An Chamóg.
Tá mearthail ar lucht leanamhna na camóige
ar eagla go raghaidh sé chun deiridh. Iongnadh
le n-a lán aca cad d'imithigh uirthi toisc a luighead
cur síos deintear uirthi ins na páipéiribh. Is
folus do'n saoghal gur mó nídh bhíonn i
bpáipéiribh na haimsire seo ná bíonn puinn
bunadhais leo.
Seadh! B'ait liom mo sgéal leadránach
ar an gcamóg d'innsint do'n phobal an taca
so lá. Tá sí ag déanamh go breagh go léir
fé stiúir na cuallacht do toghadh d'fhonn
fritheálamh do dhéanamh di. Ní gádh aon fhiadhantas
ná eirighe i n-áirde do dhul do'n chamóig. Tá
baois na hóige ag baint léi fós mar ar ndóigh
níl acht ó chianaibhín ó tháinig sí i gcuimhne dhúinn.
Le teacht na haimsire is féidir léi fás as a
neart féin agus féadfar lúith-chleasa eile go
mbeidh rith agus scóp an dúthchais ionnta do
thabhairt mar thaca léi. An chéad nidh eile thar
a chéile nach fuláir féachaint chuige 'sé sin gan
leogaint do lucht a himeartha dul thar fóir
léi. B'aindeis an críoch do bhéarfadh an
chamóg dá bhfaghadh lucht a himeartha cead a
gcos. Tá aithne agam ar a lán cailíní agus
ba bhreagh leo bheith ag taisteal na hÉireann
gach Domhnach ag imirt na camóige. Ní oireann
an spórt soin dár mbantracht i n-aon chor. Tá
sé amuigh orainn cheana féin ná fuil uainn acht
aithris do dhéanamh ar lucht an chamáin, agus ní
fheadar a leath. Tá cuid eile dár gcailíníbh agus
ní háil leo glacadh leis an gcamóig; nílid,
dar leo féin, láidir a ndóthán chun páirt a
ghabháil innti. Ar an dream áirithe úd tá
a lán dár gcailíníbh i gclochairibh na mBan
Riaghalta. Mo chomhairle do'n aicme sin gan
a bheith ró neamhfheidhmneach go fóill beag, agus
an túisce a bhéarfaidh sos beag sinn deanfam
iarracht chun na haicme áirithe úd do shásamh.
Acht tá tréibh eile i n-ár measc — lucht na cnámh-
seála — agus ní shásóchadh an saoghal iad. Is
fánach gluaiseacht ná bíonn a bheag nó a mhór
díobh siúd ag cur cosc léi.
Bhí taisbeánadh ar an gcamóig ar an bhfeis i
Loch Carmain bliadhain ó shoin is deirtear go
raibh sé thar bárr amach. Togha ceárdaidhe ar an
gcamóig do b'eadh gach cailín ar an bhfaithche
an lá úd. Níor bhuaidh aon taobh ar an dtaobh eile
agus is fada le muinntir Loch Garmain go
méarfaidh an chéad fheis eile ortha mar táid i
ndóigh go ndéanfar ath-imirt ar an gcluiche
sin. Má ráinigheann an tsíon do bheith leo beidh
spórt ann gur fada an lá ná feacathas a
sháthrughadh ar mhachaire an bháire.
Tá comhaltas i mbun na feise i gCill
Choinnigh i mbliadhna agus táid siad ar aigne
an chamóg do chur dhá himirt lá na feise. Go
n-eirighe léis pé sgéal é. Má's beo dhúinn
go léir beidh ár dtriall ar Chill Choinnigh an lá
úd. Is mairg an cailín sa Deisceart na
beadh d'anam inti cabhrughadh leis an iarracht
soin. Tá áilneacht an nádúir dá bronnadh ortha
fós, bail ó Dhia ortha, agus tá súil agam go
ngabhann an dílseacht dhuthchais léi.
Tá an tAthair Mathghamhain Mac Guidhir
ag cabhrughadh leis an gcamóig ina pharóiste féin.
Is mór againn obair an tsagairt dhílis úd,
agus is í ár nguidhe gura fada a mhairfidh sé
mar cheann ar an nGaedhilg sa dTuaisceart.
Dá mbeadh sé de chomhacht i n-ár lúithchleas
deire do chur leis an aighneas is gnáthaighe a
chloisint sa dTuaisceart cé déarfadh ná go
leanfadh sí ag breith buaidh léi. Níor chaill na
cailíní riamh ar Éirinn agus ní baoghal go
gcaillfidh go bráthach. Um dheire an Abráin beidh
cruinniughadh cinn na bliadhna againn agus má
dheineann Rúnaidhe gach Cumainn sgéala do
chur chugam-sa in am tráth gheobhaidh sí eolas
an ghnótha atá leathanaithe amach againn le haghaidh
na haith-bhliadhna.
Cáit Ní Dhonnchadha.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11