball éigin cómhgarach. Díolfaidh Éire ar cosdas má theasbántar go mbeidh obair ar siubhal i n-ionad gleóigh is glaigínteacht. Sgaoiltear "An Claidheamh" Agus rud eile a Árd-Fheis, tá an CLAIDHEAMH SOLUIS mar ualach ar an gConnradh, sgaoiltear an páipéar soin agus leigtear dó seasamh ar a bhonnaibh féin feasda. Tá adhbhar páipéir mhaith Ghaedhealach ann agus cabhróchaidh na sgríbh- nóirí leis má tugtar cead cinn dó. Chuadhmair amúdha ar na bóithribh cois Bhleácliath agus bhí beag-mhuinighin ag na fíor-Ghaedhealaibh as ar gcuid geáitsidhe ó thúis, acht d'aimsighmair an bóthar ceart diadh ar ndiaidh agus ní baoghal le congnamh Dé 'ná gur b'é bóthar ár leasa é. Baramhail an tSaoghail "Arú beadh an saoghal ag magadh fúinn dá athruighimís an módh atá againn fá láthair", adéarfar. Agus adéarfaidh duine eile, "ní leómhfaimuis an oifig mhór so againn a thabhairt suas, siúd is go bhfuil sí gan tairbhe mar adeirir, mar bheadh an saoghal mór dhá rádh gur rabhamair brisde. A dhuine mo chroidhe na bac an saoghal. Ní chuireann an saoghal aon tsuim ionnat. Goile mór is eadh an saoghal, minid is méadal mar adéarfá 'ná fuil uaidh acht a bholg a líonadh. Ná bí ag brath ar shuim an tsaoghail. Níor déimead aon obair foghanta riamh ar an gcuma soin. Tá na Gaedhil ag déanamh ar fhásach fhiadhain dhuibhegánach agus báithfear iad. Muna gcreidir an méid sin taoi bodhar nó dall. Ní choisgfidh Bleácliath 'ná ein nidh a bhaineann le Bleácliath an Gaedheal ó'n nduibhegán. Siúd is go dtabharfadh muinntear siopaidhe is céirde annso sgilling no pinginn nó punt go dúr is go mí-chéadtach ar son na Gaedhilge fá mar a thugaidh des gach bailiúchán eile, mar is maith leo, ar son a ngnótha a bheith istigh leis gach cumann, ní theas- bánann a leithéid sin go bhfuil aon meas aca ar an nGaedhilg ná gur cuma leo i n-ainm an riaig cia aca a mhairfidh sí nó ná mairfidh. Teine Chnáimh sa Ghaedhealtacht Ní léireóchar gnó na Gaedhilge go deo ó'n áit seo. Deineadh iarracht ar í léiriughadh agus iarracht macánta misneamhail leis mar bhí fuinneamh ins na stiúrthóiridhe lá, acht ní raibh ann acht bladhm. Cé adhainfidh teine chnáimh sa Ghaedhealtacht a loisgfidh an Gall? Mo sheasamh ar an muinnteóir taisdil an dream is fearr agus is tairbhighe sa Chonnradh. Tugtar tuarasdal maith dhóibh is cabhair. Caithtear gach pinginn do bhailiughadh an Chonnradh sa Ghaedhealtacht agus beidh atharughadh sgéil i ndeich bliadhna ó indiu. Leantar ar shiubhal ar bhealach na nóinseach agus ar fhéachaint siar uainn deich mbliadhna ó indiu beidh sé le rádh againn "céad míle eile Gaedheal caillte ag an nGaedhealtacht." Chonách soin oraibh, adeirfidh an fear thall. Ná bhac an fear thall. Dírigh do shúile agus do mhisneach ar an muinnteóir taisdil úd agus a thriúr stúirthóiridhe sa Ghaedhealtacht. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services