Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaí an tSaoghail. Turas ar Ghaedhealtacht an Chláir
Title
Cúrsaí an tSaoghail. Turas ar Ghaedhealtacht an Chláir
Author(s)
Ó Súilleabháin, Proinnseas,
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaí an tSaoghail. Turas ar Ghaedhealtacht an Chláir. Tháinig laetheanta saoire na Cásga is dúbhart liom féin nár bhfearrde rud a dhéanfainn ná seal a chaitheamh imeasg Gaedheal Ghaedhealtachta an Chláir. Téidhean bád ó Luimneach go Cill Ruis is shocruigheas im' aigne gluaiseacht uirthi. Aimsir gharbh fhiadhain a bhí ann is ghluaiseas liom ar mhuin mo rothair go Calaidhthe Chiarraighe; isteach sa bhád agus chun siúbhal linn treasna na Sionainne. Bhí an bád dhá luascadh ó thaobh taobh leis an ndoineann is cumhar na fairrge ag teacht de léim lúth de dhruim taoibh na luinge, is an bád mar eala, ó bharr go tóin gach tuinne. Ba shólasach is ba haoibhinn an radharc a bhí le feiscint — abha na Sionainne dá síneadh féin abhfad uainn soir is na hoileáin bheaga 'na sámh-gcodladh 'na brollach; réidhte is machairí míne so-fheisceanacha Luiminighe ar a' dtaobh theas, is cnuic, sléibhte, is cnocáin an Chláir ar a' dtaobh thuaidh dá n-árdúghadh féin go modhamhail ó achrann an cheóidh a bhí na dtimcheall; na tonn- tacha fíochmhara feargacha dá n-únfairt féin le fuinneamh is glór i gcoinnibh na gcarraigeach sleamhaine cruadha, atá mar laochra cosanta ar imeall bhórdaibh na tíre. I gCill Ruis a tháing an bád i dtír is ba mhaith an mhaise dhi é, bhí an uain chomh doicheallach san. As súd liom go Cill Chaoi na dtonn ceóil, is raide báistíghe dá síor bhualadh féin im' aghaidh, is níor stad cos ná lámh liom gur sroiseas Carraig a' Chobhaltaigh, ach amháin go mbíodh seanchus agam anois is arís le seanduine nó le seana- bhean, is bheirim-se paidhrean go bhfuil Ghaedhilg aca i n-aice Charraig an Chobhaltaigh. Ar maidin lár na mháireach a bhí chugainn (Lá Fhéile Pádruig) thugamair cuaird ar a gCrois. Bhí an bailiú i gómhair ciste na teangan ar siubhal annsan romhainn ag geata an tséipéil; is chabhraigh an sagart paróiste — an tAthair Mac Flannachadha — go maith leis. Tar éis Aifrinn bhí cruinniughadh puiblídhe againn, is cuireadh an rún so i bhfeidhim:— Is mian linn ár mbuidheachas a ghabháil le hÁrd Chomhairle na gComhairlí gConntae i dtaobh a bhfuil déanta aca ar son teangan agus Cúise na hÉireann. Taisbeáinid siad go soiléir gur fíor Ghaedhil iad is ná leigfid siad do Bhirell ná do Shéan Díolúin ná d'aon lucht feill eile brúgh isteach ortha i gceist go bhfuil baint aici le Náisiúntacht na hÉireann. Cáineadh an Birrellach agus Seán Díolúin go mór is dúbharathas gur deineadh an ceart an bhreab a chaitheamh thar nais chúcha airís. Labhair Aodh Ó Tuama is Mícheál Ruadh Ó Catháin go fuinneamhail fearamhil ar thaobh an rúin. Mholadar dos na daoinibh an Ghaedhilg a labhairt dá gclainn sa bhaile, i dtreó is go mbeadh sí aca ar theacht chun na sgoile dhóibh i n-ionad an Bhéarla bhriste atá ag á lán fá láthair. Tá sprid mhaith Ghaedhealach insna daoine san Iarthar agus is deagh chómhartha é sin ar an obair atá déanta ag Aodh Ó Tuama 'na measg ar son cúise na teangan. Is soiléir go bhfuil ag eirghe leis go geal, is go bhfuiltear i ndáríribh i dtaobh na Gaedhilge a choimheád dá labhairt ar fud na ngleann is na gcúm is na gcnoc mar a bhfuil sí le clos fós. Mar dheire ar obair an lae bhí céilidhe aca- cruinniúghadh lucht na gcraobh uile — agus is ann a bhí an greann agus an spóirt agus an t-aoibhneas. Ní raibh le clos ó óg is aosta ach a dteanga dhúthchais féin is b'shin é chuir an t-iongnadh agus an t-áthas orm, mar ní rabhas riamh sa bhfíor Ghaedhealtacht go dtí san. Bhí an sgoil polcaidhthe ó thaobh taobh le daoine ag éisteacht leis an gceól is ag féachaint ar an rinnce. “Dá fhaid é an lá tagann a dheire.” Tháinig deire na ceilidhe is ní misde a rádh go raibh crón agus tuirse orainn go léir. Chaitheas an chuid eile de'n aimsir i gColáiste Eóghain Uí Chomhráidhe agus go deimhin is go dearbhtha 'sé an áit is slainteamhla agus is fiadhaine é dár bhuail riamh fós umam i n-aon treó dár ghabhas. Tá an coláiste suidhte ar bharr trágha na mara ar aghaidh na fairrge gan foithin coille ná cnoc ar aon taobh de ach é go fiadhain uaigneach 'na aonar. Tá tighthe slacht- mhara compórdacha ann agus is féidir do neach ar bith ceann aca a thógaint ar chíos ó mhuintir an choláiste. Tá Neillí Ní Bhriain 'na cómhnaidhe ann anois agus dá chómhartha san féin tá slacht ar an áit. Deintear scoláirí a ollamhughadh i gómhair sgrúdughadh ann anois, agus déanfar feasda cloisim. Múintear Gaedhilg, Laidion, Frainncis, agus adhbhair eile ann nuair a theasduigheann ó aoinne ealadhan nó teanga áirighthe d'fhoghluim. Ní fhéadfaidhe áit níos fearr ná níos Gaedhealaighe 'fhághail i gcomhair sgoile léighinn, agus tá súil ag an uile duine go raghaidh sé i dtreise i léighean agus i náisiúntacht i n-aghaidh a' lae is go mbeidh sé mar chumhneamh oireamhnach ar obair is léigheann Eoghain Uí Chomhraidhe. Proinnseas Ó Súilleabháin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services