Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Gaedhealtacht

Title
An Gaedhealtacht
Author(s)
Nic Gabhann, Caitlín,
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Ghaedhealtacht.



Tuarasagbháil Caitlín Ni Ghabhann.



I.



Tháinigeas ar ais annseo Lá Coille agus uaidh
sin ale bhíos ag cur faoi réir le haghaidh an
dráma agus cuirm cheoil a bhí againn sa
gColáisde oidhche aréir.



Bhí cleachtadh de'n dráma — nó dhá chleachtadh —
gach oidhche agus bhítheas ag foghluim agus ag
cleachtadh na ndrámaí agus na n-abhrán agus
gach rud eile a bhí le bheith aca. Bhíodh na páisdí
agam i rith an lae. Cailíní agus buachaillí
na tuaithe ar fad a bhí sa dráma agus a rinne
chuile shórt dhá raibh ar an gclár Dia Domhnaigh.
D'oibrigh na buachaillí thar tímcheall ar a míle
dícheall ag cuidiughadh liom. Thógadar an
t-árdán agus chuireadar suas na brait,
sguabadar agus ghlanadar agus chuireadar
cathaoireacha agus chuile shórt i gcóir fá mo
stiuiriughadh. Chuir siad suim a bhfacais ariamh
san obair.



Bhí an dráma go han-mhaith as amach amach
(“An Fear Cruaidh-Chroidheach” a bhí aca) agus
bhí an chuirm cheoil ar fheabhas — abhráin, sgéalta,
aithriseorachta, agus ceol ó chailíníbh agus
bhuachaillibh na tíre. Dhamhsuigh ceathrar pásidí
cor ceathrair agus dhamhsuigh cailín beag “ríl”
léithi féin, agus ní raibh coisméigh aca mí ó shoin.
Tá togha amhránuidhthe annseo — tá cuid aca le
dul chuig an Oireachtas le congnamh Dé. Bhí
céilidh beag aca le deireadh a chur ar an obair
agus dhamhsuigh siad cor ceathrair agus cor seisear
dhéag, Ballaí Luimnighe, Rinnce Fada, agus
Tonnaí Thoraighe — fré chéile. Is iongantach mar
d'fhoghluim siad na damhsaí Gaedhealacha — acht
bíonn siad ghá gcleachtadh sna tighthibh oidhche
ar bith nach mbíonn siad ag ranng.



Sílim go mbéidis i n-an dráma a dheanamh
ag an Oireachtas — táid go toghtha. Dhá gcuir-
eadh muinntir an Oireachtais i mB'l'á Cliath
dráma chugainn, dhéanfaimís dhóibh é ag an
Oireachtas, agus bheádh sé ar fheabhas.



6.1.13



II.



Níor chríochnuigheas an cúnntas seo Dia Luain
mar b'éigin dom dul siar ag Céilidh i mBaile
na hAille ag an gCnoc. Bhí togha Céilidhe
againn ann — 35 sa láthair — níor sgaipeamar go
dtí a dó-dhéag.



Chaitheas maidin Dia Máirt ag “glanadh
suas” sa gColáisde léis an dráma, agus cur
ar ais na rudaí fuaramar ar iasacht. Bhíos
thart sa Spidéal tráthnóna ag stealladh
Gaedhilge fá Sheoinínibh an Spidéil. Thugas
cuairt ar an sagart.



D'fhuagruigheas Céilidh i dteach mo lóisdín,
tráthnóna, agus bhí 33 sa láthair.



Oidhche aréir bhí Céilidh againn sa gCoill Rua.
Bhíos thart ar an áir ó'n dó-dhéag — ag múnadh
damhsaí do na cailíníbh — mar d'iarr siad orm
dul chuca le n-a dhéanamh, agus sgríobhas síos
dhá abhrán agus sgéal. Bhí 28 nduine ag an
gCéilidh agus mhúneas “Ballaí Luimnighe”
agus “Tonnaí Thoraighe” dóibh agus thosuigh
siad ar an gcor ceathrair. D'iarr siad orm
dul ann arís Dia Luain. Tháinigeas a bhaile
ag a naoi agus bhí na daoine ag fanacht liom
le dul leo ag tórramh cailín óig ar an mbaile
a bhí léis báis. Bhí siad ag innsint sgéalta & srl leis
an oidhche a chur tharta — acht bhí mná an tighe
ag caoineadh go cráidhte ó am go ham.



Téighim ag gach cruinniughadh a bhíos ag na
daoine — faoisdin, nó tórramh, nó aonach nó
céilidh — mar ní bhíonn focal acht Gaedhilge
ann, ná damhsa gallda i n-aon áit má bhím sa
láthair. Agus ó bhíonns na daoine óga ag
déanamh spóirt agus ag foghluim damhsaí thríd
an nGaedhilge bíonn baint ag an nGaedhilge
leis na rudaibh is mó a thaitnigheas leob.



Níl Sgoil an Chnuic fosgailte fós. Tá Mícheál
Ó Droighneáin sna Furbachaibh anois. Níl
fhios agam cé'n máighistir ó bhéas sa Spidéal
fós. Beir buaidh agus beannacht.



Mise,
Caitlín Nic Gabhann.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services