Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Bhantracht
Title
An Bhantracht
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Bhantracht Chonnaiceamar ar pháipéar lá le goirid sgéala i dtaobh ban na dTurc. Tá cuid aca tar éis gnás a gcinidh agus a gcreidimh do bhriseadh dfhonn fóirthint ar a dtír. Chuir buidhean bheag aca tiomsughadh ar bhantracht na hárdchathrach. Tháinigeadar an bhantracht i dteannta a chéile. Mínigheadh dóibh go raibh an námha ag fagháil treise ar a dtír agus go raibh easbaidh airgid ar an Riaghaltas agus go raibh easpaidh éadaigh is bidh ar an arm. Bhí congnamh ban ag teastáil go géar. Bhí sé de gheasaibh ar mhnáibh gan baint le cúrsaíbh an phobuil nó le cúrsaíbh an Riaghaltais, acht na mná a tháinig le chéile san mhórchruinniú soin thug cuid aca a seoda uatha mar chongnamh; thug cuid eile aca a gcuid brat a deineadh le haghaidh a ngrianán; chuaidh cuid eile fós aca a bhaile agus chromadar ar éadaigh do dhéanamh do'n arm. Léigheamar beagán de'n chainnt a dubhairt bean aca ar an gcruinniú. Dubhairt sí go raibh easnamh mór ar an gcine; ní raibh aon dian-ghrádh aca dá chéile ná dá dtír. Ar an adhbhar sin ní raibh croidhe na bhfear sa troid. Léigh sí do'n lucht éisteacht focla so atá gearrtha ar leacht sean-ríogh: Níor chodail mé d'oidhche agus níor staon mé de ló acht ag obair ar son mo mhuintire. Dubhairt sí tar éis sin gur do na mnáibh is cóir an teas-ghrádh tíre agus an dílse do theagasg do'n óige. Ní go minic a chídhthear mná Gaedheal guala ar ghualainn le n-a ndearbhrátharachaibh ag troid i n-aghaidh galldachais, acht tá cordhuine aca ag saothrú go dúthrachtach ar son cúise na Gaedhilge. Bhí sgéal ar an gClaidheamh seachtmhain ó shoin i dtaobh Banrúnaire Craoibhe Chille Coinnigh a bhfuil cáil ar fud na hÉireann le dúthracht agus dílse. Duine eile atá ag tabhairt aighthe ar an obhair 'seadh Neillí Ní Bhriain. Tá sí anois ag cur fúithe i gCarrraig an Chobhaltaigh mar chúramóir ar sgoil tioghbhais annsin. Déantar an teagasg tríd an nGaedhilg agus fostuighthar na cailíní ag Gaedhealaibh nuair a bhíonn siad ullamh sa sgoil. Tá bean uasal eile i nAcaill — Bean Uasail — agus roinnt bliadhanta ó shoin dhírigh sí a haigne agus a neart agus neart a maoine ar obair na Gaedhilge. Má tá trácht ar Acaill faoi láthair is dí-se ba chóir dúinn bheith buidheach. 'Sí is cionntach le go bhfuil sgoil Gaedhilge ar an Oileán, le go bhfuil sgoltacha dhátheangacha ann. An Gaedheal úd ó'n Iarthar a bhíos ag bronnadh duaiseann ar chloinn Chaoilte na Rann is bean uasal í atá ag obair do'n Ghaedhilg le fiche bliain. Na mná riaghalta atá ag cabhrughadh linn sa troid seo le Gallaibh támuid faoi gheasaibh gan iad a luadh, acht táid ann agus tá ár mbuidheachas tuillte aca. Chídhmid annso i mBaile Átha Cliath buidhnte ban ag obair ar son na Gaedhilge. Níl aon locht againn ortha acht nach bhfuil go leor aca ann. Truagh gan iad 'gár ngríosughadh. Truagh gan iad 'gár láidriughadh le n-a gcabhair. Truagh gan iad 'gár gceangladh i n-aondacht le n-a gcaradas. Tá fear amháin i gConnradh na Gaedhilge a thuigeas cé'n comhacht atá ag mnáibh ar fhearaibh agus ar an óige. Siné an tAthair Maitiú Mac Uidhir. Chuir se sgoltacha oidhche ar bun ina pharáiste do na cailíníbh. Le linn an tsamhraidh a bhíonn na sgoltacha oidhche ar bun. Múintear do'n lucht foghlumtha tioghbhas, an Ghaedhilg agus stair na hÉireann. Múintear dóibh rinnce agus amhránaidheacht freisin, agus tá an nós Gaedhealach go binn ag cuid mhaith de na cailíníbh. Bíonn céidh Dhoire Cholumcille dubh le Ultaigh ag imtheacht ar an imirce na laetheannta so, acht ní théidheann Gaedhil Chille Sgíre ar an imirce. Thuig an sagart gur féidir taitneamh do chur ar an saoghal i dTír Eoghain chomh maith le Nua Eabhrach. Thosuigh sé leis na sgoltacha oidhche seacht mblianta ó shoin agus anois tá cuid mhaith de na cailíníbh a bhí ar sgoil an chéad bhliain pósta sa mbaile — tá deatach ag eirghe ó n-a dteinnteáin féin, adeir an tAthair Maitiú. Tá cuid aca ag múineadh sgoile i nGaillimh agus i dTír Conaill. Tá cuid mhór aca mar theagascóirí ar fud na tuaithe. Cuireadh cumann comógaidheacht ar bun i gCill Sgíre atá tamall ó shoin agus cleachtuighthear an chámóg ann faoi dhó sa tseachmhain. Ní dóigh linn go bhfuil áit ar bith eile i nÉirinn a mbíonn sgoltacha ar son na gcailíní ar bun sa samhradh. Is truagh ná sanntuigheann na mná an t-eolas agus an bhéasaidheacht agus an ceol agus an comhacht a thugas an t-eolas dóibh. Is féidir na sgoltacha oidhche do phréamhú ar fud na hÉireann uile. Feileann an samhradh do chailíníbh óga agus is fearr le lucht teagaisg é ná an geimhreadh. Dá mbeadh sgoil ar bun i mbaile nó i mball tuaithe bheadh go leor ag cabhrú léithe. Ní bheadh dócamhail ar bith ar an mbainisteoir í a choinneál ar a cosaibh. Thiocfadh na sagairt le lámh chonganta do thabhairt don oide. D'fhéadfaidhe fios do chur ar theagasgóiríbh na Comhairle Conndae agus thiocfaidís le fonn mar go dtéidheann sé righte leo féin lucht éisteachta do mhealladh le chéile. Tá Mná Aontuighthe na hÉireann réidh i gcomhnaidhe le congnamh do thabhairt do'n Chonnradh agus do sgoltachaibh. Na timthirí agus na múinteoirí taisdil dhéanfaidís a ndícheall chun obair de'n tsaghas so do chur ar aghaidh. Is féidir an Bord Násiúnta féin do thabhairt isteach linn agus congnamh d'fhagháil uaidh. Caithfidh an Bord íoc ar an obair má deantar í de réir riaghlacha atá ceaptha do na sgoltachaibh oidhche. Rud eile tá fábhrach do Chonnradh na Gaedhilge; glactar le múinteoiríbh nach bhfuil na n-idhibh náisiúnta. Tá beirt múintoiríbh taistil ag obair i gCill Sgíre agus tuarastal maith dóibh ó Choiste an Pharáiste.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services