Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaí an tSaoghail. Sgríobhadh na Gaedhilge

Title
Cúrsaí an tSaoghail. Sgríobhadh na Gaedhilge
Author(s)
Ó Searcaigh, Séamus,
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaí an tSaoghail.



Sgríobhadh na Gaedhilge.



Tá sagart i gConnachtaibh agus sgríobh sé
leabhar agus dubhairt ann nár mhór do dhuine
eolas a bheith aige a Spáinis, ar Eadalais,
ar Fhraincis agus ar a lán eile de theangthachaibh
na hEurpa le litridheacht a sgríobhadh i
nGaedhilg. Tá sagart eile bhíos go minic fá
Dhéisibh Mumhan agus 'sé mheasas seisean nach
sgríobhfaidh neach go deo litridheacht Ghaedhilge
gan eolas a bheith aige ar an tsean-chanamhain.
Agus tá sagart eile i gCondae Chorcaighe
agus níl áird aige-san ar rud ar bith acht ar
“chaint na ndaoine.” Daoine foghlumtha
na sagairt so agus ní hiongantas ar bith
cineál d'eagla bheith ar thuata baint leis na
ceisteannaibh móra bhíos dá ndíospóireacht aca.
Acht má thig leis an tuata uchtach a fhagháil a
bhéarfas air breathnú níos géire ar smaointighthibh
na ndaoine léigheamhla so 'tchífidh sé nach fada
bhíos dá sgrúdú go n-imtheochaidh an sgáth. Agus
nuair a bhéas an sgáth agus an eagla curtha
uaidh aige tiocfaidh iongantas air fá na rudaibh
amaideacha adeir siad go minic.



Ní'l a fhios agam-sa caidé mar déarfadh duine
ar bith a rinne stuideár ar mhórán de litridheacht
na hEurpa gur riachtanach do dhuine eolas a
bheith aige ar na teangthachaibh ar a labhrann sagart
Chonnacht le litridheacht Ghaedhilge a sgríobhadh.
Níl amhras nárbh' fhearrde do sgríbhneóir
Gaedhilge eolas a bheith aige ar litridheacht na
hEurpa, acht dá léigheadh sé a bhfuil de litridheacht
ann ó Homer go Rousseau níor mhór an cuidiú
dó é mura mbéadh teanga na Gaedhilge go
maith aige. Is riachtanaighe i bhfad do'n ughdar
eolas maith a bheith aige ar an teangaidh ina
sgríobhann sé 'ná cibé eolas a bhéadh aige ar
theangthachaibh an domhain. Bíodh a chruthú sin
ar a bhfeicimid de Ghaedhilg bhacaigh dá sgríobhadh
ag daoinibh foghlumtha. Agus ní leor do'n
ughdar Ghaedhealach teanga na Gaedhilge a bheith
go maith aige: caithfidh sé intleacht agus
smaointiú agus tuigse agus ciall a bheith
aige mar a gcéadna. Ní dhéanfaidh an t-ughdar
maith aithris ar dhuine ar bith acht rachaidh sé i
gcionn a chuid oibre agus é dáiríribh; agus
déarfaidh sé amach cibé atá le rádh aige. Is
riachtanaighe go mór do'n ughdar tuigbheáil
a bheith aige ar an duine agus ar chlaontaibh an
chinidh dhaonna go coitceannta 'ná eolas a
bheith aige ar a bhfuil de theangthachaibh ó chionn
go cionn na hEurpa.



Fear sanais agus gramadaighe sagart na
nDéiseach. Is mó an tsuim atá aige i bfoclaibh
'ná i litridheacht. 'Sé nós an tsanasuidhe bhíos
aige nuair a théigheas sé a dhéanamh beachtaidh-
eachta ar nua-litridheacht na Gaedhilge. Ní
léigheann sé acht giota beag de'n leabhar atá
aige dá sgrúdú, agus ó sin bheir sé breith ar
iomlán an leabhair. Nós greannmhar gan
amhras! Acht b'fhéidir gur greannmhaire 'na
sin an chomhairle atá aige dá thabhairt do sgríbh-
neoiribh na Gaedhilge. Níl a fhios agam-sa
caidé mar thig le duine ar bith rinne stuideár
ar fhás teangthacha a rádh gur cheart do ughdair
an lae indiu dul siar go haimsir Chéitinn
agus an Ghaedhilg a sgríobhadh mar a sgríobhtaoi
an uair sin í. Tchímid beagán sgríbhneoir
ag iarraidh bheith ag leanamhaint a luirg, acht
tá ciall thar sin ag an chuid is mó de sgríbh-
neoiribh Ghaedhilge na haimsire so. Ní ag
smaointiú ar phointibh beaga gramadaighe bhíos
an t-ughdar a bhfuil rud tairbheach le rádh aige.
Is mó an tsuim a bhíos ag an ughdar, ar fiú
cion ughdair é, i bhfírinne an ruda atá dá
rádh aige 'ná i riaghlachaibh gramadaighe. Caithfidh
sgoláirí suim a chur i ngramadaigh go raibh
an teanga foghlumtha aca. Acht badh chóir nár
pháistí sgoile na daoine chuir as rompa leabhara
a sgríobhadh. Ní de gheall ar phointibh
gramadaighe a chur os comhair an tsaoghail
a sgríobhamuid Gaedhilg acht de gheall ar cibé
smaointighthe atá againn a nochtadh do gach
aon atá ábalta ar a dtuigbheáil. Agus badh
chóir go ndéanfamuis ar ndícheall leis na
smaointighthibh sin a chur i gcéill dóibh comh
soiléir agus comh simplidhe agus is féidir
linn. Ní caint neamh-nádúrdha atá de dhíth
ar leaghthóiribh leabhar acht caint shimplidhe
nádúrdha.



Bíonn caint na ndaoine simplidhe agus
nádúrdha go leor gan amhras; acht níl duine
dá ndéan stuidéar ar an chanamhain a bhíos
ag daoinibh de ghnáth nach dtabharfadh fá deara
gur mór an truailliú thig uirthi mura raibh cosc
éigin dá chur uirthi ag lucht leabhar agus
gramadaighe. Badh mhór an cuidiú do'n
Ghaedhilg go dtí so na sean-sgéalta bhíodh dá
n-innse a chois teineadh oidhcheanna fada
geimhridh. Tá cúl mór ag dul ar an chosc sin.
Agus creidim nach raibh am i ré na Gaedhilge
riamh ba mhó a raibh cosc de chineál éiginteacht
de dhíth leis an teangaidh a choinneáil glan 'na
fa láthair. Níl teanga ar bith atá dá labhairt
nach dtig atharrú uirthi. Stadann an t-atharrú
sin nuair a stadtar dá labhairt. Is cos-
amhail teanga le gach ní beo eile: fásann agus
atharuigheann sí a fhad is beo í, acht stadann sí
de fhás comh luath is gheibh sé bás. Badh mhaith liom
ughdair Ghaedhilge na haimsire so meabhrú
ar sin. Agus badh mhaith liom go dtuigfeadh
siad gurab í an teanga atá dá labhairt ag
na daoinibh is fearr Ghaedhilg indiu badh cheart
bheith mar bhun ag ughdair Ghaedhilge feasta.
Deirim mar bhun de bhrígh go measaim nach
ionann ar fad badh cheart teanga a sgríobhadh
agus a labhairt. Bíonn faill ag an sgríbhneoir
smaointiú ar an rud atá aige dá rádh, acht
ní bhíonn d'am ag an chainteoir acht an rud
a rádh cibe dóigh a dtiocfaidh sé leis. Bíonn
faill ag an sgríbhneoir saothar a ghlacadh agus
croiceann a chur ar a chuid cainte, rud nach
mbíonn ag an chainteeoir, mura bhfuil an bhuaidh
sin aige ó nádúir. 'Sí caint na ndaoine a
bhíos ag sagart Chorcaighe, acht cuireann sé
croiceann dá chuid féin uirthi. Is mó i bhfad
atá sgríobhtha aige agus is mó i bhfad an tairbhe
atá déanta ag a chuid sgríbhneorachta do'n
Ghaedhilg 'ná thiocfadh le ceachtar den dís eile
a dhéanamh. Is fiú beagán molta gach duine
don triúr, acht is dóigh liom nach airidhe ar
aonduine aca dia beag a dhéanamh de.



'Tchífidh an leaghthóir ó'n méid atá ráite agam
romham gur ar an phrós a bhíos ag smointiú
is nár sgríobhas focal fá'n fhilidheacht go fóill.
Acht sul a dtarraingead orm an fhilidheacht
déarfad go bhfuil trí phríomh-adhbhar ina bhféad-
faidhe mórán próis a sgríobhadh, mar atá úr-
sgéalaidheacht, seanchas, agus feallsamhnacht.



Ní mór do'n úr-sgéalaidhe tuigbheáil mhaith
a bheith aige ar chlaontaibh an duine, ar nós-
mhaireacht na haimsire ar a gcuireann sé síos,
agus thar gach ní eile, fírinne nó cuma na
fírinne a bheith ar a chuid cainte. Is dóigh liom
nach bhfuil sgríbhneoracht is fearr a chuideochadh
leis an Ghaedhilg fa láthair 'ná úr-sgéal maith.
Níl an oileamhain ag an chuid is mó de Ghaedhil-
georibh na haimsire so a bhéarfadh ortha suim
a chur i seanchas, i bhfeallsamhnacht, nó i bhfilidh-
eacht mar chuirfeadh siad i sgéal taitneamhach.



Is minic mé ag smaointiú gur mhór an
cuidiú do'n teangaidh leabhar maith seanchuis
i nGaedhilg. Acht is doiligh leabhar maith
seanchais a sgríobhadh. Tá leabhara seanchais
sa Bhéarla agus sa Fhraincis agus is mór an
pléisiúr a léigheadh. Ní mór do'n tseanchaidhe
beagán feallsamhnachta a bheith aige, acht caithfidh
sé bheith ar a fhaithchill is gan leagean dó féin
dul i n-aimréite sa fheallsamhnacht mar ghní
Taine go minic. Badh cheart do'n tseanchaidhe
eolas a fhagháil a chéad uair fa gach ní dár thárla
le linn na haimsire ar a gcuireann sé síos,
agus annsin iarraidh a dhéanamh ar mhíniú a
tabhairt ar an fháth a bhí leis na rudaibh sin.
Ní leor dó a innse gur thárla cogadh i nÉirinn
sa bhliadhain 1798 agus gur marbhadh an oiread
so daoine ann: caithfidh sé a innse caidé
an fáth ar tharla an cogadh sin, caidé mar tharla
sé, caidé mar cuireadh deireadh leis, an mhaith
agus an t-olc a rinne sé do'n tír. Adhbhar maith
léighinn an seanchas agus is truagh nach sgríobhann
duine éiginteacht leabhar ar shaoghal fir éigin
de fhearaibh céimeamhla na hÉireann.



Níl mórán eolais agam ar fheallsamhnacht, acht
do réir mar is léar damh ó litreadheacht theagthacha
eile badh thairbheach an rud do'n Ghaedhilg leabhar
maith feallsamhnachta. Deir ughdair linn nach
raibh teanga fheallsamhnacht ag na Francaigh
gur thoisigh Descartes a sgríobhadh; agus gur
sgríobh seisean i dteangaidh shimplidhe so-
thuigseanaigh ar dhóigh gurbh' fhurus d'ughdair ó
sin amach labhairt agus sgríobhadh ar fheall-
samhnacht i bhFraincis. Acht sin mé ag ceist
eile.



Séamus Ó Searcaigh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services