Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Imirce
Title
An Imirce
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Imirce Bhí peictiúr a raibh teagasg maith do Ghaedhealaibh ann sa “Freeman” Dia Sathairn seo ghabh tharainn. Samhailt Fhir na hImirce a b'eadh é. Bhí sé ag déanamh treoir' do shluagh mhór daoine agus ghá mealladh leis thar sáile le caint i dtaobh maoine agus saoghail ins na tíorthaibh thall. Bhí feisteas bréagach air agus faoi'n bpúicín a bhí aige ar a éadan bhí agaidh an bháis le feiceáil. Tá lucht na long ar fad ag bualadh cluaine ar dhaoinibh nach bhfuil greim sheasta aca sa tír agus ag áitiughadh ortha gur fusa mair- eachtáil i ndeire an domhain nó i n-áit ar bith a bhfuil tarraingt a gcuid long ann, ná i nÉirinn. Tháinig cuid mhaith sgéalta i dtaobh an droch- shaoghail atá anois i nAmeiriceá chugainn le goirid. 'Deir páipéar amháin go bhfuil cruadh- cheisteanna go leor le réidhteach ag an Uachtarán nua. Seo ceann aca: Tá biadh agus earraidh agus gual níos daoire faoi dhó ná mar bhí deich mbliadhna ó shoin agus tá cíos faoi dhó níos aoirde; tá páidhe lucht oibre mar a bhí, agus níl obair le fágháil ag go leor; cé'n chaoi ar bhféidir le daoinibh nach bhfuil maoin ná fagháltas aca maireachtáil an fhaid is atá gach cineál ag eirghe daor agus gan aon mhéadú ar pháidhe? Tá troid fhíochmhar ar siubhal anois ins na státaibh idir lucht díolta guail agus lucht a dhóighte. Na daoine ar leo na mianaigh is leo na bóithre iarainn agus na stóir mhóra guail ins na bailtibh móra. Tig leo a rogha luacha do chur air agus caithfidh na daoine “an craiceann is a luach” a thabhairt dóibh nó fanacht i na éagmuis. Má's féidir le duine carn guail do cheannach le chéile fághann sé saor go leor é, acht an duine bocht nach bhfuil ar a chumas acht lán buicéid do cheannach le chéile íocann seisean agus a leithead as faoi dhó go díreach. Na fir óga a théidheann go dtí na cathracha móra thall ní dhéanann siad smaointiú ar a chostasaighe is atá soaghal cathrach. Daoine tuaithe iad go léir nach mór, acht tugann siad ar fad aghaidh ar na cathracha. Cuireann siad fútha i dtighthibh nach bhfuil comhgar ar bith ag dul leo. Bíonn ortha íoc go daor as gach uile nídh go fiú an bhraoinín bhainne. Tagann an cíos, an gual, an biadh agus trusgán go trom ortha. Cailleann siad misneach le déine an tsaoghail. Bíonn siad cruaidh follannach sa mbaile, acht téidheann sgapadh agus fán ar a lán aca thall. Is minice an drochshompla os a gcomhair ná a mhalairt. Imthigheann siad le gnás a n-aicme, agus má bhíonn droich-chríoch ar go leor de'n bhunadh Gaedhealach is é a mí-shástacht le saoghal sa tír seo agus a n-aineolas i dtaobh na tíre eile is cionntach leis. Sgéal a tháinig an lá cheana go bhfuil dhá dtrian de mhuintir na Stát nAontuighthe gan aon chreideamh aca. Ní ráfla é seo acht an ghlan-fhírinne. Sgéal eile a chuirfeas sgannradh ar Ghaedhil is eadh an cunntas ó bhóithre iarainn na tíre céadna. Marbhuigheadh 10,585 daoine faoi traéntacha san mbliain darbh chríoch Meitheamh 1912. San mbliain chéadna gor- tuigheadh ar na bóithre iarainn 169,538 ndaoine. Tá lucht oibre chomh coruighthe i n-aghaidh na maighistrí go bhfuil siad ag pléasgadh oibreacha le díonaimíota. Scéith cuid de lucht na díonaimíota ar a chéile agus tá dhá fhichid fear aca daortha chun príosúntacht de bharr an mhioscais. Tá an saoghal ag dul thar cuimridheacht ins na Státaibh le goirid le meád na himirce atá ag triall ann as tíorthaibh an domhain, agus leis an gcruadhtán atá ar bhochtaibh faoi go bhfuil gach slighe agus gach fagháltas ag lucht maoine. Dá ghainne iad Gaedhilg Éireann tá siad ag dul ar an Imirce chomh mór is do bhí le fada. Dhéanfadh muintir na Gaedhilge obair mhaith dá gcúis féin acht dul amach ag teagasg daoine faoin'n drochshaoghal atá i ndán do dhaoine gan chéird gan airgead ins na Státaibh. Tá an tráth de'n bhliain a mbéidh na daoine óga thall is a bhfus ag sgríobhadh aga chéile ag teacht, agus na daoine atá thall béidh siad ag mealladh na ndaoine a bhfus chuca. Do dhaoinibh nach bhfuil sgaipeach níl aon tír gur fusa maireachtál ann ná ar dtír féin. Acht níl aon tuigsint ag muintir na tuaithe faoi sin. Annso i mBaile Átha Cliath atá na sluaighte Iúdach agus Albanach agus Gearmánach ag brughadh isteach agus ag cur greama sa tír. Is léir dóibh a fhusa is atá sé slighe bheatha do bhaint amach annso, acht tá ar ndaoine féin dall agus aineolach. Tá sé de dhualgas orainn go léir muintir na tuaithe do theagasg sa gcúis seo. Tá an imirce ag milleadh faoi an nGaedhilg go mór. Na Gaedhilgeoirí a imthigheanns is caillteanas dúinn iad; na Gaedhil a fhilleanns agus a bhfuil buaidhte ag an mBéarla ortha is sgríosadóirí iad. Bhíodh fuadar fúinn atá deich mbliana ó shoin ann ag teagasg daoine, ag tabhairt misnigh dóibh, ag fuagairt na himirce. Cuimnighmís ar an obair do ghabhamar de láimh fiche bliain ó shoin, agus ar ar gheallamar, agus ar an mbeagán atá déanta againn fós. Dá mbeadh rún ag Gaedhealaibh a gcine do láidriú agus Éire do chur arís ar a bonnaibh mar náisiún bheadh faobhar ortha chun troda. Bheadh suim aca sa tír san am chéadna mar bheadh súil aca a saoghal do chaitheamh innti. Bhí laghdú mór ar an Imirce aimsir na bhFíníní agus le linn Parnell do bheith mar cheann ar Éireannaigh. Tá bealach i nÉirinn do 15,000,000 Gaedheal acht iad a bheith dúthrachtach, baileach. Cuirimís i n-aghaidh na hImirce go dian feasta agus déanadh an sagart agus an tuata an teagasg chomh maith le chéile. Tá saoghal sonasach i ndán dúinn i nÉirinn acht é a thuilleamh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services