Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Gaedhealtacht
Title
An Gaedhealtacht
Author(s)
Nic Gabhann, Caitlín,
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Ghaedhealtacht. Tuarasagbháil Caitlín Ni Ghabhann. I. Tháinigeas ar ais annseo Lá Coille agus uaidh sin ale bhíos ag cur faoi réir le haghaidh an dráma agus cuirm cheoil a bhí againn sa gColáisde oidhche aréir. Bhí cleachtadh de'n dráma — nó dhá chleachtadh — gach oidhche agus bhítheas ag foghluim agus ag cleachtadh na ndrámaí agus na n-abhrán agus gach rud eile a bhí le bheith aca. Bhíodh na páisdí agam i rith an lae. Cailíní agus buachaillí na tuaithe ar fad a bhí sa dráma agus a rinne chuile shórt dhá raibh ar an gclár Dia Domhnaigh. D'oibrigh na buachaillí thar tímcheall ar a míle dícheall ag cuidiughadh liom. Thógadar an t-árdán agus chuireadar suas na brait, sguabadar agus ghlanadar agus chuireadar cathaoireacha agus chuile shórt i gcóir fá mo stiuiriughadh. Chuir siad suim a bhfacais ariamh san obair. Bhí an dráma go han-mhaith as amach amach (“An Fear Cruaidh-Chroidheach” a bhí aca) agus bhí an chuirm cheoil ar fheabhas — abhráin, sgéalta, aithriseorachta, agus ceol ó chailíníbh agus bhuachaillibh na tíre. Dhamhsuigh ceathrar pásidí cor ceathrair agus dhamhsuigh cailín beag “ríl” léithi féin, agus ní raibh coisméigh aca mí ó shoin. Tá togha amhránuidhthe annseo — tá cuid aca le dul chuig an Oireachtas le congnamh Dé. Bhí céilidh beag aca le deireadh a chur ar an obair agus dhamhsuigh siad cor ceathrair agus cor seisear dhéag, Ballaí Luimnighe, Rinnce Fada, agus Tonnaí Thoraighe — fré chéile. Is iongantach mar d'fhoghluim siad na damhsaí Gaedhealacha — acht bíonn siad ghá gcleachtadh sna tighthibh oidhche ar bith nach mbíonn siad ag ranng. Sílim go mbéidis i n-an dráma a dheanamh ag an Oireachtas — táid go toghtha. Dhá gcuir- eadh muinntir an Oireachtais i mB'l'á Cliath dráma chugainn, dhéanfaimís dhóibh é ag an Oireachtas, agus bheádh sé ar fheabhas. 6.1.13 II. Níor chríochnuigheas an cúnntas seo Dia Luain mar b'éigin dom dul siar ag Céilidh i mBaile na hAille ag an gCnoc. Bhí togha Céilidhe againn ann — 35 sa láthair — níor sgaipeamar go dtí a dó-dhéag. Chaitheas maidin Dia Máirt ag “glanadh suas” sa gColáisde léis an dráma, agus cur ar ais na rudaí fuaramar ar iasacht. Bhíos thart sa Spidéal tráthnóna ag stealladh Gaedhilge fá Sheoinínibh an Spidéil. Thugas cuairt ar an sagart. D'fhuagruigheas Céilidh i dteach mo lóisdín, tráthnóna, agus bhí 33 sa láthair. Oidhche aréir bhí Céilidh againn sa gCoill Rua. Bhíos thart ar an áir ó'n dó-dhéag — ag múnadh damhsaí do na cailíníbh — mar d'iarr siad orm dul chuca le n-a dhéanamh, agus sgríobhas síos dhá abhrán agus sgéal. Bhí 28 nduine ag an gCéilidh agus mhúneas “Ballaí Luimnighe” agus “Tonnaí Thoraighe” dóibh agus thosuigh siad ar an gcor ceathrair. D'iarr siad orm dul ann arís Dia Luain. Tháinigeas a bhaile ag a naoi agus bhí na daoine ag fanacht liom le dul leo ag tórramh cailín óig ar an mbaile a bhí léis báis. Bhí siad ag innsint sgéalta & srl leis an oidhche a chur tharta — acht bhí mná an tighe ag caoineadh go cráidhte ó am go ham. Téighim ag gach cruinniughadh a bhíos ag na daoine — faoisdin, nó tórramh, nó aonach nó céilidh — mar ní bhíonn focal acht Gaedhilge ann, ná damhsa gallda i n-aon áit má bhím sa láthair. Agus ó bhíonns na daoine óga ag déanamh spóirt agus ag foghluim damhsaí thríd an nGaedhilge bíonn baint ag an nGaedhilge leis na rudaibh is mó a thaitnigheas leob. Níl Sgoil an Chnuic fosgailte fós. Tá Mícheál Ó Droighneáin sna Furbachaibh anois. Níl fhios agam cé'n máighistir ó bhéas sa Spidéal fós. Beir buaidh agus beannacht. Mise, Caitlín Nic Gabhann.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services