Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Fáith an Sgéil

Title
Fáith an Sgéil
Author(s)
Ní Dhonnchadha, Cáit,
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Fáith an Sgéil



Ní dheachaidh acht céad míle de laighead ar
Ghaedhilgeóiribh le fiche bliadhain. Sé sin chúig
mhíle duine gach bliadhain. Ní fiú trácht thairis.
Tá ag éirighe linn go háluinn. Beidh Árd-Fheis
againn i gcionn an tsamhraidh i nGaillimh agus
cainnt is fothram. Béidh an Cóisde Gnótha ann
go buacach, is Árdthimthirí is Árdrunairí agus
a lán daoine ciallmhara. Tá gach nídh a bhaineann
linn "árd" agus táthar ag dul chun cinn go
rí-mhaith. Ní ghearánann éinne. Leanfar ar an
gcuma gcéadna ó bhliadhain go bliadhain. Beidh
an ghairm sgoile céadna dhá chur amach ag
bailiughadh airgid agus nach cuma go bhfuilimíd
ag dul i laighead má bhéas an sparán teann.



An Coiste



Bíonn ionad coinne ag an gCoisde Gnótha
uair sa mhí i mBleácliath. Dá mbeadh obair
chun a dhéanta ag éinne bheadh sé chomh maith
aige a shuaimhneas a ghlaca mar tá breis daoine
ar an gcoisde sin, agus dá réir sin ní bhíonn
ann acht cainnt go huair mhairbh na hoidhche.
Ba dhóich leat-sa agus liom-sa nach bhfuil ann
acht magadh, agus ba dhóich linn go ndéanfadh
triúr fear an gnó go gasda. Cosaineann
obair na coisde úd míle punt sa mbliadhain
do réir mar a thuigim. Sé an chuma cheart é chun
na teangan a chur chun cinn. Dá mbeadh sé
de mhisneach ort a mhalairt a rádh thabharfaidhe
alp ort nó dearfaidhe ná fuil ionnat acht
cnámhdanaidhe. Ní réidhtigheann soin le fear
réidh. Ní maith linn achrann. Tá an teist amuich
ar Éireannaigh go bhfuil siad tugtha chun achrainn,
agus dá dheasgaibh sinn dúnann fear machtnamh a
bhéal. Ní dhéanfaidh béal iadhta toirmeasg.
Acht tá an Ghaedhilg ag fágháil bháis ar a shon soin
agus an Coisde Gnótha go saoráideacht ag bualadh
le chéile i mBleacliath gach mí. Cad do b'áil
leo annso? Nár chóra dhóibh bheith imeasg na
nGaedheal agus an cosdas bóthair is puist is
clódh is soluis is eile a chaitheamh ar mhuinnteóirí
taistil sa Ghaedhealtacht. Ní chuirtear aon
tsuim ionnta sa chathair seo. Ní fhuil aon
Ghaedhilg dá labhairt annso; ní chloisfá focal
di ar shráid ó cheann ceann de'n bhliadhain. Tá
oifig fairsaing dhaor againn ann agus cosdas
mór dá leanamhaint, agus ar ndóich ba chóir go
mbeimís sásta. Bíodh foigne againn agus
tuitfidh míorbhúilt amach lá éigin, agus láithreach
bonn tosnófar ar Ghaedhilg do spreaga ar gach
carbad coitcheann is bealach bóthair is cúinne
sráide agus beidh ár dteanga i n-uachtair arís.
Cuir fead asat ar phort na habhann agus
gheóbhair breac.



Fonn Troda



Bhí fonn troda ar mhuinntir na Gaedhilge
tá tamall maith ó shoin agus bhí súil agá lán
againn go mbeadh bruighean is basga ann agus
go ndéanfaidhe smiodrach de Bhórd an Oideachais.
Acht mo thruagh mhór thú! Ní raibh ann acht gaoth
is bladhgar. Sgaoil mé chun an bhodaigh acht
ná leig an bodach chúgam.



Daoine deasa séimhe macánta is eadh iad so
ar an gCoisde Gnótha. Ní fhuil aon fonn troda
ortha. Bíonn riaghlacha dá ndéanamh aca agus
punta dá gcur i bhfeidhm, agus cuireann cleas-
aidheacht de'n shaghas soin ag leamhgháiridhe an
tsean bhórd Gall-Náisiúnta. Mo chreach chráidhte,
a Ghaedheala na gcuisleann gan sibh-se nbúr
ndúiseacht agus súistídhe agaibh mar shúiste
Oscair.



An Smacht



Dála an CHLAIDHIMH SOLUIS, claidheamh
'na thruaill is eadh é. Ní leigfidhe do'n fhear
eagair buille a bhualadh leis, ná fiú a nochtadh.
Siúd is go ndearfadh an CLAIDHEAMH nó
timthire focáilín i n-am tráth i gcoinnibh buanna
sagairt éigin, nó maighistir sgoile, nó i n-aghaidh
aon bhuicín eile sa tuaith go mbeadh saghas éigin
cáile air, agus go ndéanfaidhe gearán, bheithfidhe
sa mullach ar an gCLAIDHEAMH agus bhéarfaidhe
ar chéascinn ar an dtimthire bocht. Mo thruagh
an Ghaedhilg i dtíurtaoibh le coga de'n tsaghas.
Nach beag an iongnadh, go bhfuil céad míle
saighdiúir i neasba orainn i bhfiche bliadhain.



Mar sin féin is mó é dóchas an Ghaedhil
mar ba dhual dó. Chloiseadh a athaireacha guth
an lámh-chabhartha sa n-oidhche. Má tá easnamh
céad míle ar ár nArm ó thosnuighmair beidh sé
riachtanach an oiread céadna a ghléasa chun
catha agu cóir eile a chur ar an Arm. Cad déar-
faidh an Taoiseach leis an Árd-Fheis acht a
leithéid seo. "Cuiridh faobhar ar bhur bhfiaclaibh
a bhuidhean gaisge. Táthar dh'ár dtiomáint ar
gcúl. Caithfimíd ar mbrat a chunnlacht. Dúntar
an oifig chosdasamhail sin i mBleacliath; sgaoil-
tear an Coisde Gnótha, ghnidheadar a ndícheall
ach mheathadar. Roinntear na baill seo áirithe
d'Éirinn ina bhfiche rann, cuirtear ar bun
comhairle de bhunaidhe na háite i ngach rann aca -
déanfaidh triúr fear ciallmhara an gnó - agus
tugtar muinnteoir maith fá na gcuram ar
thuarasdal dhá chéad sa mbliadhain. Beidh trí
fichid fear comhairle againn i n-ionad na Coisde
Gnótha, ina na ballaibh ina mbeidh úsaideach, agus
a bhfiche muinnteoir fá na gcuram agus fear
sparáin suidhte i mball éigin cómhgarach.
Díolfaidh Éire ar cosdas má theasbántar
go mbeidh obair ar siubhal i n-ionad gleóigh
is glaigínteacht.



Sgaoiltear "An Claidheamh"



Agus rud eile a Árd-Fheis, tá an CLAIDHEAMH
SOLUIS mar ualach ar an gConnradh, sgaoiltear
an páipéar soin agus leigtear dó seasamh
ar a bhonnaibh féin feasda. Tá adhbhar páipéir
mhaith Ghaedhealach ann agus cabhróchaidh na sgríbh-
nóirí leis má tugtar cead cinn dó. Chuadhmair
amúdha ar na bóithribh cois Bhleácliath agus bhí
beag-mhuinighin ag na fíor-Ghaedhealaibh as ar
gcuid geáitsidhe ó thúis, acht d'aimsighmair
an bóthar ceart diadh ar ndiaidh agus ní baoghal
le congnamh Dé 'ná gur b'é bóthar ár leasa é.



Baramhail an tSaoghail



"Arú beadh an saoghal ag magadh fúinn dá
athruighimís an módh atá againn fá láthair",
adéarfar. Agus adéarfaidh duine eile, "ní
leómhfaimuis an oifig mhór so againn a thabhairt
suas, siúd is go bhfuil sí gan tairbhe mar
adeirir, mar bheadh an saoghal mór dhá rádh gur
rabhamair brisde.



A dhuine mo chroidhe na bac an saoghal. Ní
chuireann an saoghal aon tsuim ionnat. Goile
mór is eadh an saoghal, minid is méadal mar
adéarfá 'ná fuil uaidh acht a bholg a líonadh.
Ná bí ag brath ar shuim an tsaoghail. Níor
déimead aon obair foghanta riamh ar an gcuma
soin. Tá na Gaedhil ag déanamh ar fhásach
fhiadhain dhuibhegánach agus báithfear iad. Muna
gcreidir an méid sin taoi bodhar nó dall. Ní
choisgfidh Bleácliath 'ná ein nidh a bhaineann le
Bleácliath an Gaedheal ó'n nduibhegán. Siúd is go
dtabharfadh muinntear siopaidhe is céirde annso
sgilling no pinginn nó punt go dúr is go
mí-chéadtach ar son na Gaedhilge fá mar a thugaidh
des gach bailiúchán eile, mar is maith leo, ar son
a ngnótha a bheith istigh leis gach cumann, ní theas-
bánann a leithéid sin go bhfuil aon meas aca
ar an nGaedhilg ná gur cuma leo i n-ainm an
riaig cia aca a mhairfidh sí nó ná mairfidh.



Teine Chnáimh sa Ghaedhealtacht



Ní léireóchar gnó na Gaedhilge go deo ó'n
áit seo. Deineadh iarracht ar í léiriughadh agus
iarracht macánta misneamhail leis mar bhí
fuinneamh ins na stiúrthóiridhe lá, acht ní raibh
ann acht bladhm. Cé adhainfidh teine chnáimh sa
Ghaedhealtacht a loisgfidh an Gall? Mo sheasamh
ar an muinnteóir taisdil an dream is fearr
agus is tairbhighe sa Chonnradh. Tugtar tuarasdal
maith dhóibh is cabhair. Caithtear gach pinginn
do bhailiughadh an Chonnradh sa Ghaedhealtacht
agus beidh atharughadh sgéil i ndeich bliadhna
ó indiu. Leantar ar shiubhal ar bhealach na
nóinseach agus ar fhéachaint siar uainn deich
mbliadhna ó indiu beidh sé le rádh againn "céad
míle eile Gaedheal caillte ag an nGaedhealtacht."
Chonách soin oraibh, adeirfidh an fear thall. Ná
bhac an fear thall. Dírigh do shúile agus do
mhisneach ar an muinnteóir taisdil úd agus a
thriúr stúirthóiridhe sa Ghaedhealtacht.



Conán Maol



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services