Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Bhantracht

Title
An Bhantracht
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Bhantracht



Chonnaiceamar ar pháipéar lá le goirid sgéala
i dtaobh ban na dTurc. Tá cuid aca tar éis
gnás a gcinidh agus a gcreidimh do bhriseadh
dfhonn fóirthint ar a dtír. Chuir buidhean bheag aca
tiomsughadh ar bhantracht na hárdchathrach.
Tháinigeadar an bhantracht i dteannta a chéile.
Mínigheadh dóibh go raibh an námha ag fagháil
treise ar a dtír agus go raibh easbaidh airgid
ar an Riaghaltas agus go raibh easpaidh éadaigh is
bidh ar an arm. Bhí congnamh ban ag teastáil
go géar. Bhí sé de gheasaibh ar mhnáibh gan
baint le cúrsaíbh an phobuil nó le cúrsaíbh an
Riaghaltais, acht na mná a tháinig le chéile san
mhórchruinniú soin thug cuid aca a seoda uatha
mar chongnamh; thug cuid eile aca a gcuid brat
a deineadh le haghaidh a ngrianán; chuaidh cuid eile
fós aca a bhaile agus chromadar ar éadaigh do
dhéanamh do'n arm. Léigheamar beagán de'n
chainnt a dubhairt bean aca ar an gcruinniú.
Dubhairt sí go raibh easnamh mór ar an gcine;
ní raibh aon dian-ghrádh aca dá chéile ná dá dtír.
Ar an adhbhar sin ní raibh croidhe na bhfear sa
troid. Léigh sí do'n lucht éisteacht focla so
atá gearrtha ar leacht sean-ríogh: Níor chodail
mé d'oidhche agus níor staon mé de ló acht ag
obair ar son mo mhuintire. Dubhairt sí tar éis
sin gur do na mnáibh is cóir an teas-ghrádh
tíre agus an dílse do theagasg do'n óige.



Ní go minic a chídhthear mná Gaedheal guala
ar ghualainn le n-a ndearbhrátharachaibh ag troid
i n-aghaidh galldachais, acht tá cordhuine aca ag
saothrú go dúthrachtach ar son cúise na Gaedhilge.
Bhí sgéal ar an gClaidheamh seachtmhain ó
shoin i dtaobh Banrúnaire Craoibhe Chille Coinnigh
a bhfuil cáil ar fud na hÉireann le dúthracht
agus dílse. Duine eile atá ag tabhairt aighthe
ar an obhair 'seadh Neillí Ní Bhriain. Tá sí
anois ag cur fúithe i gCarrraig an Chobhaltaigh
mar chúramóir ar sgoil tioghbhais annsin.
Déantar an teagasg tríd an nGaedhilg agus
fostuighthar na cailíní ag Gaedhealaibh nuair a
bhíonn siad ullamh sa sgoil. Tá bean uasal eile i
nAcaill — Bean Uasail — agus roinnt bliadhanta
ó shoin dhírigh sí a haigne agus a neart agus
neart a maoine ar obair na Gaedhilge. Má
tá trácht ar Acaill faoi láthair is dí-se ba chóir
dúinn bheith buidheach. 'Sí is cionntach le go
bhfuil sgoil Gaedhilge ar an Oileán, le go bhfuil
sgoltacha dhátheangacha ann. An Gaedheal úd
ó'n Iarthar a bhíos ag bronnadh duaiseann ar
chloinn Chaoilte na Rann is bean uasal í atá
ag obair do'n Ghaedhilg le fiche bliain. Na mná
riaghalta atá ag cabhrughadh linn sa troid seo
le Gallaibh támuid faoi gheasaibh gan iad a luadh,
acht táid ann agus tá ár mbuidheachas tuillte
aca. Chídhmid annso i mBaile Átha Cliath buidhnte
ban ag obair ar son na Gaedhilge. Níl aon locht
againn ortha acht nach bhfuil go leor aca ann.
Truagh gan iad 'gár ngríosughadh. Truagh gan
iad 'gár láidriughadh le n-a gcabhair. Truagh
gan iad 'gár gceangladh i n-aondacht le n-a
gcaradas.



Tá fear amháin i gConnradh na Gaedhilge a
thuigeas cé'n comhacht atá ag mnáibh ar fhearaibh
agus ar an óige. Siné an tAthair Maitiú Mac
Uidhir. Chuir se sgoltacha oidhche ar bun ina
pharáiste do na cailíníbh. Le linn an tsamhraidh
a bhíonn na sgoltacha oidhche ar bun. Múintear do'n
lucht foghlumtha tioghbhas, an Ghaedhilg agus
stair na hÉireann. Múintear dóibh rinnce
agus amhránaidheacht freisin, agus tá an nós
Gaedhealach go binn ag cuid mhaith de na cailíníbh.
Bíonn céidh Dhoire Cholumcille dubh le Ultaigh
ag imtheacht ar an imirce na laetheannta so,
acht ní théidheann Gaedhil Chille Sgíre ar an
imirce. Thuig an sagart gur féidir taitneamh
do chur ar an saoghal i dTír Eoghain chomh maith
le Nua Eabhrach. Thosuigh sé leis na sgoltacha
oidhche seacht mblianta ó shoin agus anois tá
cuid mhaith de na cailíníbh a bhí ar sgoil an chéad
bhliain pósta sa mbaile — tá deatach ag eirghe
ó n-a dteinnteáin féin, adeir an tAthair Maitiú.
Tá cuid aca ag múineadh sgoile i nGaillimh
agus i dTír Conaill. Tá cuid mhór aca mar
theagascóirí ar fud na tuaithe. Cuireadh
cumann comógaidheacht ar bun i gCill Sgíre
atá tamall ó shoin agus cleachtuighthear an
chámóg ann faoi dhó sa tseachmhain.



Ní dóigh linn go bhfuil áit ar bith eile i nÉirinn
a mbíonn sgoltacha ar son na gcailíní ar bun
sa samhradh. Is truagh ná sanntuigheann na
mná an t-eolas agus an bhéasaidheacht agus
an ceol agus an comhacht a thugas an t-eolas
dóibh. Is féidir na sgoltacha oidhche do phréamhú
ar fud na hÉireann uile. Feileann an samhradh
do chailíníbh óga agus is fearr le lucht teagaisg
é ná an geimhreadh. Dá mbeadh sgoil ar bun
i mbaile nó i mball tuaithe bheadh go leor ag
cabhrú léithe. Ní bheadh dócamhail ar bith
ar an mbainisteoir í a choinneál ar a cosaibh.
Thiocfadh na sagairt le lámh chonganta do
thabhairt don oide. D'fhéadfaidhe fios do chur
ar theagasgóiríbh na Comhairle Conndae agus
thiocfaidís le fonn mar go dtéidheann sé
righte leo féin lucht éisteachta do mhealladh le
chéile. Tá Mná Aontuighthe na hÉireann réidh
i gcomhnaidhe le congnamh do thabhairt do'n
Chonnradh agus do sgoltachaibh. Na timthirí
agus na múinteoirí taisdil dhéanfaidís a
ndícheall chun obair de'n tsaghas so do chur ar
aghaidh. Is féidir an Bord Násiúnta féin do
thabhairt isteach linn agus congnamh d'fhagháil
uaidh. Caithfidh an Bord íoc ar an obair má
deantar í de réir riaghlacha atá ceaptha do na
sgoltachaibh oidhche. Rud eile tá fábhrach do
Chonnradh na Gaedhilge; glactar le múinteoiríbh
nach bhfuil na n-idhibh náisiúnta. Tá beirt
múintoiríbh taistil ag obair i gCill Sgíre agus
tuarastal maith dóibh ó Choiste an Pharáiste.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services