Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaí an tSaoghail. Pínse na Seanóiridhe

Title
Cúrsaí an tSaoghail. Pínse na Seanóiridhe
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaí an tSaoghail.



Pínse na Seanóiridhe



Tá an comhdhaltas ag baint leis an bpínse
seo i nÁrd Fhearta i gCiarraighe tar éis cur
suas do'n obair. An uair cuireadh na
cómhdhaltaisidhe seo ar bun ar dtúis, toghadh
na daoine budh eólgasaighe i ngach dúthaigh i
ngcómhair na hoibre. Tuigeadh go mbeadh cruinn-
eolas aca ar mhaoin saoghalta a gcómhursan
féin, agus go dtiocfadh leo ar a shon an ceart
do dhéanamh idir lucht lorga an phínse agus an
dream a bhí dhá bhronnadh. Bhí an gléas oibre
ar fheabhas dá dtabharfaidhe a cheart féin dó,
acht níor tugadh. Ní raibh ins na gcómhdhal-
taisíbh seo acht saghas dallaidh púicín. Ní raibh
ionntaoibh ar bith ag an Riaghaltas asta, acht
dar ndóigh níor bh'aon sgéal nuadh é seo. Ní
fhuil toradh madraidh ag an mbórd i mBaile
Átha Cliath ar bhreith na gcómhdhaltaisidhe.



Ní aon dream amháin go bhfuil sé seo mar
adhbhar gearáin aca. Chonnac leitir ins na
páipéaraibh tamall ó shoin ag casaoid ortha ó
mhinistir i gCúige Uladh. Timcheall an tráth
chéadna bhí alt i bpáipéaraibh Shasana ó mhnaoi
uasail i nÉirinn — bean uasal go bhfuil dlúth-
bhaint aici le muinntir Shasana i gcreideamh is
i réimibh poilitidheachta. Chuir a halt i n-iúil
go raibh éagcóir dá dhéanamh ar bhochtaibh na
hÉireann i mórán de shlighthibh ag an mbórd
i mBaile Átha Cliath. Agus dar ndóigh tá na
Feisridhe ag gearán agus ag casaoid gach tarna
lá i bhFeis Shasana mar gheall ar an rud céadna.
Ach ní fhuil maitheas ar bith a bheith leo. Is
mó cómhacht ag cléireach fé an Riaghaltas 'san
tír seo ná ag a bhfuil d'Fheisríbh i dtigh na Feise
thall de dheallramh.



An tAthair Mac Cárthaigh Ó Conchubhair bhí mar
fear ceannais ar Chómhdhaltas Árda Fhearta.
Fear ciallmhar is eadh é agus Gaedheal atá dílis
dá thír is dá shliocht. Ní duine é a chuirfeadh
roimhis beart neimh-chiallmhar, baoth a dhéanamh.
'Nuair a chómhairligh se do'n chómhdhaltas cur suas
do'n obair, ní gan fáth a dhein sé é. Bhí oifigeach an
phínse ag déanamh éagcóra ar dhaoibibh bochta
ós cómhair a shúl amach, agus bhí lucht na hOifige
seo i mBaile Átha Cliath ag cabhrughadh leis.
Ní raibh dul thársta súd. “Cad é an mhaitheas
a bheith leo?” arsa an sagart le n-a gcómhdháltaibh.
“Cuirtear cómhdhaltas ar bun mar dalladh
púicín & leigeann na Liberals ortha go dteas-
tuigheann uatha cuid d'ár slighe féin do bheith
againn i ndálaibh riaghaluighthe, acht scaoileann
siad ag obair sinn fé cheangal na gcúig gcaol.”



Do chuir an cómhdhaltas suas do'n obair
annsoin, agus is maith do dheideadar san.
Ag leath-mhagadh fúinn a bhí an Riaghaltas an
uair chuireadar na gcómhdhaltaisidhe seo ar
bun.



Tá baint agam féin leis an obair seo ó
cuireadh ar bun é. Cuireadh fé riaghal an Bhúird
i mBaile Átha Cliath na céadta cúiseann i rith
na haimsire sin ó n-ár ndúthaigh féin, agus
ní dóigh liom go raibh acht deich n-uaire ar fad
gur chuireadar i gcoinnibh breith na n-oifigeach.
Agus na deich n-uaire sin níor aontuigheadar
le breith an chómhdhaltais acht chómh beag.
Thugadar breith fé leith uatha féin. Agus b'shiúd
í an bhreith bhacach dá chómhartha san féin.



Is é an áit go bhfuil an dochar is mó dá
dhéanamh gur daoine neimh-eólgasacha i gcúrsaíbh
feirmeóireachta urmhór na n-oifigeach. Is lúgha
ná san d'eolas ag cléirigh an Bhúird i mBaile
Átha Cliath. Is eol dom go maith go bhfuil foth-
dhuine i n-a measc a thuigeann an sgéal, acht
ní mór iad. Is cuimhin liom go raibh cruinn-
ughadh chómhdhaltais againn 'san Churrán lá.
Bhí oifigeach an phínse i láthair. Sasanach ab
eadh é dá chómhartha soin fein. Bhí díospóireacht
againn féachaint cad a chosnóchadh féarach bó
ar feadh na bliadhna. Bhí duine do sna feir-
meoiríbh ag trácht ar phrátaíbh mar adhmhar
cothuighthe. Do ghaibh iongnadh an t-oifigeach.
“An fíor é,” ar seisean, “go n-itheann ba
prátaidhe?” Agus b'é siúd an té bhí a déanamh
léir-mheasa ar mhaoin saoghalta feirmeiridhe
na dúthaighe, go bhfóiridh Dia orainn!



Tháinig Árd-Choiste na hoibre i gCiarraighe
i gceann a chéile i dTráighlí coighchígheas ó
shoin. Bhí an tAthair Mac Cárthaigh Ó Conchubhair
i láthair. Bhí an bheirt oifigeach phínse ó Fhearta
ann chomh maith. Pádraig Ó Coinndealbháin,
Rúnaidhe na Comhairle Contae, bhí i gceannas.
Ní móide go bhfuil fear eile i gCúige Mumhan
go bhfuil níos mó eolas aige ar chúrsaíbh
feirmeóireachta agus ar stáid na ndaoine
ar leithligh 'ná an duine céadna. Chuir sé na
hoifigh fé dhian-sgrúdughadh. Is fiú an cúntas
tá i n-a thaoibh san i bpáirpéarthaibh Chiarraighe
do léigheamh.



“Cad é an méid measann tú a chaitheann
seanduine ar a chuid éadaigh i rith na bliadhna?”
arsa Mac Uí Choindealbháin.



“Cúig púint,” ars' an t-oifigeach. “Sin í mo
bhreith i gcómhnuidhe.”



“Cad é an méid a chuireann tú i leith a
chothuighthe gach seachtmhain?”



“Deich scillinge, agus as son go dtí n-a
trí scillinge déag!”



“Tá beirt annso ós ar gcómhair indiu,”
ars' an cathaoirleach, “agus tá a raibh aca ag a
gclainn anois. Tá an chlann pósta. Ní fhuil
talamh ná stór ag na seandaonaibh. Cad fáth
go bhfuilir ag cur i n-a gcoinnibh?”



“Thugadar uatha a raibh aca d'fhonn iad
féin do chur fé réim an reacht seo,” arsa an
t-oifigeach.



“A' measann tusa nár ceart do chlainn
feirmeoiridhe na tíre seo pósadh i n-aon chor?”
ars' an cathaoirleach.



“Thiocfadh le feirmeoir óg tráth a phósta
do chur ar gcúlaibh go dtí go gcaillfidhe a
athair,” ars' an t-oifigeach!



Is eol d'éinne go bhfuil eolas na ceiste
aige ná fuil ciall ná tuigsint ná éifeacht le
bheith dá leithéid seo. Cúig púint 'san bhliadhain
dá chaitheamh ag seanduine ar a chuid éadaigh!
Ráiméis críochnuiththe!

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services