Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Reachtaireacht Chearc
Title
Reachtaireacht Chearc
Author(s)
Ní Dhonnchadha, Cáit,
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Reachtaireacht Chearc. An Chearc Ghuir. Nuair a chromann cearc ar gor gabhann sé le na duthchas í leogaint na suidhe ar nid ubh an tráth sin. Bíonn oireamhaint le gach aon nidh agus is minic nach féidir leogaint le duthchas. An Buff Orpington an cineál circe is fearr chun guir. Is féidir breis is dosaon ubh do chur fuithi san nid agus máthair dhícheallach 'seadh í i gcúram a háil tráth thagann siad amach. Cearc bhreagh mhór bhuidhe 'seadh í gur fiú féachaint uirthi. Tá sí go ciúin mín mar le circ dá méid agus ba bhreagh leat a bheith ag faire uirthi ag fritheálamh agus ag saothar dá hál óg. Éan áluinn go léir 'seadh an coileach, agus is mín modhmhail neamhscáthmhar a dhruidfeadh sé id' threó chun bídh do phiocadh as do láimh dá mbeadh súil aige leis. Féachann sé go breagh de bhárr a mhéid agus áilneacht a chlúimh. Ceithre lá tar éis na n-ubh do chur fé'n gcirc ba cheart iad d'fhéachain agus na huibe neamh- thoracha do thógaint uaithi. Is féidir na huibhe úd do chur i leath taoibh i gcóir bídh d'ainmhidhibh má deintear a dtógaint i gceann ceithre lá tar éis a gcurtha fén gcirc. Má fhágtar fuithi níosa shia iad ní bheidh ionnta acht glugair agus tá's ag an saoghal gur rud ar bheagan tairbhthe an glugar. An té a bhíonn tuiscint a gnó aici beidh fhios aici an t-ubh bheith torthach nó a atharrach. An túisce féachann sí leis an solus ar an uibh beidh a fhios aici sicín do bheith ann má fhéachann an t-ubh go smálach smutach, acht má fhéachann sé glé-ghlan tríd an solas tar éis gor na gceithre lá ní haon cabhair a leogaint fé'n gcirc a thuilleadh, mar ní bheidh sé torthach, agus ní thiocfadh sicín ann go lá an luain. Agus tugann soin scéal eile fé thagairt chugam, gur minic an iomad cearc ag gabháil le haon choileach amháin, sin é fé ndeara na huibhe do bheith neamh-thorrach; ní cóir gan thar deich gcínn de chearcaibh do chur le haon choileach. Mara leogtar do'n chirc suidhe ar nid ubh, seo slighe áirithe chun an gor do ruagadh:— téadán d'fhaghail agus é cheangal de chois na circe. Píosa adhmaid do sháthadh sa talamh agus an ceann eile de'n téad do cheangal di sin. Is féidir do'n chirc siubhal a dheánamh faid an téid as an dtalamh. Ní mór an díoghbháil a dh'imtheóchaidh uirthi í bheith ceangailte mar sin amuigh fén aer agus cead siubhail aici. I gceann lae nó dhó imtheóchaidh an gor uaithi. Deineann a lán daoine í thomadh san uisge nó biadh a chimeád uaithi. Ní ceart i n-aon chor an cor soin do thabhairt uithi agus is náirech an bheart do'n té a dheineann a leithéid ar chirc bhoicht. Seo slighe eile chun í chur bun ós cionn leis an ngor: An chearc do chur na luighe ar téadaibh, gach téad aca tímcheall órlach ó na chéile. Ní mór clúdach do chur ós cionn na circe, ar a dhá taobh agus lastiar di. Cuirtear taobháin ar a haghaidh amach, agus bíodh slighe eatortha soin, i dtreo is go mbeidh faghail aici ar bhiadh nuair a cuirtear ós a comhair é. Cuirtear cloch nó bríce tuairim troigh nó troigh go leith ar aoirde fá gach cúinne de'n chúib d'fhonn is gur féidir é árdach ón dtalamh. Chítear annsoin gur féidir séadán gaoithe do ghabháil fé'n gcirc. Bainfidh soin an teas di. Imtheóchaidh an gor uaithi nuair nach féidir do'n teas a sroiscint. Má's féidir an cúb soin do chimeád amuigh fé'n spéir do b'é b'fhearr é acht is minic nach fuirist soin a dhéanamh. An Beirtheóir nó incúbator. Ní mór le rádh an t-ádhbhar a théidheann i gcúram beirtheóra. Is iomdha cor atá riach- tanach d'fhonn a eolas do chur agus is minic a bheireann stailc é, b'fhéidir an tráth ba lugha uain ag a lucht faireacháin. Acht má's mian le duine gasra sicín do thógaint d'éis an earraigh b'fhéidir gur bh'fhiú léi féin an trioblóid ghabhann le beirtheóir. Ní thagann sé le nádúir an tsicín a thógaint ar an nós soin, ámh. Dá thoisc sin mara dtugtar an aire is dual di ró- mhaith a chúiteoghfar a saothar do dhuine. Cáit Ní Dhonnchadha.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services