Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Chamóg
Title
An Chamóg
Author(s)
Ní Dhonnchadha, Cáit,
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Chamóg. Tá mearthail ar lucht leanamhna na camóige ar eagla go raghaidh sé chun deiridh. Iongnadh le n-a lán aca cad d'imithigh uirthi toisc a luighead cur síos deintear uirthi ins na páipéiribh. Is folus do'n saoghal gur mó nídh bhíonn i bpáipéiribh na haimsire seo ná bíonn puinn bunadhais leo. Seadh! B'ait liom mo sgéal leadránach ar an gcamóg d'innsint do'n phobal an taca so lá. Tá sí ag déanamh go breagh go léir fé stiúir na cuallacht do toghadh d'fhonn fritheálamh do dhéanamh di. Ní gádh aon fhiadhantas ná eirighe i n-áirde do dhul do'n chamóig. Tá baois na hóige ag baint léi fós mar ar ndóigh níl acht ó chianaibhín ó tháinig sí i gcuimhne dhúinn. Le teacht na haimsire is féidir léi fás as a neart féin agus féadfar lúith-chleasa eile go mbeidh rith agus scóp an dúthchais ionnta do thabhairt mar thaca léi. An chéad nidh eile thar a chéile nach fuláir féachaint chuige 'sé sin gan leogaint do lucht a himeartha dul thar fóir léi. B'aindeis an críoch do bhéarfadh an chamóg dá bhfaghadh lucht a himeartha cead a gcos. Tá aithne agam ar a lán cailíní agus ba bhreagh leo bheith ag taisteal na hÉireann gach Domhnach ag imirt na camóige. Ní oireann an spórt soin dár mbantracht i n-aon chor. Tá sé amuigh orainn cheana féin ná fuil uainn acht aithris do dhéanamh ar lucht an chamáin, agus ní fheadar a leath. Tá cuid eile dár gcailíníbh agus ní háil leo glacadh leis an gcamóig; nílid, dar leo féin, láidir a ndóthán chun páirt a ghabháil innti. Ar an dream áirithe úd tá a lán dár gcailíníbh i gclochairibh na mBan Riaghalta. Mo chomhairle do'n aicme sin gan a bheith ró neamhfheidhmneach go fóill beag, agus an túisce a bhéarfaidh sos beag sinn deanfam iarracht chun na haicme áirithe úd do shásamh. Acht tá tréibh eile i n-ár measc — lucht na cnámh- seála — agus ní shásóchadh an saoghal iad. Is fánach gluaiseacht ná bíonn a bheag nó a mhór díobh siúd ag cur cosc léi. Bhí taisbeánadh ar an gcamóig ar an bhfeis i Loch Carmain bliadhain ó shoin is deirtear go raibh sé thar bárr amach. Togha ceárdaidhe ar an gcamóig do b'eadh gach cailín ar an bhfaithche an lá úd. Níor bhuaidh aon taobh ar an dtaobh eile agus is fada le muinntir Loch Garmain go méarfaidh an chéad fheis eile ortha mar táid i ndóigh go ndéanfar ath-imirt ar an gcluiche sin. Má ráinigheann an tsíon do bheith leo beidh spórt ann gur fada an lá ná feacathas a sháthrughadh ar mhachaire an bháire. Tá comhaltas i mbun na feise i gCill Choinnigh i mbliadhna agus táid siad ar aigne an chamóg do chur dhá himirt lá na feise. Go n-eirighe léis pé sgéal é. Má's beo dhúinn go léir beidh ár dtriall ar Chill Choinnigh an lá úd. Is mairg an cailín sa Deisceart na beadh d'anam inti cabhrughadh leis an iarracht soin. Tá áilneacht an nádúir dá bronnadh ortha fós, bail ó Dhia ortha, agus tá súil agam go ngabhann an dílseacht dhuthchais léi. Tá an tAthair Mathghamhain Mac Guidhir ag cabhrughadh leis an gcamóig ina pharóiste féin. Is mór againn obair an tsagairt dhílis úd, agus is í ár nguidhe gura fada a mhairfidh sé mar cheann ar an nGaedhilg sa dTuaisceart. Dá mbeadh sé de chomhacht i n-ár lúithchleas deire do chur leis an aighneas is gnáthaighe a chloisint sa dTuaisceart cé déarfadh ná go leanfadh sí ag breith buaidh léi. Níor chaill na cailíní riamh ar Éirinn agus ní baoghal go gcaillfidh go bráthach. Um dheire an Abráin beidh cruinniughadh cinn na bliadhna againn agus má dheineann Rúnaidhe gach Cumainn sgéala do chur chugam-sa in am tráth gheobhaidh sí eolas an ghnótha atá leathanaithe amach againn le haghaidh na haith-bhliadhna. Cáit Ní Dhonnchadha.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services