Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaí an tSaoghail. Sgríobhadh na Gaedhilge
Title
Cúrsaí an tSaoghail. Sgríobhadh na Gaedhilge
Author(s)
Ó Searcaigh, Séamus,
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaí an tSaoghail. Sgríobhadh na Gaedhilge. Tá sagart i gConnachtaibh agus sgríobh sé leabhar agus dubhairt ann nár mhór do dhuine eolas a bheith aige a Spáinis, ar Eadalais, ar Fhraincis agus ar a lán eile de theangthachaibh na hEurpa le litridheacht a sgríobhadh i nGaedhilg. Tá sagart eile bhíos go minic fá Dhéisibh Mumhan agus 'sé mheasas seisean nach sgríobhfaidh neach go deo litridheacht Ghaedhilge gan eolas a bheith aige ar an tsean-chanamhain. Agus tá sagart eile i gCondae Chorcaighe agus níl áird aige-san ar rud ar bith acht ar “chaint na ndaoine.” Daoine foghlumtha na sagairt so agus ní hiongantas ar bith cineál d'eagla bheith ar thuata baint leis na ceisteannaibh móra bhíos dá ndíospóireacht aca. Acht má thig leis an tuata uchtach a fhagháil a bhéarfas air breathnú níos géire ar smaointighthibh na ndaoine léigheamhla so 'tchífidh sé nach fada bhíos dá sgrúdú go n-imtheochaidh an sgáth. Agus nuair a bhéas an sgáth agus an eagla curtha uaidh aige tiocfaidh iongantas air fá na rudaibh amaideacha adeir siad go minic. Ní'l a fhios agam-sa caidé mar déarfadh duine ar bith a rinne stuideár ar mhórán de litridheacht na hEurpa gur riachtanach do dhuine eolas a bheith aige ar na teangthachaibh ar a labhrann sagart Chonnacht le litridheacht Ghaedhilge a sgríobhadh. Níl amhras nárbh' fhearrde do sgríbhneóir Gaedhilge eolas a bheith aige ar litridheacht na hEurpa, acht dá léigheadh sé a bhfuil de litridheacht ann ó Homer go Rousseau níor mhór an cuidiú dó é mura mbéadh teanga na Gaedhilge go maith aige. Is riachtanaighe i bhfad do'n ughdar eolas maith a bheith aige ar an teangaidh ina sgríobhann sé 'ná cibé eolas a bhéadh aige ar theangthachaibh an domhain. Bíodh a chruthú sin ar a bhfeicimid de Ghaedhilg bhacaigh dá sgríobhadh ag daoinibh foghlumtha. Agus ní leor do'n ughdar Ghaedhealach teanga na Gaedhilge a bheith go maith aige: caithfidh sé intleacht agus smaointiú agus tuigse agus ciall a bheith aige mar a gcéadna. Ní dhéanfaidh an t-ughdar maith aithris ar dhuine ar bith acht rachaidh sé i gcionn a chuid oibre agus é dáiríribh; agus déarfaidh sé amach cibé atá le rádh aige. Is riachtanaighe go mór do'n ughdar tuigbheáil a bheith aige ar an duine agus ar chlaontaibh an chinidh dhaonna go coitceannta 'ná eolas a bheith aige ar a bhfuil de theangthachaibh ó chionn go cionn na hEurpa. Fear sanais agus gramadaighe sagart na nDéiseach. Is mó an tsuim atá aige i bfoclaibh 'ná i litridheacht. 'Sé nós an tsanasuidhe bhíos aige nuair a théigheas sé a dhéanamh beachtaidh- eachta ar nua-litridheacht na Gaedhilge. Ní léigheann sé acht giota beag de'n leabhar atá aige dá sgrúdú, agus ó sin bheir sé breith ar iomlán an leabhair. Nós greannmhar gan amhras! Acht b'fhéidir gur greannmhaire 'na sin an chomhairle atá aige dá thabhairt do sgríbh- neoiribh na Gaedhilge. Níl a fhios agam-sa caidé mar thig le duine ar bith rinne stuideár ar fhás teangthacha a rádh gur cheart do ughdair an lae indiu dul siar go haimsir Chéitinn agus an Ghaedhilg a sgríobhadh mar a sgríobhtaoi an uair sin í. Tchímid beagán sgríbhneoir ag iarraidh bheith ag leanamhaint a luirg, acht tá ciall thar sin ag an chuid is mó de sgríbh- neoiribh Ghaedhilge na haimsire so. Ní ag smaointiú ar phointibh beaga gramadaighe bhíos an t-ughdar a bhfuil rud tairbheach le rádh aige. Is mó an tsuim a bhíos ag an ughdar, ar fiú cion ughdair é, i bhfírinne an ruda atá dá rádh aige 'ná i riaghlachaibh gramadaighe. Caithfidh sgoláirí suim a chur i ngramadaigh go raibh an teanga foghlumtha aca. Acht badh chóir nár pháistí sgoile na daoine chuir as rompa leabhara a sgríobhadh. Ní de gheall ar phointibh gramadaighe a chur os comhair an tsaoghail a sgríobhamuid Gaedhilg acht de gheall ar cibé smaointighthe atá againn a nochtadh do gach aon atá ábalta ar a dtuigbheáil. Agus badh chóir go ndéanfamuis ar ndícheall leis na smaointighthibh sin a chur i gcéill dóibh comh soiléir agus comh simplidhe agus is féidir linn. Ní caint neamh-nádúrdha atá de dhíth ar leaghthóiribh leabhar acht caint shimplidhe nádúrdha. Bíonn caint na ndaoine simplidhe agus nádúrdha go leor gan amhras; acht níl duine dá ndéan stuidéar ar an chanamhain a bhíos ag daoinibh de ghnáth nach dtabharfadh fá deara gur mór an truailliú thig uirthi mura raibh cosc éigin dá chur uirthi ag lucht leabhar agus gramadaighe. Badh mhór an cuidiú do'n Ghaedhilg go dtí so na sean-sgéalta bhíodh dá n-innse a chois teineadh oidhcheanna fada geimhridh. Tá cúl mór ag dul ar an chosc sin. Agus creidim nach raibh am i ré na Gaedhilge riamh ba mhó a raibh cosc de chineál éiginteacht de dhíth leis an teangaidh a choinneáil glan 'na fa láthair. Níl teanga ar bith atá dá labhairt nach dtig atharrú uirthi. Stadann an t-atharrú sin nuair a stadtar dá labhairt. Is cos- amhail teanga le gach ní beo eile: fásann agus atharuigheann sí a fhad is beo í, acht stadann sí de fhás comh luath is gheibh sé bás. Badh mhaith liom ughdair Ghaedhilge na haimsire so meabhrú ar sin. Agus badh mhaith liom go dtuigfeadh siad gurab í an teanga atá dá labhairt ag na daoinibh is fearr Ghaedhilg indiu badh cheart bheith mar bhun ag ughdair Ghaedhilge feasta. Deirim mar bhun de bhrígh go measaim nach ionann ar fad badh cheart teanga a sgríobhadh agus a labhairt. Bíonn faill ag an sgríbhneoir smaointiú ar an rud atá aige dá rádh, acht ní bhíonn d'am ag an chainteoir acht an rud a rádh cibe dóigh a dtiocfaidh sé leis. Bíonn faill ag an sgríbhneoir saothar a ghlacadh agus croiceann a chur ar a chuid cainte, rud nach mbíonn ag an chainteeoir, mura bhfuil an bhuaidh sin aige ó nádúir. 'Sí caint na ndaoine a bhíos ag sagart Chorcaighe, acht cuireann sé croiceann dá chuid féin uirthi. Is mó i bhfad atá sgríobhtha aige agus is mó i bhfad an tairbhe atá déanta ag a chuid sgríbhneorachta do'n Ghaedhilg 'ná thiocfadh le ceachtar den dís eile a dhéanamh. Is fiú beagán molta gach duine don triúr, acht is dóigh liom nach airidhe ar aonduine aca dia beag a dhéanamh de. 'Tchífidh an leaghthóir ó'n méid atá ráite agam romham gur ar an phrós a bhíos ag smointiú is nár sgríobhas focal fá'n fhilidheacht go fóill. Acht sul a dtarraingead orm an fhilidheacht déarfad go bhfuil trí phríomh-adhbhar ina bhféad- faidhe mórán próis a sgríobhadh, mar atá úr- sgéalaidheacht, seanchas, agus feallsamhnacht. Ní mór do'n úr-sgéalaidhe tuigbheáil mhaith a bheith aige ar chlaontaibh an duine, ar nós- mhaireacht na haimsire ar a gcuireann sé síos, agus thar gach ní eile, fírinne nó cuma na fírinne a bheith ar a chuid cainte. Is dóigh liom nach bhfuil sgríbhneoracht is fearr a chuideochadh leis an Ghaedhilg fa láthair 'ná úr-sgéal maith. Níl an oileamhain ag an chuid is mó de Ghaedhil- georibh na haimsire so a bhéarfadh ortha suim a chur i seanchas, i bhfeallsamhnacht, nó i bhfilidh- eacht mar chuirfeadh siad i sgéal taitneamhach. Is minic mé ag smaointiú gur mhór an cuidiú do'n teangaidh leabhar maith seanchuis i nGaedhilg. Acht is doiligh leabhar maith seanchais a sgríobhadh. Tá leabhara seanchais sa Bhéarla agus sa Fhraincis agus is mór an pléisiúr a léigheadh. Ní mór do'n tseanchaidhe beagán feallsamhnachta a bheith aige, acht caithfidh sé bheith ar a fhaithchill is gan leagean dó féin dul i n-aimréite sa fheallsamhnacht mar ghní Taine go minic. Badh cheart do'n tseanchaidhe eolas a fhagháil a chéad uair fa gach ní dár thárla le linn na haimsire ar a gcuireann sé síos, agus annsin iarraidh a dhéanamh ar mhíniú a tabhairt ar an fháth a bhí leis na rudaibh sin. Ní leor dó a innse gur thárla cogadh i nÉirinn sa bhliadhain 1798 agus gur marbhadh an oiread so daoine ann: caithfidh sé a innse caidé an fáth ar tharla an cogadh sin, caidé mar tharla sé, caidé mar cuireadh deireadh leis, an mhaith agus an t-olc a rinne sé do'n tír. Adhbhar maith léighinn an seanchas agus is truagh nach sgríobhann duine éiginteacht leabhar ar shaoghal fir éigin de fhearaibh céimeamhla na hÉireann. Níl mórán eolais agam ar fheallsamhnacht, acht do réir mar is léar damh ó litreadheacht theagthacha eile badh thairbheach an rud do'n Ghaedhilg leabhar maith feallsamhnachta. Deir ughdair linn nach raibh teanga fheallsamhnacht ag na Francaigh gur thoisigh Descartes a sgríobhadh; agus gur sgríobh seisean i dteangaidh shimplidhe so- thuigseanaigh ar dhóigh gurbh' fhurus d'ughdair ó sin amach labhairt agus sgríobhadh ar fheall- samhnacht i bhFraincis. Acht sin mé ag ceist eile. Séamus Ó Searcaigh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services