Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An t-Am So Arís
Title
An t-Am So Arís
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An t-Am So Arís An chéad uan a chídhfeas muintir na tuaithe ar na bántaibh 'dhéarfaidh siad go dúthrachtach: “go mbeiridh beo ar an am so arís.” Sean- ghuidhe ag Gaedhealaibh an ghuidhe sin. Tá bliadhain eile imthighthe chun deiridh beagnach agus tá nuaibhliadhain chugainn. Béarfaidh Connradh na Gaedhilge ar an am so arís, le cuidiughadh an Ríogh, acht ní bhéidh sinn sásta muna mbeidh láidreacht agus fuinneamh ionainn thar mar tá fá láthair, agus muna mbéidh meas ag muintir Éireann ar an nGaedhilg thar mar tá fá láthair, agus muna mbeidh eagla ar náimhdibh Ghaedheal thar mar atá ortha fá láthair. Téidheann an óige i láidreacht i n-aghaidh an lae. Tá snuadh na hóige ar an gConnradh go fóill agus ba chóir go mbeadh sinn ag bailiughadh nirt leis an aimsir. Ba chóir go mbeadh sinn ag cur greim níos daingne sa talamh. Ba chóir go mbeadh obair na Gaedhilge curtha go maith ar aghaidh againn i n-áiteannaibh a bhfuil sí ar deireadh anois. Féachamaois chuige agus béidhmid níos láidre fa'n am so arís. Tá mórán comhairle le fagháil againn, acht níl maitheas le comhairle gan congnamh. Congnamh chun ar n-obair do chur ar aghaidh do thabhairt dúinn, sin é an t-aon bhealach amháin leis an Ghaedhilg do bhuanadh agus leis na dlighthe agus na riaghlacha atá ag milleadh fa'n nGaedhilg do chur ar neamh-nídh. Tá comhairle ar leasa againn ó'n Árdfheis. Is leor dúinn an chomhairle sin fe láthair. Tá sé thar am againn féachaint leis an gcomhairle sin do chur i ngníomh. Socruigheadh ag an gcruinniughadh do tionóladh ag Coiste na Timthireachta Dia Sathairn go mbéidh ar gach Timthire Gaedhilge trí mór-chruinnighthe do chur ar bun roimh Lá Bealtaine le comhairle na hÁrdfheise do chraobhscaoileadh, agus le neart do bhailiughadh do ghluaiseacht na Gaedhilge. Níl aon chomhacht i nÉirinn chomh láidir le aigne na ndaoine. Muna bhfaghaidh siad teagasg ní ghabhfaidh siad de láimh go deo an teanga do phréamhughadh sa tír. Tá slighe ceaptha anois ag Coiste na Timthireachta chun na ndaoine do theagasg, agus na Gaedhil a bhfuil a gcroidhthe sáidhte sa ' teangain ba chóir dóibh teacht le cabhrughadh agus le neartughadh linn. Tá an tÁrdrúnaire tar éis sgéal do chur ag triall ar leathchéad craobh a rádh leo gur mhian leis an gCoiste Gnótha cabhair do thabairt do chraobhachaibh chun obair bhrostuighthe do dhéanamh. Ná leigidís na craobhacha an sgéal thar a gcluasaibh. Rinneadh obair mhaith ag cruinniughadh míosamhail an Choiste Gnótha do tionóladh Dia Sathairn. Roinneadh airgead do'n Ghaedhealtacht le muintir taistil do chur ag obair. Socruigheadh toscaireacht do chur go dtí an tOiléan Úr le cur i n-aghaidh na cánach cosanta atá anois dá bhaint d'iasg Éireannach ag Riaghaltas na Stát. Cuireadh coiste ar bun le comhairle do cheapadh i dtaobh coistí cúigí le haghaidh obair na Gaedhilge. Socruigheadh go mbéidh an tOireachtas i nGaillimh an tseachtmhain idir Iúl 28adh agus Lughnasa 2adh. Dubhramar atá seachmhain ó shoin nach bhfuil maitheas dá laighead i gcomhairle gan troid do dhéanamh chun an chomhairle do chur i ngníomh. Deirimid an nidh céadna arís. Muna ndéantar troid dian sa mbliadhain atá chugainn is ar deireadh a bhéas obair na Gaedhilge i n-áit bheith curtha chun tosaighthe. Déantar an troid innus go mbéarfaidh an t-am so arís ar an nGaedhilg 'na beatha, agus má dhéantar, chídhfear an lá ag dul i ngile do Chaitlín.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services