Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Obair do na Gaedhilgeoiríbh
Title
Obair do na Gaedhilgeoiríbh
Author(s)
Nic Ghabhann, Caitlín,
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Obair do na Gaedhilgeoiríbh. Ag an Árd-fhéis dheiridh bhí díospóireacht fá'n gceist seo. Dubhairt duine de na teacht- airibh go mbadh chóir coisde a chur ar bun le obair d'fhághail do mhuinntir na Gaedhealtachta i mB'lá Cliath nó i n-áiteachaibh nach é ar fud na tíre. Shíleas féin gur chiallmhar an chainnt í, acht d'éirigh teachtaire eile agus dubhairt go mbadh chóir muinntir na Gaedhealtachta a choinn- eáil san nGaedhealtacht. Rinne furmhór a raibh láithreach gáir mhór agus bualadh bos air sin a chluinsteáil, le n-a chur i n-umhail go rabhadar ar aon intinn leis an té do labhair, agus chuir sin deireadh leis an díospóireacht. Mar sin féin, bhí daoine ann nach raibh ar aon intinn leis, agus chídhim go bhfuil An tAthair Maitiú Mag Uidhir ar dhuine aca. Táim fein ar dhuine eile aca. Níl rud ar bith sa domhan, ár ndoigh, badh bhreaththa ná badh mhó a thaitneochadh liom-sa ná na Gaedhilgeoirí a choinneáil san nGaedhealtacht, dhá mb'fhéidir é dhéanamh, acht de réir mar tá an sgéal anois, caithfidh 50% aca imtheacht ó'n nGaedhealtacht le slighe-bheatha a bhaint amach dóibh féin, agus ó's rud é go bhfuil an sgéal amhlaidh nárbh' fhearr dóibh dul go Baile Átha Cliath nó go háit éicint eile i nÉirinn ná go Meiriocá? Ní gádh dom, is dócha, mórán a rádh fá'n dochar a ghníos an tsíor-imirce. Ní hé amháin go bhfuil na buachaillí agus na cailíní is aigean- taighe agus is sláinteamhla ag tréigint na tíre a d'íoc costas a gcomhthuighthe agus a gcuid oideachais le oibriughadh ar son tíre eile, acht go mbíonn siad ag síor-iarraidh a gcuid dear- bhratháracha agus deirbhshiúracha agus ag gcuid comhursan a mhealladh anonn ina ndiaidh. Íocaid paisinéaracht a muinntire féin dóibh. Dá bhfanaidís thall gan bacadh leis an tír seo níos mó ní bheadh an sgéal chomh dona a's tá. Acht ina leabhaidh sin ghníd dochar mór ag teacht a bhaile anois is arís le laetheanntaibh saoire a chaitheamh i bhfus — ag stealladh gallda- chais faoi'n muinntir a d'fhan sa mbaile. Ar bheith thall dóibh is i mBéarla a sgríobhaid a bhaile agus cuirid páipéir Bhéarla a bhaile. Sleamhnuigheann a lán de'n droch-litridheacht ar a gcloistear cainnt faoi láthair isteach thríd an bposda Meiriocánach. Le goirid, freisin, tagann fonn ar na Puncáin tigheacht a bhaile le cur fútha ann thar-éis deich mbliadhna nó mar sin a chaitheamh thall- má éirigheann leobhtha thall. Póstar iad sa mbaile, mar is féidir leis na buachaillibh paisde talmhan a cheannach agus cleamhnas a dhéanamh le cailín. Bíonn spré ag an bPuncán mná agus ní bhíonn sí i bhfad sa mbaile go ndéantar cleamhnas duithe — agus deirim-se leat nach Gaedhilge a bhíonns ag a gclainn siúd agus nach iad na sean-ghnása Ghaedhealacha a chleathuighthear i n-a dtighthibh. Ní headh — ag stealladh magaidh faoi na Gaedhil a bhíd. Caithfidh an Árd-fhéis breathnú isteach sa gcás seo. Ní dhéanfaidh sé cúis a rádh go mbadh cheart na Gaedhilgeoirí a choinneáil sa nGaedhealtacht gan focal a rádh ná plan a cheapadh le n-a gcoinneáil ann. Maran féidir obair a sholáthar dóibh san nGaedhealtacht, caithfidh siad bóthar a bhualadh aisti. Caithfear, mar sin, obair d'fhagáil dóibh i n-áit eicínt eile i nÉirinn. Caithfidh na tosgairí seo againne agus daoine eile thall a bhfuil leas na tíre seo ag déanmah cúraim dóibh cur ina luighe ar an muinntir thall gur mór an dochar atá ghá dhéanamh aca bheith ag iarraidh na daoine a mhealladh anonn — agus bheith ag gallú na tíre nuair thagaid féin a bhaile. Badh mhaith liom dá ndéanadh daoine eile a bhfuil eolas aca ar an nGaedhealtacht tagairt don cheist seo. Caitlín Nic Ghabhann.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services