Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ceithre Comhairlí

Title
Ceithre Comhairlí
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ceithre Comhairlí.



Is fánach an obair a bhíos go minic ar siubhal
ag lucht déanta deaghrún. Togruigheann siad
nidh do dhéanamh, nó obair do chur díobh ar son
an tortha, acht ní shantuigheann siad an toradh
sáthach dian; fágann siad lúb ar lár i n-áit
eicínt; cliseann an dúthracht ortha i n-am an
chruadhtáin, agus bíonn an saothar ar fad i
n-aisge. Nó b'fhéidir nach ndéanfaidís blas
oibre tar éis na geallamhna do dhéanamh le na
gcur i ngníomh. Is iondamhail gur faoi'n am
so a bhíonn lucht déanta deaghrún ag tógáil a
gceann arís, acht 'sé ar mbaramhail gur fearr
dúinn faoi láthair breathnughadh romhainn agus
féachaint céard iad na neithe ba chóir
dúinn a dhéanamh ná a bheith ar rádh go ndéana-
famuid seo is siúd agus gan fios a ndeacrachta
againn ar chor ar bith.



An chéad nídh go bhfuil riachtanas leis:
Faitchíos agus eagla agus ceann faoi do chur
dínn. Tá na mílte daoine i nÉirinn a bhfuil
suim aca i n-obair na Gaedhilge acht tá faitchíos
ortha focal a rádh ina taobh le maighistir sgoile,
nó le bainisteóir sgoile, nó le feisire. Ní
heol dúinn aon daoirse chomh híseal leis sin.
Tá eighreacht ar n-athardha ghá sgriosadh os comhair
ar súl agus níl sé de mhisneach againn ar mbéal
d'fhosgailt i n-éisteacht na sgriosadóirí. Is
iomdha áit ar fud na tíre nár cluineadh sgéal
ar dtréithre nó sgéal ar saothair go fóill.
Sgáth roimh Ghallaibh nó roimh Ghaedhealaibh meathta,
nó easpaidh misnigh agus dúthracht is cionntach
leis an bhfaillighe seo. Más cine crodha sinn,
má's clann de phór na ngníomh sinn, má's fiú
trumpa gan teangain sinn, cuirimís dínn
an mío-ádh so, an easpaidh misnigh. Tá fiche
bliadhain d'aois ag Connradh na Gaedhilge anois.
Tá an Connradh tagtha chun aois feadhma,
agus ní bréag a rádh gur hoileadh é “ag duine
glic.” Bíodh misneach agus teacht i láthair ag an
gConnradh agus ag Gaedhealaibh feasta.



An dara nídh atá de dhíth orainn: Ar sgéal
do mhíniughadh i mbeagán focal do chách agus
in gach uile áit i nÉirinn, agus é do choinneál
i gcomhnaidhe os comhair an phobuil. Ná
bodhramaois Gaedhil na tuaithe le caint i dtaobh
riaghlacha sgoile nó i dtaobh táillí ar son
múnadh na Gaedhilge. Déanfaidh siad troid
ar son na teangan má gheallamuid dóibh go
gcuirfimíd ar a bonnaibh arís í ar ais nó ar
éigin, agus nach staonfamuid go dtí go mbéidh
Éire Gaedhealach ó'n tSionainn go tráigh ar
gach taobh. Éaluighmís an Ghaedhilg in gach sgoil,
ar gach altóir, agus ar gach árdán cainte, agus
éaluighmís a hionad ceart dí. Tuigfear an
sgéal go cruinn má bhíonn ar gcaint soiléir
agus faobhar uirthi againn.



An tríomhadh nídh: Ní mór dúinn slighe do
thabhairt do mhór agus do bheag, d'óg agus do
shean, le n-a gcabhair féin do thabhairt dúinn. An
áit nach féidir linn an Ghaedhilg do chur ar bun
ins na sgoltachaibh ba chóir dúinn an t-aos óg
do bhailiughadh le chéile i gCumann na hÓige le
stair agus rinnce agus ceol d'fhoghluim. Ba
cheart an síol do chur agus leigint dó bheith ag
borradh aníos. San áit nach féidir linn daoine
fásta do chur ag foghluim Gaedhilge ba chóir
dúinn leabharlann de leabhraibh Éireannacha
do sholáthar dóibh; ba chóir dúinn iad do chur
ag bualadh báire nó ag imirt peile, agus ag
seinnm ceoil. B'aoibhinn linn buidhean phíobairí
do bheith in gach pobul sa tír. Ní hí an Ghaedhilg
atá uainn, acht Éire Ghaedealach agus í faoi
bhláth. Tá dul amudha mór ar chuid againn
i gConnradh na Gaedhilge le goirid. Tá
na daoine is fearr chun troda dá bhfuil againn
ag caitheamh ar ndúthrachta ag múnadh Gaedhilge
.i. ag déanamh oibre na sgol agus na gcoláistí.
Na daoine seo a ghabh de láimh an obair mhúinteoir-
achta do dhéanamh níor cuireadh daoine eile ina
n-áit sa gcath, agus tá faobhar an chatha maoluighthe
mar gheall air sin. Cuimhnighmís gur le troid
do dhéanamh agus le cath do chur ar Ghallaibh
atá an Connradh ann. Coinnighimís an Connradh
láidir chun troda, nó buadhfar orainn. Bímíd
sásta go minic le rang beag d'aosógaibh san
áit 'nar chóir dúinn craobh láidir do chur ag
síolrughadh Gaedhealachais. Níor eirigh le haon
ghluaiseacht ariamh gan daoine seasmhacha a bheith
ag cuidiughadh léi. Ba mhaith le dream beag
sa gConnradh gach aon duine nach bhfuil Gaedhilg
aige do choinneál taobh amuich dár gcumann.
Níl aon chiall aca sa nídh sin. Is treise sinn ar
gcoimh-Éireannaigh do bheith linn, agus mara
mbéidh siad-san linn agus ar aon bharamhail linn
is baoghlach nach mbéidh a gclann linn. Fáth
eile fós: Tá am na contabhairte ag teacht. Ní
daoine atá ceaptha le bheith os cionn oideachais
faoi Hóm Rúl is fuath leo na daoine nach
bhfuil go humhal dóibh féin agus brúighfidh siad
sinn-ne faoi chois mara mbéidh cóir troda orainn
rompa agus neart bailighthe againn. Deirtear
go minic go bhfuil muintir na Gaedhilge
árduighthe dá dtreoir le goirid. Is fíor go bhfuil
cuid mhaith aca árduighthe de'n treoir troda. Tá
an obair ag déanamh buadhartha dóibh. Tá an
faobhar imthighthe díobh. Tá gliodar na
gclaidheamh imthighthe as a gcuimhne.



Meabhruigheann sé sin dúinn an ceathramhadh
nídh: Connradh faobhrach chun troda do dhéanamh
de Chonnradh na Gaedhilge.



Chídhtear dúinn go bhfuil géarghádh leis an
gceithre comhairlí seo atá molta againn.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services