Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Imirce

Title
An Imirce
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Imirce



Bhí peictiúr a raibh teagasg maith do Ghaedhealaibh
ann sa “Freeman” Dia Sathairn seo ghabh
tharainn. Samhailt Fhir na hImirce a b'eadh é.
Bhí sé ag déanamh treoir' do shluagh mhór daoine
agus ghá mealladh leis thar sáile le caint i dtaobh
maoine agus saoghail ins na tíorthaibh thall.
Bhí feisteas bréagach air agus faoi'n bpúicín
a bhí aige ar a éadan bhí agaidh an bháis le feiceáil.
Tá lucht na long ar fad ag bualadh cluaine
ar dhaoinibh nach bhfuil greim sheasta aca sa
tír agus ag áitiughadh ortha gur fusa mair-
eachtáil i ndeire an domhain nó i n-áit ar bith
a bhfuil tarraingt a gcuid long ann, ná i
nÉirinn.



Tháinig cuid mhaith sgéalta i dtaobh an droch-
shaoghail atá anois i nAmeiriceá chugainn le
goirid. 'Deir páipéar amháin go bhfuil cruadh-
cheisteanna go leor le réidhteach ag an Uachtarán
nua. Seo ceann aca: Tá biadh agus earraidh
agus gual níos daoire faoi dhó ná mar bhí deich
mbliadhna ó shoin agus tá cíos faoi dhó níos
aoirde; tá páidhe lucht oibre mar a bhí, agus
níl obair le fágháil ag go leor; cé'n chaoi ar
bhféidir le daoinibh nach bhfuil maoin ná fagháltas
aca maireachtáil an fhaid is atá gach cineál ag
eirghe daor agus gan aon mhéadú ar pháidhe?



Tá troid fhíochmhar ar siubhal anois ins na
státaibh idir lucht díolta guail agus lucht
a dhóighte. Na daoine ar leo na mianaigh is leo
na bóithre iarainn agus na stóir mhóra guail
ins na bailtibh móra. Tig leo a rogha luacha do
chur air agus caithfidh na daoine “an craiceann
is a luach” a thabhairt dóibh nó fanacht i na
éagmuis. Má's féidir le duine carn guail
do cheannach le chéile fághann sé saor
go leor é, acht an duine bocht nach bhfuil ar a
chumas acht lán buicéid do cheannach le chéile
íocann seisean agus a leithead as faoi dhó go
díreach.



Na fir óga a théidheann go dtí na cathracha
móra thall ní dhéanann siad smaointiú ar a
chostasaighe is atá soaghal cathrach. Daoine
tuaithe iad go léir nach mór, acht tugann siad
ar fad aghaidh ar na cathracha. Cuireann siad
fútha i dtighthibh nach bhfuil comhgar ar bith ag
dul leo. Bíonn ortha íoc go daor as gach
uile nídh go fiú an bhraoinín bhainne. Tagann
an cíos, an gual, an biadh agus trusgán go
trom ortha. Cailleann siad misneach le déine
an tsaoghail. Bíonn siad cruaidh follannach
sa mbaile, acht téidheann sgapadh agus fán
ar a lán aca thall. Is minice an drochshompla
os a gcomhair ná a mhalairt. Imthigheann siad
le gnás a n-aicme, agus má bhíonn droich-chríoch
ar go leor de'n bhunadh Gaedhealach is é a
mí-shástacht le saoghal sa tír seo agus a
n-aineolas i dtaobh na tíre eile is cionntach
leis.



Sgéal a tháinig an lá cheana go bhfuil dhá
dtrian de mhuintir na Stát nAontuighthe gan
aon chreideamh aca. Ní ráfla é seo acht an
ghlan-fhírinne. Sgéal eile a chuirfeas sgannradh
ar Ghaedhil is eadh an cunntas ó bhóithre iarainn
na tíre céadna. Marbhuigheadh 10,585 daoine
faoi traéntacha san mbliain darbh chríoch
Meitheamh 1912. San mbliain chéadna gor-
tuigheadh ar na bóithre iarainn 169,538 ndaoine.
Tá lucht oibre chomh coruighthe i n-aghaidh na
maighistrí go bhfuil siad ag pléasgadh
oibreacha le díonaimíota. Scéith cuid de lucht
na díonaimíota ar a chéile agus tá dhá fhichid
fear aca daortha chun príosúntacht de bharr
an mhioscais.



Tá an saoghal ag dul thar cuimridheacht ins
na Státaibh le goirid le meád na himirce
atá ag triall ann as tíorthaibh an domhain,
agus leis an gcruadhtán atá ar bhochtaibh faoi
go bhfuil gach slighe agus gach fagháltas ag
lucht maoine. Dá ghainne iad Gaedhilg Éireann
tá siad ag dul ar an Imirce chomh mór is do
bhí le fada. Dhéanfadh muintir na Gaedhilge
obair mhaith dá gcúis féin acht dul amach ag
teagasg daoine faoin'n drochshaoghal atá i ndán
do dhaoine gan chéird gan airgead ins na Státaibh.
Tá an tráth de'n bhliain a mbéidh na daoine óga
thall is a bhfus ag sgríobhadh aga chéile ag teacht,
agus na daoine atá thall béidh siad ag mealladh
na ndaoine a bhfus chuca. Do dhaoinibh nach
bhfuil sgaipeach níl aon tír gur fusa maireachtál
ann ná ar dtír féin. Acht níl aon tuigsint
ag muintir na tuaithe faoi sin. Annso i mBaile
Átha Cliath atá na sluaighte Iúdach agus Albanach
agus Gearmánach ag brughadh isteach agus ag cur
greama sa tír. Is léir dóibh a fhusa is atá
sé slighe bheatha do bhaint amach annso, acht
tá ar ndaoine féin dall agus aineolach. Tá
sé de dhualgas orainn go léir muintir na tuaithe
do theagasg sa gcúis seo. Tá an imirce ag
milleadh faoi an nGaedhilg go mór. Na
Gaedhilgeoirí a imthigheanns is caillteanas dúinn
iad; na Gaedhil a fhilleanns agus a bhfuil
buaidhte ag an mBéarla ortha is sgríosadóirí
iad. Bhíodh fuadar fúinn atá deich mbliana
ó shoin ann ag teagasg daoine, ag tabhairt misnigh
dóibh, ag fuagairt na himirce. Cuimnighmís
ar an obair do ghabhamar de láimh fiche bliain
ó shoin, agus ar ar gheallamar, agus ar an
mbeagán atá déanta againn fós. Dá mbeadh
rún ag Gaedhealaibh a gcine do láidriú agus
Éire do chur arís ar a bonnaibh mar náisiún
bheadh faobhar ortha chun troda. Bheadh suim
aca sa tír san am chéadna mar bheadh súil aca
a saoghal do chaitheamh innti. Bhí laghdú mór ar
an Imirce aimsir na bhFíníní agus le linn
Parnell do bheith mar cheann ar Éireannaigh.
Tá bealach i nÉirinn do 15,000,000 Gaedheal
acht iad a bheith dúthrachtach, baileach. Cuirimís
i n-aghaidh na hImirce go dian feasta agus
déanadh an sagart agus an tuata an teagasg
chomh maith le chéile. Tá saoghal sonasach i ndán
dúinn i nÉirinn acht é a thuilleamh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services