Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaí an tSaoghail. Lá Fhéile Pádraig

Title
Cúrsaí an tSaoghail. Lá Fhéile Pádraig
Author(s)
Seán óg,
Pen Name
Seán óg
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaí an tSaoghail.



Lá Fhéile Pádraig.



Níl aon áit ar fuaid an domhain 'n-a bhfuil
an Gaedheal ná gur cheileabhair sé Féile
Easbail na hÉireann Dé Luain, go mórmhór
annso ag baile agus go háirighthe sin san
bpríomhchathair. Ach ní hamháin gur tugadh fé
ndeara annso é mar is cuibhe lá saoire b'é
ócáid tabhartha amach é ar son cúise ár dteangan
agus ár dtíorthamhlachta leis. Ar fuaid na
dúthaighe bhí mórshiubhaill agus fearadh cruin-
nighthe puiblidhe chun a fhoillsighthe cad é suim
agus spéis ins an dteangain agus cad é dílseacht
do dhúthaigh atá i gcroidhe na cinidh fós. Lá
euchtach don nGaedhilg dob eadh é, agus ó árdán
agus ó pholpuid ag dul i neart agus i ndaing-
neacht agus budh fhreagra é ar an lucht a deir
go bhfuil gluaiseacht na teangan ag dul chun
deireadh. Budh thráthamhail an bheart í chun a
chur in iúil don bhfear thall nach aon “imirt
bhiorán sop” atá ar siubhall againn ach obair
thromdha go bhfuil croidhe na dúthaighe innte,
obair ná stadfar di go gcríochnófar í. Ó
theacht Chonnartha na Gaedhilge ní raibh an oiread
gábhaidh lé foillsiugh ár nirt agus tá ambliadhna.
Bliadhain 'seadh í go bhfuil na daoine ar a
dtásdáil. Tá nidhthe ag teangbháil agus lé
teangbháil a bhfraithfidh mian agus neart ár
ngluaiseachta. Níl amhras ámhthach ná go bhfuil
na daoine fé dhúinn agus budh fhógra obairt Lae
Fhéile Phádraig don namhaid go bhfuiltear ullamh
i gcómhnaidhe don ndruing atá ar tí ár gcúise.
Aon tráth roimhe seo níor cuireadh chómh “glan as
an lic” don dtaobh eile ná deunfar bruic
feasda lé haicme an tsúngca agus am mhillte
agus cuireadh an lá san, agus níor suidheadh
chómh héifeachtach do mheathtachaibh agus do lucht
mainíse an mian agus an buantseasamhacht atá
ionainn.



An Mórshiubhall.



Níl faic is feárr agus is mó theasbáineas
neart gluaiseachta ná mórshiubhall, nó budh
chirte dom a rádh sochraid. Áirigheann an bhreis
i gcómhnaidhe, agus is féidir lé Connradh na
Gaedhilge a mhaoidheamh ná fuil aon sgáinteacht
'n-a treasaibh. Is beag mórshiúll ná go
leanann sluagh é agus ná go seasuigheann
an fear thall ar thaobh sráide chun a amharc ag
dul thart. Bíonn sugh éigin ag baint leis;
cuireann an tsruth dhaonna, céimeanna fuinte,
tómhaiste fear ag gluaiseacht ar treóir, falla-
mhain bratach, fuaim na mbuidhean gceoil, éididhe
na ndaoine ann, cuirid seo go léir eirighe
croidhe ar dhuine. Ach ní bhíonn aon mhórshiubhall
san tír seo go seasuigheann oiread daoine
ar thaobh sráide, go mbítear ag scrogghal
trí fhuinneógaibh air, go luigheann oiread 'n-a
threasaibh lé Márshiubhall na Teangan. Agus
níl aoinne gur mó a fhios aige seo ná “an fear
ar an gclaidhe.”



Dé Luain chuadhas i bhfochair an fhir thall agus
thaisdealas slighe an ghluaiste go léir nách
mór uair an chluig sar ar bh'am don mór-
shiubhall gluaiseacht. Ar feadh na sráideann
ar an dá thaoibh bhí sluaighte ag feitheamh. Bhreith-
nigheas go cruinn iad agus chonnac ar an líon
mór san daoine de gach uile chineál, an fear
deaghghleusta go n-a hata árd, laimhne, cána
láimhe, eudach breágh, agus an duine bocht ná
raibh ar a chumas bóna glan do shláthar do fein,
an sean-duine crannda agus an leanbh baclann,
iad go léir ag fanacht go foidhneach agus go
meastamhail lé teacht na trom-shocraide.
Admhóchad go raibh daoine ann a tháinig lé corp
caoraidheachta agus ná raibh aon chúram eile ortha;
ach a bhfurmhór a bhí ann thángadar trí mheas
agus spéis in ár gcúis; bfhuraiste sin do bhreith-
niugh ar a gcealltar agus rú da bhfeuchadh ag
gabháil tar a mbrághaid. Ag dul treasna
sráide dhom mar a raibh tulca mór daoine ag
cúinne, nó ag sníomh isteach 'samach 'n-a measc
chun dul chun cínn bhraitheas go raibh “anam
nuadh” beirthe lé hÉireann lé bliadhantaibh
gearra. D'fhiarruigheas díom fein: cad chuige go
bhfuil na daoine seo go léir annso? Ach, níor
mhiste dhom a fhiarfaidhe: cad fáth go bhfuilim
féin ann? Dubhart liom féin gur bh'é sin
é díreach. Bhíos ann mar theastuigh uaim bheith;
bhíodar ann mar theastuigh uatha bheith ann freisin.
Theastuigh uatha san leis meas do chur in iúil.
Mhachtnuigheas liom féin gur bh'iongantach an
drong daoine sinn tréis an tsaoghail agus
bheith d'iarraidh ár ngreama do choingbheáil chomh
dlúth ar an t-aon rian tíorthamhlachta a bhí fanta
againn d'aimhdheóin an tréimhse fhada so ár
n-ionnsaighthe.



Ach is é uair a bhí an tromshochraidh ag gluais-
eacht thart go bhfeicfeá an lasadh aoibhin i gceall
tar an lucht feachta. Is annsan go cruinn
go ndeurfá leat fein tá croidhthe eile ag
bíodhgadh anois leis; tá inntin an duine sin léd
thaobh ar Éirinn anois agus ar a teangain,
agus bíodh nách eólgach é ar chúrsaidhibh na tíre
na ar Ghaedhling tá an croidhe san ionad ceart
aige; agus ní raibh carghall lé clos ach carghall
croidheamhail a chuirfeadh 'n-a luighe ar dhuine
go bhfuil an mianach ar maireachtaint fós agus
an t-adhbhar ceart 'n-ár n-aircis. Agus an lucht
siubhaill ag dul thart ag iomchar bratach, nó
ag seimint fonn bíodhgach, nó ag iomchar camán
ní fheudfadh aon 'ne gan iad do shuimiugh agus
sé rud deurfadh an croidhe ionat: Dóchas, níl
an cath caillte fós. Seadh, agus níos mó ná
san: tá an cath ag tuiteam linn.



An Cruinniugh.



Do shroicheas log an chruinnighthe go luath.
Mar sin féin bhí sluagh maith ann, ach bfhada ó
bheith lán é. 'N-a ndiorma agus 'n-a ndiorma
shnígh na daoine isteach agus budh gheairrid go
raibh an halla mór lán ó chúil frigh. Riamh ní
raibh mo chroidhe ar sciobaig chómh ach ar a
lithéid eile d'ócáid. B'fhuraiste a bhreithniugh
go raibh gach croidhe ar fionnraighe. Ar eirighe
don gcathaoirleach agus a ínnsint do ná feudadh
ár gceannphort, an Chraoibhín, bheith 'a-ár measc
is iomdha osnadh chualadh agus chonnac duairceas
ar mhórán gruadh. Budh chruaidh sin. Ar
léigheamh na rún de ghuth láidir léir do chonnac
annso agus annsúd fir ag fáscadh a bhfiacal
agus mná ag sméideadh a gceann lé haontadh.
Budh shoiléir go raibh fonn oibre ar an dtionól
san agus go raibh a ghuth le hárdugh chómh láidir
sin gur b'ionchlos goimh a glóir i ngach ball
d'Éirinn fé lá. Dúthrachtacht na n-aighneas
tóiridhe, aire an lucht éistighthe budh ionchómhar-
tuighthe go deimhin. Nocht sé go raibh an cómh-
móradh san dáiríribh go cinnte. D'innis mo
chroidhe dom nár bh'aon tiomnugh fuar in ao'chor
a bhí dá dheunamh ag an ngasradh líonmhar san
nuair dubhradh ná meallfadh breabanna ná
lágachas iad i dtaobh na teangan. Bhraitheas
go bhfeacthas dúinn uile gur bh'íor é focal
Phiarais Fhirtéir agus gur oireamhnach é
indiugh leis an lá cumadh é.



“Sé rún agus fonn na fóirne,
Dá mhéid ríth do ghníd lé nár bpórna
An drong do bhíos ag rídhteacht leó againn,
Súgradh cluichidhe an chuitin chróda.”



B'é an t-aighneas do fhoirtile dár tháinig ó
árdán Chonnartha na Gaedhilge riamh é. Luigh
gach cainnteóir air; tacóchaidh an tír leó.



Bhíodhg gach croidhe nuair a hainmigheadh
Mícheál Ó Cléirigh, Dábhais, Bulfain, agus
Ó Maolruanaidh agus a gcuid sgríobhnóireachta
tíorthamhail. Nuair tagradh don ndroich-
leitiridheacht a thagas anall chughainn ó Sheán
Bhuidhe budh bhreágh an smaoineamh a rádh ná raibh
aon tslighe b'fheárr chun é do chosc ach cosc do chur
lé n-a theangain, í dhíbirt agus gabháil le ár
dteangain féin. Seadh, sin é díreach an rud
ceart, sin í díreach an tslighe chun buadhachtainte.



Ach bhí ao'nidh amháin a chuir tromchroidheacht
orm agus b'é sin an méid daoine d'fhág an
halla nuair bhí Ghaedling ar siubhall. Budh
bheag é ach mar sin agus uile teasbáineann sé go
bhfuil daoine ná fuil i ndáiríribh i gceart. Budh
sgleóndarach an teacht lé chéile é ó thúis deireadh
agus budh mheisneamhail. Riamh níos leagas
mó shúil ar shluagh fear agus ban chomh creid
eamhnach-fheuchain agus do shígh amach as an halla
ná drong go raibh cuma oibre agus dáiríribh
ortha leo. D'fhágas an áit lán de dhóchas, níos
ceanamhla ar mo thír, níos muinghinighe as ghníomh
mo chinidh ná fhágas aon tionól eile riamh.



Seán óg.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services