Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaí an tSaoghail. Pínse na Seanóiridhe
Title
Cúrsaí an tSaoghail. Pínse na Seanóiridhe
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaí an tSaoghail. Pínse na Seanóiridhe Tá an comhdhaltas ag baint leis an bpínse seo i nÁrd Fhearta i gCiarraighe tar éis cur suas do'n obair. An uair cuireadh na cómhdhaltaisidhe seo ar bun ar dtúis, toghadh na daoine budh eólgasaighe i ngach dúthaigh i ngcómhair na hoibre. Tuigeadh go mbeadh cruinn- eolas aca ar mhaoin saoghalta a gcómhursan féin, agus go dtiocfadh leo ar a shon an ceart do dhéanamh idir lucht lorga an phínse agus an dream a bhí dhá bhronnadh. Bhí an gléas oibre ar fheabhas dá dtabharfaidhe a cheart féin dó, acht níor tugadh. Ní raibh ins na gcómhdhal- taisíbh seo acht saghas dallaidh púicín. Ní raibh ionntaoibh ar bith ag an Riaghaltas asta, acht dar ndóigh níor bh'aon sgéal nuadh é seo. Ní fhuil toradh madraidh ag an mbórd i mBaile Átha Cliath ar bhreith na gcómhdhaltaisidhe. Ní aon dream amháin go bhfuil sé seo mar adhbhar gearáin aca. Chonnac leitir ins na páipéaraibh tamall ó shoin ag casaoid ortha ó mhinistir i gCúige Uladh. Timcheall an tráth chéadna bhí alt i bpáipéaraibh Shasana ó mhnaoi uasail i nÉirinn — bean uasal go bhfuil dlúth- bhaint aici le muinntir Shasana i gcreideamh is i réimibh poilitidheachta. Chuir a halt i n-iúil go raibh éagcóir dá dhéanamh ar bhochtaibh na hÉireann i mórán de shlighthibh ag an mbórd i mBaile Átha Cliath. Agus dar ndóigh tá na Feisridhe ag gearán agus ag casaoid gach tarna lá i bhFeis Shasana mar gheall ar an rud céadna. Ach ní fhuil maitheas ar bith a bheith leo. Is mó cómhacht ag cléireach fé an Riaghaltas 'san tír seo ná ag a bhfuil d'Fheisríbh i dtigh na Feise thall de dheallramh. An tAthair Mac Cárthaigh Ó Conchubhair bhí mar fear ceannais ar Chómhdhaltas Árda Fhearta. Fear ciallmhar is eadh é agus Gaedheal atá dílis dá thír is dá shliocht. Ní duine é a chuirfeadh roimhis beart neimh-chiallmhar, baoth a dhéanamh. 'Nuair a chómhairligh se do'n chómhdhaltas cur suas do'n obair, ní gan fáth a dhein sé é. Bhí oifigeach an phínse ag déanamh éagcóra ar dhaoibibh bochta ós cómhair a shúl amach, agus bhí lucht na hOifige seo i mBaile Átha Cliath ag cabhrughadh leis. Ní raibh dul thársta súd. “Cad é an mhaitheas a bheith leo?” arsa an sagart le n-a gcómhdháltaibh. “Cuirtear cómhdhaltas ar bun mar dalladh púicín & leigeann na Liberals ortha go dteas- tuigheann uatha cuid d'ár slighe féin do bheith againn i ndálaibh riaghaluighthe, acht scaoileann siad ag obair sinn fé cheangal na gcúig gcaol.” Do chuir an cómhdhaltas suas do'n obair annsoin, agus is maith do dheideadar san. Ag leath-mhagadh fúinn a bhí an Riaghaltas an uair chuireadar na gcómhdhaltaisidhe seo ar bun. Tá baint agam féin leis an obair seo ó cuireadh ar bun é. Cuireadh fé riaghal an Bhúird i mBaile Átha Cliath na céadta cúiseann i rith na haimsire sin ó n-ár ndúthaigh féin, agus ní dóigh liom go raibh acht deich n-uaire ar fad gur chuireadar i gcoinnibh breith na n-oifigeach. Agus na deich n-uaire sin níor aontuigheadar le breith an chómhdhaltais acht chómh beag. Thugadar breith fé leith uatha féin. Agus b'shiúd í an bhreith bhacach dá chómhartha san féin. Is é an áit go bhfuil an dochar is mó dá dhéanamh gur daoine neimh-eólgasacha i gcúrsaíbh feirmeóireachta urmhór na n-oifigeach. Is lúgha ná san d'eolas ag cléirigh an Bhúird i mBaile Átha Cliath. Is eol dom go maith go bhfuil foth- dhuine i n-a measc a thuigeann an sgéal, acht ní mór iad. Is cuimhin liom go raibh cruinn- ughadh chómhdhaltais againn 'san Churrán lá. Bhí oifigeach an phínse i láthair. Sasanach ab eadh é dá chómhartha soin fein. Bhí díospóireacht againn féachaint cad a chosnóchadh féarach bó ar feadh na bliadhna. Bhí duine do sna feir- meoiríbh ag trácht ar phrátaíbh mar adhmhar cothuighthe. Do ghaibh iongnadh an t-oifigeach. “An fíor é,” ar seisean, “go n-itheann ba prátaidhe?” Agus b'é siúd an té bhí a déanamh léir-mheasa ar mhaoin saoghalta feirmeiridhe na dúthaighe, go bhfóiridh Dia orainn! Tháinig Árd-Choiste na hoibre i gCiarraighe i gceann a chéile i dTráighlí coighchígheas ó shoin. Bhí an tAthair Mac Cárthaigh Ó Conchubhair i láthair. Bhí an bheirt oifigeach phínse ó Fhearta ann chomh maith. Pádraig Ó Coinndealbháin, Rúnaidhe na Comhairle Contae, bhí i gceannas. Ní móide go bhfuil fear eile i gCúige Mumhan go bhfuil níos mó eolas aige ar chúrsaíbh feirmeóireachta agus ar stáid na ndaoine ar leithligh 'ná an duine céadna. Chuir sé na hoifigh fé dhian-sgrúdughadh. Is fiú an cúntas tá i n-a thaoibh san i bpáirpéarthaibh Chiarraighe do léigheamh. “Cad é an méid measann tú a chaitheann seanduine ar a chuid éadaigh i rith na bliadhna?” arsa Mac Uí Choindealbháin. “Cúig púint,” ars' an t-oifigeach. “Sin í mo bhreith i gcómhnuidhe.” “Cad é an méid a chuireann tú i leith a chothuighthe gach seachtmhain?” “Deich scillinge, agus as son go dtí n-a trí scillinge déag!” “Tá beirt annso ós ar gcómhair indiu,” ars' an cathaoirleach, “agus tá a raibh aca ag a gclainn anois. Tá an chlann pósta. Ní fhuil talamh ná stór ag na seandaonaibh. Cad fáth go bhfuilir ag cur i n-a gcoinnibh?” “Thugadar uatha a raibh aca d'fhonn iad féin do chur fé réim an reacht seo,” arsa an t-oifigeach. “A' measann tusa nár ceart do chlainn feirmeoiridhe na tíre seo pósadh i n-aon chor?” ars' an cathaoirleach. “Thiocfadh le feirmeoir óg tráth a phósta do chur ar gcúlaibh go dtí go gcaillfidhe a athair,” ars' an t-oifigeach! Is eol d'éinne go bhfuil eolas na ceiste aige ná fuil ciall ná tuigsint ná éifeacht le bheith dá leithéid seo. Cúig púint 'san bhliadhain dá chaitheamh ag seanduine ar a chuid éadaigh! Ráiméis críochnuiththe!
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services