Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaí an tSaoghail. Éagcóir ar Ghaeilgeoiríbh

Title
Cúrsaí an tSaoghail. Éagcóir ar Ghaeilgeoiríbh
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaí an tSaoghail.



Éagcóir ar Ghaeilgeoiríbh.



Mholamar an troid do mhuintir an Spidéil
atá tamall ó shoin. Níor thosuigheadar ar an
troid fós. Chualamar go raibh faobhar ortha
chun tabhairt faoi lucht an Bhéarla a bhí 'gá
gcur chuca ag na Buird agus ag an Rialtas.
Maoluigheadh ortha arís acht ní heol dúinn céard
do mhaoiligh iad. Tá an maolú sin ag neartú
leis an mBéarla cheana féin, ins an Spidéal
agus i n-áiteannaibhh atá a bhfad uaidh. Bhí cúis
troda ag muintir an Spidéil. Bhí dochtúir
aca agus é taobh le Béarla. Bhí oifigeach
peinsiúin aca agus é ar an modh céadna. Bhí
Iúistís ag teacht chuca agus níor thuig sé focal
dá gcainnt. Bhí cigirí sgoile ag teacht chuca
agus níor fhéadadar an Ghaedhilg do labhairt nó
do léigheamh. Bhí múinteoir Lásaí gan Gaedhilg
aca agus bhí teagasgóirí gan Ghaedhilg ag teacht
chuca ó'n gComhairle gConndae. 'Sí an Ghaedhilg
an teanga is láidrighe san gceanntar. Níl aon
ghreim gur fiú trácht air ag an mBéarla 'san
áit. Tá beagán teaghlach ina labhartar é acht
ní fhéadfaidhe teagasg do dhéanamh as Béarla
acht teagasg i n-aisge. Agus ní fhéadfaidhe
gnó do dhéanamh le muintir na háite gan
Gaedhilg, agus dá bhféadtaoi níor chóir a
dhéanamh. 'Siad muintir an Spidéil a chothuigheas
na teasgóirí uile. Díolann siad a gcuid
cánach go cóir cneasta le Riaghaltas agus le
Comhairle an Chonndae. Ní chuireann an Rialtas
ná an Comhairle blas suime ionnta acht an cháin
a bhailiú.



Cuireadh teagasgóir cóicearachta go dtí an
Spidéal le goirid. Níl aon rádh amháin Gaedhilge
aice. Tá fios a céirde aice, deirtear, acht cé'n
mhaith í a chur go dtí an Ghaedhealtacht? Táthar
tar éis cléireach d'Aondacht Bhéil an Mhuirthid
do thoghadh. Chídhtear dúinn go raibh conspóid
agus sáruigheacht ag Cosantóiríbh na mBocht i
dtaobh tréithre na beirte do bhí ag iarraidh an post
d'fhagháil, acht níor luaigheadh an Ghaedhilg, agus tá
Béal an Mhuirthid ar cheann de na háiteannaibh is
Gaedhealaighe dá bhfuil in Éirinn. Is líonmhaire
iad na Gaedhilgeoirí anois ann 'ná ariamh. Nuair
a bhí tomhaiseoir dá thoghadh do'n taobh tíre
céadna an mhí seo caithte toghadh fear gan
Gaedhilg. Cuireadh sagart óg nach bhfuil
Ghaedhilg aige go hÁrainn anuraidh. Táthar tar éis
dochtúir leighis gan Ghaedhilg do chur siar go
dtí muintir an Daingin. Éagcóra iad so tá
gá n-áireamh againn do rinneadh le goirid. Ár
muintir féin is mó is cionntach leo.



Tá na Gaedhil sásta le n-a gcrann, acht is olc
an crann é, agus ní cóir dóibh a fhulgaint.
Is beag neart atá ag Connradh na Ghaedhilge
ar lucht déanta na n-éagcóir. Mara bhfuil
féin caithfear an neart atá againn d'fhéachaint
leo. Caithfear an misneach do chur ionnta.
Caithfear an teacht i láthair agus an tógáil
cinn agus an dánaidheacht do mhúineadh dóibh.
Tá dearg-éagcóir dá déanamh ag gach aon
dream ortha. Dá dtuigidís an méad sin thiocfadh
buile ortha agus dhíolfadh lucht na héagcóra as an
bhféarach gan mhoill. Téidhimís chuca agus
cuirimís an buile ortha. Cuirimís i gcéill dóibh
nach gádh dóibh glacadh le Béarlóiríbh mar theagasg-
óirí, nó mar dhochtúirí, nó mar shagairt, nó
mar sheibhísí do'n phobul. Trí bliana ó shoin
bhí éagcóir 'gá déanamh ar mhuintir Árann
ag an gComhairle Conndae. D'éirigh an gcochall
ar na hÁrainnighibh. Dhiúltuigheadar an cháin
do dhíol leis an mbailightheoir. Níor leigeadar
do theacht i dtír ar an Oileán. Bhí buile ar an
gComhairle, acht dubhairt na hÁrainnigh leo dul
ag feadghail. Laghduigheadh ar an mbuile ar ball.
Ceartuigheadh an éagcóir a bhí gá déanamh ar
mhuintir an Oileáin, agus dhíol na hÁrainnigh
an cháin tar éis sin.



Tá teagasg ins an méad sin sgéil dúinn
féin. Tugtar fógra do na Buird go léir ag
Gaedhealaibh an Spidéil agus ag muintir an
Daingin agus muintir Bhéil an Murirthid. Mara
n-éistighthear leis an bhfógra diúltaighthear an
cháin do dhíol. Má déantaoi é seo i n-aon cheanntar
amháin cuirfidh sé an éagcóír atáthar 'gá déanamh
ar an nGaedhilg i gcéill do'n saoghal Fódlach.
Béidh a fhios ag muintir na hÉireann ar fad an
droich-íde a tugtar do lucht na Gaedhilge. Béidh
a fhios aca go bhfágtar peacaigh gan sagart,
go bhfágtar na heasláin gan dochtúir, agus
na haineolaigh gan teagasgóir, agus donas
na héagóra ar fad, go gcothuigheann na Gaedhil
sagairt agus dochtúirí agus oidí do na
Béarlóiríbh. Ní mór dúinn an troid seo do
chur ar bun. Ní mór dúinnn an misneach chun
troda do chur ins na daoinibh nach bhfuil an
misneach aca. Tá an samhradh ag teacht agus
béidh ár dtriall ar an nGaedhealtacht. Má
thosuighimid ar an troid béidh an tír uile ar ar
dtaobh ar ball. Ní maith le muintir na hÉireann
an éagcóir. Molann siad agus cabhruigheann
siad leis an duine a chuireas i n-aghaidh na
héagcóra. Bíonn an éagcóir i bhfad gá
déanamh sul má chuirtear ina haghaidh. Is mar
sin atá an sgéal san Spidéal agus san Dain-
gean. Dúisighthear na Ghaedhil agus ná leigtear
do'n éagcóir feasta.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services