Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaí an tSaoghail. Turas ar Ghaedhealtacht an Chláir

Title
Cúrsaí an tSaoghail. Turas ar Ghaedhealtacht an Chláir
Author(s)
Ó Súilleabháin, Proinnseas,
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaí an tSaoghail.



Turas ar Ghaedhealtacht an Chláir.



Tháinig laetheanta saoire na Cásga is dúbhart
liom féin nár bhfearrde rud a dhéanfainn ná
seal a chaitheamh imeasg Gaedheal Ghaedhealtachta
an Chláir. Téidhean bád ó Luimneach go Cill Ruis
is shocruigheas im' aigne gluaiseacht uirthi.



Aimsir gharbh fhiadhain a bhí ann is ghluaiseas
liom ar mhuin mo rothair go Calaidhthe
Chiarraighe; isteach sa bhád agus chun siúbhal
linn treasna na Sionainne. Bhí an bád dhá
luascadh ó thaobh taobh leis an ndoineann is
cumhar na fairrge ag teacht de léim lúth de
dhruim taoibh na luinge, is an bád mar eala, ó
bharr go tóin gach tuinne.



Ba shólasach is ba haoibhinn an radharc a bhí
le feiscint — abha na Sionainne dá síneadh féin
abhfad uainn soir is na hoileáin bheaga 'na
sámh-gcodladh 'na brollach; réidhte is machairí
míne so-fheisceanacha Luiminighe ar a' dtaobh
theas, is cnuic, sléibhte, is cnocáin an Chláir ar a'
dtaobh thuaidh dá n-árdúghadh féin go modhamhail
ó achrann an cheóidh a bhí na dtimcheall; na tonn-
tacha fíochmhara feargacha dá n-únfairt féin le
fuinneamh is glór i gcoinnibh na gcarraigeach
sleamhaine cruadha, atá mar laochra cosanta ar
imeall bhórdaibh na tíre. I gCill Ruis
a tháing an bád i dtír is ba mhaith an mhaise
dhi é, bhí an uain chomh doicheallach san. As súd
liom go Cill Chaoi na dtonn ceóil, is raide
báistíghe dá síor bhualadh féin im' aghaidh, is níor
stad cos ná lámh liom gur sroiseas Carraig a'
Chobhaltaigh, ach amháin go mbíodh seanchus
agam anois is arís le seanduine nó le seana-
bhean, is bheirim-se paidhrean go bhfuil Ghaedhilg
aca i n-aice Charraig an Chobhaltaigh.



Ar maidin lár na mháireach a bhí chugainn (Lá
Fhéile Pádruig) thugamair cuaird ar a gCrois.
Bhí an bailiú i gómhair ciste na teangan ar
siubhal annsan romhainn ag geata an tséipéil;
is chabhraigh an sagart paróiste — an tAthair
Mac Flannachadha — go maith leis. Tar éis
Aifrinn bhí cruinniughadh puiblídhe againn, is
cuireadh an rún so i bhfeidhim:—



Is mian linn ár mbuidheachas a ghabháil le
hÁrd Chomhairle na gComhairlí gConntae i
dtaobh a bhfuil déanta aca ar son teangan agus
Cúise na hÉireann. Taisbeáinid siad go soiléir
gur fíor Ghaedhil iad is ná leigfid siad do Bhirell
ná do Shéan Díolúin ná d'aon lucht feill eile
brúgh isteach ortha i gceist go bhfuil baint aici le
Náisiúntacht na hÉireann.



Cáineadh an Birrellach agus Seán Díolúin go
mór is dúbharathas gur deineadh an ceart an
bhreab a chaitheamh thar nais chúcha airís. Labhair
Aodh Ó Tuama is Mícheál Ruadh Ó Catháin go
fuinneamhail fearamhil ar thaobh an rúin.
Mholadar dos na daoinibh an Ghaedhilg a labhairt
dá gclainn sa bhaile, i dtreó is go mbeadh sí
aca ar theacht chun na sgoile dhóibh i n-ionad
an Bhéarla bhriste atá ag á lán fá láthair.



Tá sprid mhaith Ghaedhealach insna daoine
san Iarthar agus is deagh chómhartha é sin ar an
obair atá déanta ag Aodh Ó Tuama 'na measg
ar son cúise na teangan. Is soiléir go bhfuil ag
eirghe leis go geal, is go bhfuiltear i ndáríribh
i dtaobh na Gaedhilge a choimheád dá labhairt ar
fud na ngleann is na gcúm is na gcnoc mar
a bhfuil sí le clos fós.



Mar dheire ar obair an lae bhí céilidhe aca-
cruinniúghadh lucht na gcraobh uile — agus is ann
a bhí an greann agus an spóirt agus an
t-aoibhneas. Ní raibh le clos ó óg is aosta
ach a dteanga dhúthchais féin is b'shin é chuir an
t-iongnadh agus an t-áthas orm, mar ní rabhas
riamh sa bhfíor Ghaedhealtacht go dtí san. Bhí an
sgoil polcaidhthe ó thaobh taobh le daoine ag
éisteacht leis an gceól is ag féachaint ar an
rinnce. “Dá fhaid é an lá tagann a dheire.”
Tháinig deire na ceilidhe is ní misde a rádh go
raibh crón agus tuirse orainn go léir.



Chaitheas an chuid eile de'n aimsir i gColáiste
Eóghain Uí Chomhráidhe agus go deimhin is go
dearbhtha 'sé an áit is slainteamhla agus is
fiadhaine é dár bhuail riamh fós umam i n-aon
treó dár ghabhas. Tá an coláiste suidhte ar
bharr trágha na mara ar aghaidh na fairrge gan
foithin coille ná cnoc ar aon taobh de ach é go
fiadhain uaigneach 'na aonar. Tá tighthe slacht-
mhara compórdacha ann agus is féidir do neach ar
bith ceann aca a thógaint ar chíos ó mhuintir an
choláiste. Tá Neillí Ní Bhriain 'na cómhnaidhe
ann anois agus dá chómhartha san féin tá slacht
ar an áit.



Deintear scoláirí a ollamhughadh i gómhair
sgrúdughadh ann anois, agus déanfar feasda
cloisim. Múintear Gaedhilg, Laidion, Frainncis,
agus adhbhair eile ann nuair a theasduigheann
ó aoinne ealadhan nó teanga áirighthe d'fhoghluim.



Ní fhéadfaidhe áit níos fearr ná níos
Gaedhealaighe 'fhághail i gcomhair sgoile léighinn,
agus tá súil ag an uile duine go raghaidh sé
i dtreise i léighean agus i náisiúntacht i
n-aghaidh a' lae is go mbeidh sé mar chumhneamh
oireamhnach ar obair is léigheann Eoghain Uí
Chomhraidhe.



Proinnseas Ó Súilleabháin.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services