Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaí an tSaoghail. Sgríbhneoirí agus Leas Gaedheal
Title
Cúrsaí an tSaoghail. Sgríbhneoirí agus Leas Gaedheal
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaí an tSaoghail. Sgríbhneoirí agus Leas Gaedheal. Tosnóchamuid ar leabhar nua, le toil Dé, an tseachtain seo chugainn agus tá dóchas againn go sáróchaidh ar sgríbhneóirí gach a ndearnadh ar an gClaidheamh fós le linn na bliadhna atá chugainn. Tá cath i ndán do lucht na Gaedhilge. 'Sé dualgas na sgríbhneoirí nochtadh do'n lucht troda na neithe atá d'uireasbha ortha agus comhairlí a leasa do thabhairt dóibh. Tá an mianach cruadh seasmhach i n-easnamh ar an nGaedheal. Níl an cruas aigne ann a bhíodh ann i n-allód. Níl an tsíor-dhúthracht aige, agus buaidheann an Gall air ar ais idir dhá thráth. Bíonn easpaidh eolais i dtaobh a dhuthaighe ar an nGaedheal go ró-mhinic, agus is ionann easpaidh eolais ar dhuine agus púicín do bheith ar a shúilibh. Nuair nach dtuigtear dúinn féin ár gcás is furasta ar gceart do bhaint dínn. Is léir dúinn-ne go bhfuil feabhas mór tagtha ar ar sgríbhneoiríbh Ghaedhilge le goirid. Tá méaduighthe ar a ndúthracht aca. Tá cruinneas cainnte aca. Tá sleamchúiseacht dá cur díobh aca. Tá misneach aca adhbhar nua cainnte go tharraingt chuca. Seasann a lán ortha sa gcúis seo na Gaedhilge. Támuid ag ceapadh go dtuigeann na sgríbh- neoirí an méad sin agus go ndéanfaidh siad beart dá réir. Tá ortha lucht na Gaedhilge do bhrostú chun catha agus faobhar agus fuinneamh agus díogras do chur i ndaoine atá leamh agus neamhdhúthrachtach. Sin é a gcéad dualgas. An cruas aigne atá de dhíth orainn tiocfaidh sé má ghní na sgríbhneoirí a dteagasg i gceart. An fhaillighe a ghnímid go minic agus a thugas an buadh do'n námhaid, ní mór é a leigheas. Ní féidir é a leigheas gan cáineadh agus ní maith le sgríbhneoirí bheith 'gár gcáineadh i gcomhnaidhe, acht caithfidh siad leanamhaint dó go dtí go mbéidhmid chomh faireach aireach leis an nGall, agus go dtuigfimid gach cor agus casadh dá bhfuil ann, agus gach easnamh dá bhfuil orainn féin. An díth eolais atá 'gár ndalladh — ní furasta é sin a leigheas. Mara santuighmid an t-eolas is deacair é a thabhairt dúinn. Acht cuirfidh feabhas sgíbhneoireachta' ar ar leas sinn. Ní féidir leis an sgríbhneoir a bheith ar bheagán eolais. Má bhíonn, ní léighfear a dhéantús ag fiú na n-aineolach féin. Is ionann sgríbhneoir maith agus eolach na treoraidhe ag an bpobul. Má bhíonn fios a ghnó aige béidh iontaobh ag an lucht léighte as agus má bhíonn modh maith tait- neamhach aige béidh cumhacht aige dá réir. Féach, anois an méad oibre atá leagtha amach do lucht an phinn againn! Tá ortha lucht na faillighe do bhrostú; tá ortha na haineolaigh do theagasg; tá ortha an dream neamhshuimeamhail do mhealladh chugainn le binneas cainnte, agus an dream fealltach do dhíochur le faobhar focal. Ná síltear go mba mhaith linn na hughdair Ghaedhilge uile do bheith ag sgríobh' tuarasbháil do na craobhachaibh. Níor mhaith. A mhalairt ar fad atá uainn. Ba mhaith linn go ndéanfadh an sgéalaidhe a chuid féin, agus an file a chuid, agus an fear brostuighthe a chuid, agus an teagasgóir a chuid, agus go mbeidís uile ag fadú na teine a choinngheas an teasgrádh tíre beo i gcroidhthibh na ndaoine. Tá rún agus deis a cheirde féin ag gach sgríbhneoir. An t-ughdar nach bhfuil siad siud aige ní ceárdaidhe maith é, agus ní eireochaidh leis. Modh sgríbh- neoireacht, sin é an rud a bheireas cumhacht do'n ughdar. 'Sé an modh a bheireas dó an cumhacht draoidheachtamhail atá aige ar a lucht léighte Tá a fhios ag ar sgríbhneoiríbh Gaedhilge gur chuidigh na sgríbhneoirí ariamh le saoirse. Tá' fhios aca nár staon na filí Gaedhilge ó bheith ag brostú Gaedheal chun catha. Tá 'fhios aca an chaoi ar fhág Rusó a rian ar stair agus ar shaoghal na Frainnce. Tá 'fhios aca an chaoi ar dhírigh Halaltún aigne na 'Meireacánach ar an saoirse. Is eol dóibh go bhfuil filidheacht chatha agus troda le fagháil i ngach teangain. Cé'n mhaith an t-eolas sin go léir mara meabh- ruighidh sé dóibh a n-athardha agus a ndualgas.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services