Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaí an tSaoghail. Lá Fhéile Pádraig
Title
Cúrsaí an tSaoghail. Lá Fhéile Pádraig
Author(s)
Seán óg,
Pen Name
Seán óg
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaí an tSaoghail. Lá Fhéile Pádraig. Níl aon áit ar fuaid an domhain 'n-a bhfuil an Gaedheal ná gur cheileabhair sé Féile Easbail na hÉireann Dé Luain, go mórmhór annso ag baile agus go háirighthe sin san bpríomhchathair. Ach ní hamháin gur tugadh fé ndeara annso é mar is cuibhe lá saoire b'é ócáid tabhartha amach é ar son cúise ár dteangan agus ár dtíorthamhlachta leis. Ar fuaid na dúthaighe bhí mórshiubhaill agus fearadh cruin- nighthe puiblidhe chun a fhoillsighthe cad é suim agus spéis ins an dteangain agus cad é dílseacht do dhúthaigh atá i gcroidhe na cinidh fós. Lá euchtach don nGaedhilg dob eadh é, agus ó árdán agus ó pholpuid ag dul i neart agus i ndaing- neacht agus budh fhreagra é ar an lucht a deir go bhfuil gluaiseacht na teangan ag dul chun deireadh. Budh thráthamhail an bheart í chun a chur in iúil don bhfear thall nach aon “imirt bhiorán sop” atá ar siubhall againn ach obair thromdha go bhfuil croidhe na dúthaighe innte, obair ná stadfar di go gcríochnófar í. Ó theacht Chonnartha na Gaedhilge ní raibh an oiread gábhaidh lé foillsiugh ár nirt agus tá ambliadhna. Bliadhain 'seadh í go bhfuil na daoine ar a dtásdáil. Tá nidhthe ag teangbháil agus lé teangbháil a bhfraithfidh mian agus neart ár ngluaiseachta. Níl amhras ámhthach ná go bhfuil na daoine fé dhúinn agus budh fhógra obairt Lae Fhéile Phádraig don namhaid go bhfuiltear ullamh i gcómhnaidhe don ndruing atá ar tí ár gcúise. Aon tráth roimhe seo níor cuireadh chómh “glan as an lic” don dtaobh eile ná deunfar bruic feasda lé haicme an tsúngca agus am mhillte agus cuireadh an lá san, agus níor suidheadh chómh héifeachtach do mheathtachaibh agus do lucht mainíse an mian agus an buantseasamhacht atá ionainn. An Mórshiubhall. Níl faic is feárr agus is mó theasbáineas neart gluaiseachta ná mórshiubhall, nó budh chirte dom a rádh sochraid. Áirigheann an bhreis i gcómhnaidhe, agus is féidir lé Connradh na Gaedhilge a mhaoidheamh ná fuil aon sgáinteacht 'n-a treasaibh. Is beag mórshiúll ná go leanann sluagh é agus ná go seasuigheann an fear thall ar thaobh sráide chun a amharc ag dul thart. Bíonn sugh éigin ag baint leis; cuireann an tsruth dhaonna, céimeanna fuinte, tómhaiste fear ag gluaiseacht ar treóir, falla- mhain bratach, fuaim na mbuidhean gceoil, éididhe na ndaoine ann, cuirid seo go léir eirighe croidhe ar dhuine. Ach ní bhíonn aon mhórshiubhall san tír seo go seasuigheann oiread daoine ar thaobh sráide, go mbítear ag scrogghal trí fhuinneógaibh air, go luigheann oiread 'n-a threasaibh lé Márshiubhall na Teangan. Agus níl aoinne gur mó a fhios aige seo ná “an fear ar an gclaidhe.” Dé Luain chuadhas i bhfochair an fhir thall agus thaisdealas slighe an ghluaiste go léir nách mór uair an chluig sar ar bh'am don mór- shiubhall gluaiseacht. Ar feadh na sráideann ar an dá thaoibh bhí sluaighte ag feitheamh. Bhreith- nigheas go cruinn iad agus chonnac ar an líon mór san daoine de gach uile chineál, an fear deaghghleusta go n-a hata árd, laimhne, cána láimhe, eudach breágh, agus an duine bocht ná raibh ar a chumas bóna glan do shláthar do fein, an sean-duine crannda agus an leanbh baclann, iad go léir ag fanacht go foidhneach agus go meastamhail lé teacht na trom-shocraide. Admhóchad go raibh daoine ann a tháinig lé corp caoraidheachta agus ná raibh aon chúram eile ortha; ach a bhfurmhór a bhí ann thángadar trí mheas agus spéis in ár gcúis; bfhuraiste sin do bhreith- niugh ar a gcealltar agus rú da bhfeuchadh ag gabháil tar a mbrághaid. Ag dul treasna sráide dhom mar a raibh tulca mór daoine ag cúinne, nó ag sníomh isteach 'samach 'n-a measc chun dul chun cínn bhraitheas go raibh “anam nuadh” beirthe lé hÉireann lé bliadhantaibh gearra. D'fhiarruigheas díom fein: cad chuige go bhfuil na daoine seo go léir annso? Ach, níor mhiste dhom a fhiarfaidhe: cad fáth go bhfuilim féin ann? Dubhart liom féin gur bh'é sin é díreach. Bhíos ann mar theastuigh uaim bheith; bhíodar ann mar theastuigh uatha bheith ann freisin. Theastuigh uatha san leis meas do chur in iúil. Mhachtnuigheas liom féin gur bh'iongantach an drong daoine sinn tréis an tsaoghail agus bheith d'iarraidh ár ngreama do choingbheáil chomh dlúth ar an t-aon rian tíorthamhlachta a bhí fanta againn d'aimhdheóin an tréimhse fhada so ár n-ionnsaighthe. Ach is é uair a bhí an tromshochraidh ag gluais- eacht thart go bhfeicfeá an lasadh aoibhin i gceall tar an lucht feachta. Is annsan go cruinn go ndeurfá leat fein tá croidhthe eile ag bíodhgadh anois leis; tá inntin an duine sin léd thaobh ar Éirinn anois agus ar a teangain, agus bíodh nách eólgach é ar chúrsaidhibh na tíre na ar Ghaedhling tá an croidhe san ionad ceart aige; agus ní raibh carghall lé clos ach carghall croidheamhail a chuirfeadh 'n-a luighe ar dhuine go bhfuil an mianach ar maireachtaint fós agus an t-adhbhar ceart 'n-ár n-aircis. Agus an lucht siubhaill ag dul thart ag iomchar bratach, nó ag seimint fonn bíodhgach, nó ag iomchar camán ní fheudfadh aon 'ne gan iad do shuimiugh agus sé rud deurfadh an croidhe ionat: Dóchas, níl an cath caillte fós. Seadh, agus níos mó ná san: tá an cath ag tuiteam linn. An Cruinniugh. Do shroicheas log an chruinnighthe go luath. Mar sin féin bhí sluagh maith ann, ach bfhada ó bheith lán é. 'N-a ndiorma agus 'n-a ndiorma shnígh na daoine isteach agus budh gheairrid go raibh an halla mór lán ó chúil frigh. Riamh ní raibh mo chroidhe ar sciobaig chómh ach ar a lithéid eile d'ócáid. B'fhuraiste a bhreithniugh go raibh gach croidhe ar fionnraighe. Ar eirighe don gcathaoirleach agus a ínnsint do ná feudadh ár gceannphort, an Chraoibhín, bheith 'a-ár measc is iomdha osnadh chualadh agus chonnac duairceas ar mhórán gruadh. Budh chruaidh sin. Ar léigheamh na rún de ghuth láidir léir do chonnac annso agus annsúd fir ag fáscadh a bhfiacal agus mná ag sméideadh a gceann lé haontadh. Budh shoiléir go raibh fonn oibre ar an dtionól san agus go raibh a ghuth le hárdugh chómh láidir sin gur b'ionchlos goimh a glóir i ngach ball d'Éirinn fé lá. Dúthrachtacht na n-aighneas tóiridhe, aire an lucht éistighthe budh ionchómhar- tuighthe go deimhin. Nocht sé go raibh an cómh- móradh san dáiríribh go cinnte. D'innis mo chroidhe dom nár bh'aon tiomnugh fuar in ao'chor a bhí dá dheunamh ag an ngasradh líonmhar san nuair dubhradh ná meallfadh breabanna ná lágachas iad i dtaobh na teangan. Bhraitheas go bhfeacthas dúinn uile gur bh'íor é focal Phiarais Fhirtéir agus gur oireamhnach é indiugh leis an lá cumadh é. “Sé rún agus fonn na fóirne, Dá mhéid ríth do ghníd lé nár bpórna An drong do bhíos ag rídhteacht leó againn, Súgradh cluichidhe an chuitin chróda.” B'é an t-aighneas do fhoirtile dár tháinig ó árdán Chonnartha na Gaedhilge riamh é. Luigh gach cainnteóir air; tacóchaidh an tír leó. Bhíodhg gach croidhe nuair a hainmigheadh Mícheál Ó Cléirigh, Dábhais, Bulfain, agus Ó Maolruanaidh agus a gcuid sgríobhnóireachta tíorthamhail. Nuair tagradh don ndroich- leitiridheacht a thagas anall chughainn ó Sheán Bhuidhe budh bhreágh an smaoineamh a rádh ná raibh aon tslighe b'fheárr chun é do chosc ach cosc do chur lé n-a theangain, í dhíbirt agus gabháil le ár dteangain féin. Seadh, sin é díreach an rud ceart, sin í díreach an tslighe chun buadhachtainte. Ach bhí ao'nidh amháin a chuir tromchroidheacht orm agus b'é sin an méid daoine d'fhág an halla nuair bhí Ghaedling ar siubhall. Budh bheag é ach mar sin agus uile teasbáineann sé go bhfuil daoine ná fuil i ndáiríribh i gceart. Budh sgleóndarach an teacht lé chéile é ó thúis deireadh agus budh mheisneamhail. Riamh níos leagas mó shúil ar shluagh fear agus ban chomh creid eamhnach-fheuchain agus do shígh amach as an halla ná drong go raibh cuma oibre agus dáiríribh ortha leo. D'fhágas an áit lán de dhóchas, níos ceanamhla ar mo thír, níos muinghinighe as ghníomh mo chinidh ná fhágas aon tionól eile riamh. Seán óg.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services