Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Obair do na Gaedhilgeoiríbh

Title
Obair do na Gaedhilgeoiríbh
Author(s)
Nic Ghabhann, Caitlín,
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Obair do na Gaedhilgeoiríbh.



Ag an Árd-fhéis dheiridh bhí díospóireacht
fá'n gceist seo. Dubhairt duine de na teacht-
airibh go mbadh chóir coisde a chur ar bun le
obair d'fhághail do mhuinntir na Gaedhealtachta
i mB'lá Cliath nó i n-áiteachaibh nach é ar fud
na tíre. Shíleas féin gur chiallmhar an chainnt í,
acht d'éirigh teachtaire eile agus dubhairt go
mbadh chóir muinntir na Gaedhealtachta a choinn-
eáil san nGaedhealtacht. Rinne furmhór a
raibh láithreach gáir mhór agus bualadh bos air
sin a chluinsteáil, le n-a chur i n-umhail go
rabhadar ar aon intinn leis an té do labhair,
agus chuir sin deireadh leis an díospóireacht.



Mar sin féin, bhí daoine ann nach raibh ar aon
intinn leis, agus chídhim go bhfuil An tAthair
Maitiú Mag Uidhir ar dhuine aca. Táim fein
ar dhuine eile aca. Níl rud ar bith sa domhan, ár
ndoigh, badh bhreaththa ná badh mhó a thaitneochadh
liom-sa ná na Gaedhilgeoirí a choinneáil san
nGaedhealtacht, dhá mb'fhéidir é dhéanamh, acht de
réir mar tá an sgéal anois, caithfidh 50% aca
imtheacht ó'n nGaedhealtacht le slighe-bheatha a
bhaint amach dóibh féin, agus ó's rud é go bhfuil
an sgéal amhlaidh nárbh' fhearr dóibh dul go Baile
Átha Cliath nó go háit éicint eile i nÉirinn ná
go Meiriocá?



Ní gádh dom, is dócha, mórán a rádh fá'n
dochar a ghníos an tsíor-imirce. Ní hé amháin
go bhfuil na buachaillí agus na cailíní is aigean-
taighe agus is sláinteamhla ag tréigint na
tíre a d'íoc costas a gcomhthuighthe agus a gcuid
oideachais le oibriughadh ar son tíre eile, acht
go mbíonn siad ag síor-iarraidh a gcuid dear-
bhratháracha agus deirbhshiúracha agus ag gcuid
comhursan a mhealladh anonn ina ndiaidh. Íocaid
paisinéaracht a muinntire féin dóibh. Dá
bhfanaidís thall gan bacadh leis an tír seo
níos mó ní bheadh an sgéal chomh dona a's tá.
Acht ina leabhaidh sin ghníd dochar mór ag
teacht a bhaile anois is arís le laetheanntaibh
saoire a chaitheamh i bhfus — ag stealladh gallda-
chais faoi'n muinntir a d'fhan sa mbaile. Ar
bheith thall dóibh is i mBéarla a sgríobhaid a
bhaile agus cuirid páipéir Bhéarla a bhaile.
Sleamhnuigheann a lán de'n droch-litridheacht
ar a gcloistear cainnt faoi láthair isteach thríd
an bposda Meiriocánach.



Le goirid, freisin, tagann fonn ar na
Puncáin tigheacht a bhaile le cur fútha ann thar-éis
deich mbliadhna nó mar sin a chaitheamh thall-
má éirigheann leobhtha thall. Póstar iad sa
mbaile, mar is féidir leis na buachaillibh paisde
talmhan a cheannach agus cleamhnas a dhéanamh
le cailín. Bíonn spré ag an bPuncán mná
agus ní bhíonn sí i bhfad sa mbaile go ndéantar
cleamhnas duithe — agus deirim-se leat nach
Gaedhilge a bhíonns ag a gclainn siúd agus nach
iad na sean-ghnása Ghaedhealacha a chleathuighthear
i n-a dtighthibh. Ní headh — ag stealladh magaidh
faoi na Gaedhil a bhíd.



Caithfidh an Árd-fhéis breathnú isteach sa
gcás seo. Ní dhéanfaidh sé cúis a rádh go mbadh
cheart na Gaedhilgeoirí a choinneáil sa
nGaedhealtacht gan focal a rádh ná plan a
cheapadh le n-a gcoinneáil ann. Maran féidir
obair a sholáthar dóibh san nGaedhealtacht,
caithfidh siad bóthar a bhualadh aisti. Caithfear,
mar sin, obair d'fhagáil dóibh i n-áit eicínt eile
i nÉirinn.



Caithfidh na tosgairí seo againne agus daoine
eile thall a bhfuil leas na tíre seo ag déanmah
cúraim dóibh cur ina luighe ar an muinntir thall
gur mór an dochar atá ghá dhéanamh aca bheith
ag iarraidh na daoine a mhealladh anonn — agus
bheith ag gallú na tíre nuair thagaid féin a
bhaile.



Badh mhaith liom dá ndéanadh daoine eile a
bhfuil eolas aca ar an nGaedhealtacht tagairt
don cheist seo.



Caitlín Nic Ghabhann.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services