Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An t-Am So Arís

Title
An t-Am So Arís
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An t-Am So Arís



An chéad uan a chídhfeas muintir na tuaithe
ar na bántaibh 'dhéarfaidh siad go dúthrachtach:
“go mbeiridh beo ar an am so arís.” Sean-
ghuidhe ag Gaedhealaibh an ghuidhe sin. Tá
bliadhain eile imthighthe chun deiridh beagnach agus
tá nuaibhliadhain chugainn. Béarfaidh Connradh
na Gaedhilge ar an am so arís, le cuidiughadh
an Ríogh, acht ní bhéidh sinn sásta muna mbeidh
láidreacht agus fuinneamh ionainn thar mar tá
fá láthair, agus muna mbéidh meas ag muintir
Éireann ar an nGaedhilg thar mar tá fá láthair,
agus muna mbeidh eagla ar náimhdibh Ghaedheal
thar mar atá ortha fá láthair. Téidheann an óige
i láidreacht i n-aghaidh an lae. Tá snuadh na
hóige ar an gConnradh go fóill agus ba chóir
go mbeadh sinn ag bailiughadh nirt leis an
aimsir. Ba chóir go mbeadh sinn ag cur greim
níos daingne sa talamh. Ba chóir go mbeadh
obair na Gaedhilge curtha go maith ar aghaidh
againn i n-áiteannaibh a bhfuil sí ar deireadh
anois. Féachamaois chuige agus béidhmid níos
láidre fa'n am so arís. Tá mórán comhairle
le fagháil againn, acht níl maitheas le comhairle
gan congnamh. Congnamh chun ar n-obair do
chur ar aghaidh do thabhairt dúinn, sin é an t-aon
bhealach amháin leis an Ghaedhilg do bhuanadh agus
leis na dlighthe agus na riaghlacha atá ag milleadh
fa'n nGaedhilg do chur ar neamh-nídh. Tá comhairle
ar leasa againn ó'n Árdfheis. Is leor dúinn
an chomhairle sin fe láthair. Tá sé thar am againn
féachaint leis an gcomhairle sin do chur i ngníomh.
Socruigheadh ag an gcruinniughadh do tionóladh
ag Coiste na Timthireachta Dia Sathairn go mbéidh
ar gach Timthire Gaedhilge trí mór-chruinnighthe
do chur ar bun roimh Lá Bealtaine le comhairle
na hÁrdfheise do chraobhscaoileadh, agus le neart
do bhailiughadh do ghluaiseacht na Gaedhilge.
Níl aon chomhacht i nÉirinn chomh láidir le aigne
na ndaoine. Muna bhfaghaidh siad teagasg ní
ghabhfaidh siad de láimh go deo an teanga do
phréamhughadh sa tír. Tá slighe ceaptha anois ag
Coiste na Timthireachta chun na ndaoine do
theagasg, agus na Gaedhil a bhfuil a gcroidhthe
sáidhte sa ' teangain ba chóir dóibh teacht le
cabhrughadh agus le neartughadh linn. Tá an
tÁrdrúnaire tar éis sgéal do chur ag triall
ar leathchéad craobh a rádh leo gur mhian leis an
gCoiste Gnótha cabhair do thabairt do
chraobhachaibh chun obair bhrostuighthe do dhéanamh.
Ná leigidís na craobhacha an sgéal thar a
gcluasaibh. Rinneadh obair mhaith ag cruinniughadh
míosamhail an Choiste Gnótha do tionóladh Dia
Sathairn. Roinneadh airgead do'n Ghaedhealtacht
le muintir taistil do chur ag obair.
Socruigheadh toscaireacht do chur go dtí an
tOiléan Úr le cur i n-aghaidh na cánach cosanta
atá anois dá bhaint d'iasg Éireannach ag
Riaghaltas na Stát. Cuireadh coiste ar bun le
comhairle do cheapadh i dtaobh coistí cúigí le
haghaidh obair na Gaedhilge. Socruigheadh go
mbéidh an tOireachtas i nGaillimh an tseachtmhain
idir Iúl 28adh agus Lughnasa 2adh.



Dubhramar atá seachmhain ó shoin nach bhfuil
maitheas dá laighead i gcomhairle gan troid do
dhéanamh chun an chomhairle do chur i ngníomh.
Deirimid an nidh céadna arís. Muna ndéantar
troid dian sa mbliadhain atá chugainn is ar
deireadh a bhéas obair na Gaedhilge i n-áit bheith
curtha chun tosaighthe. Déantar an troid innus
go mbéarfaidh an t-am so arís ar an nGaedhilg
'na beatha, agus má dhéantar, chídhfear an lá ag
dul i ngile do Chaitlín.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services