Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Reachtaireacht Chearc
Title
Reachtaireacht Chearc
Author(s)
Ní Dhonnchadha, Cait,
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Reachtaireacht Chearc. Cad iad na héanlaithe circe is fearr le haghaidh bídh? Tá trí cinn dá gcineálaibh nach miste a luadh ann, An Dorcing, Indian Game agus Old English Game. Éan ar fheabhas 'seadh an Dorcing. Tá déanamh maith uirthi agus dá ndéanfaí a fuil a mheascadh le fuil an Indian Game d'oirfeadh sí go maith chun ramharuighthe le haghaidh an mhargaidh. I n-aois a dá bhliadhan go leith sin é an uair gur cheart an chearc do mharbhughadh nuair a bhíonn áth-fhás ag teacht ar a clúmh. Tá an chuid is fearr dá ré caithte aici i gceann na haimsire sin agus beidh an fheóil ag dul chun dirigh innti mar adhbhar bídh as son amach. An túisce marbhuightear an chearc badh cheart an clúmh do bhaint di an fhaid d'fhanann an teas innti. Mara deintear soin is deacair a dhéanamh le haon tslacht an tráth imthigheann fuaire an bháis uirthi. Tá slighe áirithe chun a marbhuighthe agus badh cheart a heolas do chur d'fhonn is go mbainfidhe an t-anam aistí agus gan acht an pionós is lugha dá breith le na dhéanta. Ceangluightear na cos dá chéile go daingean ar dtúis. Beirtear annsoin ar láimh chlé ar cheann na circe agus baintear casadh go tapaidh agus go haicilidhe as an muinéal leis an láimh dheis. Is mór an déirc an chearc bhocht do chur chun báis ar an nós soin seachas an marbhughadh náireach d'imiruightear uirthi uaireannta. Ní hannamh a chítear an duine ar aineolas na slighe sin, scian mhaol na láimh aici i lár an urláir, í ag gearradh agus ag státhadh go dtí go stracann sí an ceann ó cholainn na circe. Bíonn an chearc bhocht annsoin ar an úrlár ag stracadh leis an mbás, í ag léimrigh agus ag únfairt, fuil a croidhe dá tabhairt aici fé'n gcéasadh a tugadh di. Truagh chroidhe le haon Chríostuidhe bheith ag féachaint uirthi. Is baoghalach go bhfuil an obair náireach seo ró- choitchianta fós i gceanntaraibh áirthithe cé gur fada anois ag guth na Críostuidheachta ag labhairt nár measc. An Chearc Breith. Mo chomhairle do na daoinibh atá ag cuimh- neamh ar ghabháil le tógaint chearc: gan acht an cineál is oireamhnaidhe do thoghadh an chéad lá. Gabhann tréithe fé leith le gach treibh agus ní fuláir eolas do chur ar na tréithibh sin sara a ndéanfar an toghadh. Is fuirist é sin a dhéanamh an té théidheann na bhun i gceart. Cuir i gcás go mbeadh duine ann go mbeadh áit chumhang aici i gcóir chearc, 'sé is dóichighe go mbeadh cuid de na héanaibh istigh sa chró aici ó am go ham, agus má bhídh, is i ndorchadas a bheidh siad. 'Sí an Minorca an treabh is fearr fhuilingeann an cumgar slighe agus doircheacht an chró. Is maith an chearc chun breith í agus is annamh a thagann fonn guir ar cheann aca. Cearc mhaith chun breith an Leghorn tráth is gur féidir léi cur suas le fuacht agus le cruadhas doininne, agus is annamh ná cuirtear i n-aon ghaor leis an Mionarca í. Ghabhann sé de dhuthchas an Plymouth Rock, Wyandotte, Orpington, Hondan, Faveroller agus an Sussex a bheith go maith chun breith i gcaitheamh an gheimhridh. Ní hannamh a cloistear gearán, amh, nach ar fonganamh i n-aon chor a dh'oireann cuid des na héanlaithibh, atá luaidhte agam, don tí seo, is deir na seaniúndúirí gur bhfearr a raghadh sé chun leasa an gnótha dá bhféadfaidhe an tseanfhuil a mheascadh leis an bhfuil nua. Galar coitchianta i measc na gcearc, bogán dá mbreith aca. Is gnáth dá thrúig leis an ngalar soin agus is fuirist iad do leigheas. An iomad bídh agus é ró-bhog dá chaitheamh ag na cearcaibh is minicidhe fé ndeara na bogáin. Ní gádh acht atharrughadh bídh den tsaghas cheart do sholáthar dóibh chun é sin do leigheas. Minic a ráinigheann i gcúrsaí siubhail na circe ná beir- eann sí ar a sáith de bhiadh oireamhnach d'fhonn clúdach cruaidh do sholáthar dá hubh. Chuige sin ní mór earraí fé leith do chur na treó; cuir i gcás gairbhéal, nó gainimh, nó aol. Ní ró-mhaith d'oireann don chirc min bhuidhe d'fhagháil mar adhbhar bídh, cé gur b'é an biadh is coitchianta dá fhagháil aici. Do b'fhearr di beagán arbhar bhruighte agus cruinneachta gach re lá, agus má bhíonn fagháil ar bláthaigh nó bainne ramhar, nó bainne ón deighiltheóir ba cheart a bheag nó a mhór díobh a mheascadh sa bhiadh di. Cait Ní Dhonnchadha.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services