Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaí an tSaoghail. Éagcóir ar Ghaeilgeoiríbh
Title
Cúrsaí an tSaoghail. Éagcóir ar Ghaeilgeoiríbh
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaí an tSaoghail. Éagcóir ar Ghaeilgeoiríbh. Mholamar an troid do mhuintir an Spidéil atá tamall ó shoin. Níor thosuigheadar ar an troid fós. Chualamar go raibh faobhar ortha chun tabhairt faoi lucht an Bhéarla a bhí 'gá gcur chuca ag na Buird agus ag an Rialtas. Maoluigheadh ortha arís acht ní heol dúinn céard do mhaoiligh iad. Tá an maolú sin ag neartú leis an mBéarla cheana féin, ins an Spidéal agus i n-áiteannaibhh atá a bhfad uaidh. Bhí cúis troda ag muintir an Spidéil. Bhí dochtúir aca agus é taobh le Béarla. Bhí oifigeach peinsiúin aca agus é ar an modh céadna. Bhí Iúistís ag teacht chuca agus níor thuig sé focal dá gcainnt. Bhí cigirí sgoile ag teacht chuca agus níor fhéadadar an Ghaedhilg do labhairt nó do léigheamh. Bhí múinteoir Lásaí gan Gaedhilg aca agus bhí teagasgóirí gan Ghaedhilg ag teacht chuca ó'n gComhairle gConndae. 'Sí an Ghaedhilg an teanga is láidrighe san gceanntar. Níl aon ghreim gur fiú trácht air ag an mBéarla 'san áit. Tá beagán teaghlach ina labhartar é acht ní fhéadfaidhe teagasg do dhéanamh as Béarla acht teagasg i n-aisge. Agus ní fhéadfaidhe gnó do dhéanamh le muintir na háite gan Gaedhilg, agus dá bhféadtaoi níor chóir a dhéanamh. 'Siad muintir an Spidéil a chothuigheas na teasgóirí uile. Díolann siad a gcuid cánach go cóir cneasta le Riaghaltas agus le Comhairle an Chonndae. Ní chuireann an Rialtas ná an Comhairle blas suime ionnta acht an cháin a bhailiú. Cuireadh teagasgóir cóicearachta go dtí an Spidéal le goirid. Níl aon rádh amháin Gaedhilge aice. Tá fios a céirde aice, deirtear, acht cé'n mhaith í a chur go dtí an Ghaedhealtacht? Táthar tar éis cléireach d'Aondacht Bhéil an Mhuirthid do thoghadh. Chídhtear dúinn go raibh conspóid agus sáruigheacht ag Cosantóiríbh na mBocht i dtaobh tréithre na beirte do bhí ag iarraidh an post d'fhagháil, acht níor luaigheadh an Ghaedhilg, agus tá Béal an Mhuirthid ar cheann de na háiteannaibh is Gaedhealaighe dá bhfuil in Éirinn. Is líonmhaire iad na Gaedhilgeoirí anois ann 'ná ariamh. Nuair a bhí tomhaiseoir dá thoghadh do'n taobh tíre céadna an mhí seo caithte toghadh fear gan Gaedhilg. Cuireadh sagart óg nach bhfuil Ghaedhilg aige go hÁrainn anuraidh. Táthar tar éis dochtúir leighis gan Ghaedhilg do chur siar go dtí muintir an Daingin. Éagcóra iad so tá gá n-áireamh againn do rinneadh le goirid. Ár muintir féin is mó is cionntach leo. Tá na Gaedhil sásta le n-a gcrann, acht is olc an crann é, agus ní cóir dóibh a fhulgaint. Is beag neart atá ag Connradh na Ghaedhilge ar lucht déanta na n-éagcóir. Mara bhfuil féin caithfear an neart atá againn d'fhéachaint leo. Caithfear an misneach do chur ionnta. Caithfear an teacht i láthair agus an tógáil cinn agus an dánaidheacht do mhúineadh dóibh. Tá dearg-éagcóir dá déanamh ag gach aon dream ortha. Dá dtuigidís an méad sin thiocfadh buile ortha agus dhíolfadh lucht na héagcóra as an bhféarach gan mhoill. Téidhimís chuca agus cuirimís an buile ortha. Cuirimís i gcéill dóibh nach gádh dóibh glacadh le Béarlóiríbh mar theagasg- óirí, nó mar dhochtúirí, nó mar shagairt, nó mar sheibhísí do'n phobul. Trí bliana ó shoin bhí éagcóir 'gá déanamh ar mhuintir Árann ag an gComhairle Conndae. D'éirigh an gcochall ar na hÁrainnighibh. Dhiúltuigheadar an cháin do dhíol leis an mbailightheoir. Níor leigeadar do theacht i dtír ar an Oileán. Bhí buile ar an gComhairle, acht dubhairt na hÁrainnigh leo dul ag feadghail. Laghduigheadh ar an mbuile ar ball. Ceartuigheadh an éagcóir a bhí gá déanamh ar mhuintir an Oileáin, agus dhíol na hÁrainnigh an cháin tar éis sin. Tá teagasg ins an méad sin sgéil dúinn féin. Tugtar fógra do na Buird go léir ag Gaedhealaibh an Spidéil agus ag muintir an Daingin agus muintir Bhéil an Murirthid. Mara n-éistighthear leis an bhfógra diúltaighthear an cháin do dhíol. Má déantaoi é seo i n-aon cheanntar amháin cuirfidh sé an éagcóír atáthar 'gá déanamh ar an nGaedhilg i gcéill do'n saoghal Fódlach. Béidh a fhios ag muintir na hÉireann ar fad an droich-íde a tugtar do lucht na Gaedhilge. Béidh a fhios aca go bhfágtar peacaigh gan sagart, go bhfágtar na heasláin gan dochtúir, agus na haineolaigh gan teagasgóir, agus donas na héagóra ar fad, go gcothuigheann na Gaedhil sagairt agus dochtúirí agus oidí do na Béarlóiríbh. Ní mór dúinn an troid seo do chur ar bun. Ní mór dúinnn an misneach chun troda do chur ins na daoinibh nach bhfuil an misneach aca. Tá an samhradh ag teacht agus béidh ár dtriall ar an nGaedhealtacht. Má thosuighimid ar an troid béidh an tír uile ar ar dtaobh ar ball. Ní maith le muintir na hÉireann an éagcóir. Molann siad agus cabhruigheann siad leis an duine a chuireas i n-aghaidh na héagcóra. Bíonn an éagcóir i bhfad gá déanamh sul má chuirtear ina haghaidh. Is mar sin atá an sgéal san Spidéal agus san Dain- gean. Dúisighthear na Ghaedhil agus ná leigtear do'n éagcóir feasta.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services