Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ceithre Comhairlí
Title
Ceithre Comhairlí
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ceithre Comhairlí. Is fánach an obair a bhíos go minic ar siubhal ag lucht déanta deaghrún. Togruigheann siad nidh do dhéanamh, nó obair do chur díobh ar son an tortha, acht ní shantuigheann siad an toradh sáthach dian; fágann siad lúb ar lár i n-áit eicínt; cliseann an dúthracht ortha i n-am an chruadhtáin, agus bíonn an saothar ar fad i n-aisge. Nó b'fhéidir nach ndéanfaidís blas oibre tar éis na geallamhna do dhéanamh le na gcur i ngníomh. Is iondamhail gur faoi'n am so a bhíonn lucht déanta deaghrún ag tógáil a gceann arís, acht 'sé ar mbaramhail gur fearr dúinn faoi láthair breathnughadh romhainn agus féachaint céard iad na neithe ba chóir dúinn a dhéanamh ná a bheith ar rádh go ndéana- famuid seo is siúd agus gan fios a ndeacrachta againn ar chor ar bith. An chéad nídh go bhfuil riachtanas leis: Faitchíos agus eagla agus ceann faoi do chur dínn. Tá na mílte daoine i nÉirinn a bhfuil suim aca i n-obair na Gaedhilge acht tá faitchíos ortha focal a rádh ina taobh le maighistir sgoile, nó le bainisteóir sgoile, nó le feisire. Ní heol dúinn aon daoirse chomh híseal leis sin. Tá eighreacht ar n-athardha ghá sgriosadh os comhair ar súl agus níl sé de mhisneach againn ar mbéal d'fhosgailt i n-éisteacht na sgriosadóirí. Is iomdha áit ar fud na tíre nár cluineadh sgéal ar dtréithre nó sgéal ar saothair go fóill. Sgáth roimh Ghallaibh nó roimh Ghaedhealaibh meathta, nó easpaidh misnigh agus dúthracht is cionntach leis an bhfaillighe seo. Más cine crodha sinn, má's clann de phór na ngníomh sinn, má's fiú trumpa gan teangain sinn, cuirimís dínn an mío-ádh so, an easpaidh misnigh. Tá fiche bliadhain d'aois ag Connradh na Gaedhilge anois. Tá an Connradh tagtha chun aois feadhma, agus ní bréag a rádh gur hoileadh é “ag duine glic.” Bíodh misneach agus teacht i láthair ag an gConnradh agus ag Gaedhealaibh feasta. An dara nídh atá de dhíth orainn: Ar sgéal do mhíniughadh i mbeagán focal do chách agus in gach uile áit i nÉirinn, agus é do choinneál i gcomhnaidhe os comhair an phobuil. Ná bodhramaois Gaedhil na tuaithe le caint i dtaobh riaghlacha sgoile nó i dtaobh táillí ar son múnadh na Gaedhilge. Déanfaidh siad troid ar son na teangan má gheallamuid dóibh go gcuirfimíd ar a bonnaibh arís í ar ais nó ar éigin, agus nach staonfamuid go dtí go mbéidh Éire Gaedhealach ó'n tSionainn go tráigh ar gach taobh. Éaluighmís an Ghaedhilg in gach sgoil, ar gach altóir, agus ar gach árdán cainte, agus éaluighmís a hionad ceart dí. Tuigfear an sgéal go cruinn má bhíonn ar gcaint soiléir agus faobhar uirthi againn. An tríomhadh nídh: Ní mór dúinn slighe do thabhairt do mhór agus do bheag, d'óg agus do shean, le n-a gcabhair féin do thabhairt dúinn. An áit nach féidir linn an Ghaedhilg do chur ar bun ins na sgoltachaibh ba chóir dúinn an t-aos óg do bhailiughadh le chéile i gCumann na hÓige le stair agus rinnce agus ceol d'fhoghluim. Ba cheart an síol do chur agus leigint dó bheith ag borradh aníos. San áit nach féidir linn daoine fásta do chur ag foghluim Gaedhilge ba chóir dúinn leabharlann de leabhraibh Éireannacha do sholáthar dóibh; ba chóir dúinn iad do chur ag bualadh báire nó ag imirt peile, agus ag seinnm ceoil. B'aoibhinn linn buidhean phíobairí do bheith in gach pobul sa tír. Ní hí an Ghaedhilg atá uainn, acht Éire Ghaedealach agus í faoi bhláth. Tá dul amudha mór ar chuid againn i gConnradh na Gaedhilge le goirid. Tá na daoine is fearr chun troda dá bhfuil againn ag caitheamh ar ndúthrachta ag múnadh Gaedhilge .i. ag déanamh oibre na sgol agus na gcoláistí. Na daoine seo a ghabh de láimh an obair mhúinteoir- achta do dhéanamh níor cuireadh daoine eile ina n-áit sa gcath, agus tá faobhar an chatha maoluighthe mar gheall air sin. Cuimhnighmís gur le troid do dhéanamh agus le cath do chur ar Ghallaibh atá an Connradh ann. Coinnighimís an Connradh láidir chun troda, nó buadhfar orainn. Bímíd sásta go minic le rang beag d'aosógaibh san áit 'nar chóir dúinn craobh láidir do chur ag síolrughadh Gaedhealachais. Níor eirigh le haon ghluaiseacht ariamh gan daoine seasmhacha a bheith ag cuidiughadh léi. Ba mhaith le dream beag sa gConnradh gach aon duine nach bhfuil Gaedhilg aige do choinneál taobh amuich dár gcumann. Níl aon chiall aca sa nídh sin. Is treise sinn ar gcoimh-Éireannaigh do bheith linn, agus mara mbéidh siad-san linn agus ar aon bharamhail linn is baoghlach nach mbéidh a gclann linn. Fáth eile fós: Tá am na contabhairte ag teacht. Ní daoine atá ceaptha le bheith os cionn oideachais faoi Hóm Rúl is fuath leo na daoine nach bhfuil go humhal dóibh féin agus brúighfidh siad sinn-ne faoi chois mara mbéidh cóir troda orainn rompa agus neart bailighthe againn. Deirtear go minic go bhfuil muintir na Gaedhilge árduighthe dá dtreoir le goirid. Is fíor go bhfuil cuid mhaith aca árduighthe de'n treoir troda. Tá an obair ag déanamh buadhartha dóibh. Tá an faobhar imthighthe díobh. Tá gliodar na gclaidheamh imthighthe as a gcuimhne. Meabhruigheann sé sin dúinn an ceathramhadh nídh: Connradh faobhrach chun troda do dhéanamh de Chonnradh na Gaedhilge. Chídhtear dúinn go bhfuil géarghádh leis an gceithre comhairlí seo atá molta againn.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services