Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaí an tSaoghail. Sgríbhneoirí agus Leas Gaedheal

Title
Cúrsaí an tSaoghail. Sgríbhneoirí agus Leas Gaedheal
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaí an tSaoghail.



Sgríbhneoirí agus Leas Gaedheal.



Tosnóchamuid ar leabhar nua, le toil Dé, an
tseachtain seo chugainn agus tá dóchas againn
go sáróchaidh ar sgríbhneóirí gach a ndearnadh
ar an gClaidheamh fós le linn na bliadhna
atá chugainn. Tá cath i ndán do lucht na
Gaedhilge. 'Sé dualgas na sgríbhneoirí nochtadh
do'n lucht troda na neithe atá d'uireasbha ortha
agus comhairlí a leasa do thabhairt dóibh. Tá
an mianach cruadh seasmhach i n-easnamh ar an
nGaedheal. Níl an cruas aigne ann a bhíodh ann
i n-allód. Níl an tsíor-dhúthracht aige, agus
buaidheann an Gall air ar ais idir dhá thráth.
Bíonn easpaidh eolais i dtaobh a dhuthaighe ar
an nGaedheal go ró-mhinic, agus is ionann easpaidh
eolais ar dhuine agus púicín do bheith ar a shúilibh.
Nuair nach dtuigtear dúinn féin ár gcás is
furasta ar gceart do bhaint dínn. Is léir
dúinn-ne go bhfuil feabhas mór tagtha ar ar
sgríbhneoiríbh Ghaedhilge le goirid. Tá méaduighthe
ar a ndúthracht aca. Tá cruinneas cainnte aca.
Tá sleamchúiseacht dá cur díobh aca. Tá misneach
aca adhbhar nua cainnte go tharraingt chuca.
Seasann a lán ortha sa gcúis seo na Gaedhilge.
Támuid ag ceapadh go dtuigeann na sgríbh-
neoirí an méad sin agus go ndéanfaidh siad
beart dá réir. Tá ortha lucht na Gaedhilge do
bhrostú chun catha agus faobhar agus fuinneamh
agus díogras do chur i ndaoine atá leamh agus
neamhdhúthrachtach. Sin é a gcéad dualgas. An
cruas aigne atá de dhíth orainn tiocfaidh sé má
ghní na sgríbhneoirí a dteagasg i gceart. An
fhaillighe a ghnímid go minic agus a thugas an
buadh do'n námhaid, ní mór é a leigheas. Ní
féidir é a leigheas gan cáineadh agus ní maith
le sgríbhneoirí bheith 'gár gcáineadh i gcomhnaidhe,
acht caithfidh siad leanamhaint dó go dtí go
mbéidhmid chomh faireach aireach leis an nGall,
agus go dtuigfimid gach cor agus casadh dá
bhfuil ann, agus gach easnamh dá bhfuil orainn
féin. An díth eolais atá 'gár ndalladh — ní
furasta é sin a leigheas. Mara santuighmid
an t-eolas is deacair é a thabhairt dúinn. Acht
cuirfidh feabhas sgíbhneoireachta' ar ar leas sinn.
Ní féidir leis an sgríbhneoir a bheith ar bheagán
eolais. Má bhíonn, ní léighfear a dhéantús
ag fiú na n-aineolach féin. Is ionann sgríbhneoir
maith agus eolach na treoraidhe ag an bpobul.
Má bhíonn fios a ghnó aige béidh iontaobh ag an
lucht léighte as agus má bhíonn modh maith tait-
neamhach aige béidh cumhacht aige dá réir. Féach,
anois an méad oibre atá leagtha amach do lucht
an phinn againn! Tá ortha lucht na faillighe do
bhrostú; tá ortha na haineolaigh do theagasg;
tá ortha an dream neamhshuimeamhail do mhealladh
chugainn le binneas cainnte, agus an dream
fealltach do dhíochur le faobhar focal. Ná
síltear go mba mhaith linn na hughdair Ghaedhilge
uile do bheith ag sgríobh' tuarasbháil do na
craobhachaibh. Níor mhaith. A mhalairt ar fad
atá uainn. Ba mhaith linn go ndéanfadh an
sgéalaidhe a chuid féin, agus an file a chuid,
agus an fear brostuighthe a chuid, agus an
teagasgóir a chuid, agus go mbeidís uile ag
fadú na teine a choinngheas an teasgrádh tíre
beo i gcroidhthibh na ndaoine. Tá rún agus
deis a cheirde féin ag gach sgríbhneoir. An
t-ughdar nach bhfuil siad siud aige ní ceárdaidhe
maith é, agus ní eireochaidh leis. Modh sgríbh-
neoireacht, sin é an rud a bheireas cumhacht do'n
ughdar. 'Sé an modh a bheireas dó an cumhacht
draoidheachtamhail atá aige ar a lucht léighte
Tá a fhios ag ar sgríbhneoiríbh Gaedhilge gur
chuidigh na sgríbhneoirí ariamh le saoirse. Tá' fhios
aca nár staon na filí Gaedhilge ó bheith ag
brostú Gaedheal chun catha. Tá 'fhios aca an
chaoi ar fhág Rusó a rian ar stair agus ar
shaoghal na Frainnce. Tá 'fhios aca an chaoi
ar dhírigh Halaltún aigne na 'Meireacánach
ar an saoirse. Is eol dóibh go bhfuil filidheacht
chatha agus troda le fagháil i ngach teangain.
Cé'n mhaith an t-eolas sin go léir mara meabh-
ruighidh sé dóibh a n-athardha agus a ndualgas.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services